Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Deireadh Fómhair 11, 2021

An líomhain a bhí ann ná gur ciontaíodh múinteoir cláraithe sa Chúirt Choiriúil Chuarda ar dhá chúiseamh de chion intriailte ar díotáil, is é sin truailliú linbh faoi bhun 17 mbliana d’aois. Cruthaíodh an líomhain.

Chinn an Painéal den Choiste Araíonachta ainm an mhúinteora a bhaint de Chlár na Múinteoirí agus nach mbeadh an múinteoir i dteideal iarratas a dhéanamh le bheith curtha ar ais ar an gclár, faoi alt 31 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015, roimh an tréimhse éaga de dheich mbliana.

Dheimhnigh an Ard-Chúirt cinneadh Phainéal an Choiste Araíonachta ar an 25 Lúnasa 2021.