Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Deireadh Fómhair 09, 2023

Chinn Painéal an Choiste Smachta, a rinne an fiosrúchán, gur cruthaíodh an líomhain, a bhain le ciontú an mhúinteora chláraithe i gcion is intriailte ar díotáil, is é sin ciapadh contrártha d’Alt 10(1) agus (6) den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997.

Chinn an Painéal an múinteoir cláraithe a cháineadh i scríbhinn.