Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Márta 06, 2023

Cruthaíodh na líomhaintí seo a leanas:

Gur chruthaigh an múinteoir go calaoiseach, mar seo a leanas:

  1. Chuir sí foirm de chuid na Comhairle Múinteoireachta faoi bhráid na Comhairle Múinteoireachta (Foirm: PPQA-01) dar teideal Iarratas chun Clárú agus Measúnú na gCáilíochtaí dátaithe ón 6 Meán Fómhair 2019 agus fuair an Chomhairle Mhúinteoireachta í ar an nó timpeall an 6 Meán Fómhair 2019, inar léirigh sí go raibh cáilíocht fho-chéime ainmnithe bainte amach aici, ó ollscoil sa Ríocht Aontaithe, nuair a bhí a fhios aici nárbh amhlaidh an scéal é; agus/nó
  2. Chruthaigh sí teastas bréagach ag maíomh gur tháinig sé ón Roinn Oideachais (Sasana), ag dearbhú go raibh “stádas mar mhúinteoir cáilithe” aici ó dháta sa bhliain 2012; agus/nó
  3. Ar an nó timpeall an 22 Deireadh Fómhair 2019, sheol sí ríomhphoist chuig an gComhairle Mhúinteoireachta leis an teastas bréagach a dhéantar tagairt dó i líomhain 2 thuas faoi iamh, ar dhearbhaigh an teastas go raibh “stádas mar mhúinteoir cáilithe” aici ó dháta sa bhliain 2012, nuair a bhí a fhios aici nárbh amhlaidh an scéal é; agus/nó
  4. Ar an nó timpeall an 25 Meitheamh 2019, chuir sí iarratas isteach ar phost múinteoireachta iar-bhunscoile laistigh den Stát agus ar an dóigh seo, léirigh sí;
    1. go raibh sí cáilithe chun dhá ábhar curaclaim ainmnithe a mhúineadh, nuair a bhí a fhios aici nárbh amhlaidh an scéal é; agus/nó
    2. go raibh sí cláraithe faoi “Idir Rialachán 4 agus Rialachán 5” Rialacháin Chlárú um Chomhairle Mhúinteoireachta, i gcúinsí nua ina raibh a fhios aici nárbh amhlaidh an scéal é agus nach raibh sí cláraithe faoi Rialachán 4 (Iarbhunscoil); agus/nó
    3. go raibh cáilíocht chéime ainmnithe aici ó ollscoil sa Ríocht Aontaithe, nuair a bhí a fhios aige nárbh amhlaidh an scéal é; agus/nó
    4. go raibh an fhaisnéis a cuireadh ar fáil i ngach cuid den fhoirm iarratais fíor agus cruinn, nuair a bhí a fhios aige nárbh amhlaidh an scéal é; agus/nó
  5. Chruthaigh sí cáipéis ag maíomh go bréagach gur phár na céime ó ollscoil sa Ríocht Aontaithe a bhí ann, ag dearbhú gur bronnadh cáilíocht chéime ainmnithe uirthi ar an 31 Iúil 2013, agus/nó
  6. Ar an nó timpeall an 31 Deireadh Fómhair 2019, sheol sí ríomhphost chuig fostóir laistigh den Stát leis an gcáipéis a bhí cruthaithe go bréagach faoi iamh, ag maíomh gur phár na céime ó ollscoil sa Ríocht Aontaithe a bhí ann, mar a dhéantar tagairt dó i líomhain 5 thuas.

Shocraigh an Painéal gurbh ionann gach ceann de na líomhaintí cruthaithe thuas a glacadh ina n-aonar agus mí-iompar gairmiúil. Chomh maith leis sin, shocraigh an Painéal gurbh ionann na líomhaintí, a glacadh go carnach nó i dteannta a chéile, agus mí-iompar gairmiúil.

Fuair an Painéal torthaí maidir le sárú ar an gCód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí 2 eagrán nuashonraithe, 2016, (“an Cód”) freisin, mar seo a leanas:

  • Is ionann líomhaintí agus fo-líomhaintí 1-6 san áireamh, thuas, ina n-aonar, i dteannta a chéile nó go carnach, agus sarú/sarúithe ar Alt 2.1 an Chóid, a luann “gur chóir do mhúinteoirí iad féin a iompar le macántacht agus ionrachas i ngach uile gné dá gcuid oibre”
  • Is ionann líomhaintí agus fo-líomhaintí 1-6 san áireamh, thuas, ina n-aonar, i dteannta a chéile nó go carnach, agus sarú/sarúithe ar Alt 3.1 an Chóid, a luann “gur chóir do mhúinteoirí cloí le cáil agus seasamh na gairme”
  • Is ionann líomhaintí agus fo-líomhaintí 1, 3, 4(a) – (d) agus 6 san áireamh, thuas, ina n-aonar, i dteannta a chéile nó go carnach, agus sárú/sáruithe ar Alt 2.3 an Chóid a luann “gur chóir do mhúinteoirí iad féin, a stádas gairmiúil, a gcáilíochtaí agus a dtaithí go macánta”

I ndiaidh an Fhiosrúcháin, shocraigh Painéal an Choiste Smachta ainm an mhúinteora cháilithe a bhaint ó chlár na múinteoirí agus shocraigh siad nach mbeadh an múinteoir cáilithe incháilithe iarratas a chur isteach chun a bheith ar ais ar an gclár arís, faoi Chuid 31 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015, roimh éag tréimhse cúig bliana.

Dhearbhaigh an Ard-Chúirt cinneadh Painéil an Choiste Smachta ar an 12 Nollaig 2022 agus cuireadh an smachtbhanna i bhfeidhm.