Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Márta 07, 2022

Chinn an Painéal gur cruthaíodh na líomhaintí mar fhiríc.

Tá achoimre ar na líomhaintí mar seo a leanas: Gur ciontaíodh Cian Cooney, agus é mar mhúinteoir cláraithe, ar an 24 Eanáir 2020 agus ar an 26 Bealtaine 2020, ar líon cionta intriailte ar díotáil agus in aghaidh an Achta um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006 agus an Achta um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998, arna leasú ag alt 6 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007, agus arna chur ina áit ag alt 3(2) den Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008, mar atá mar seo a leanas:

  • Naoi gcúiseamh de pháirt a ghlacadh i ngníomh gnéis le leanbh a bhí faoi bhun 15 bliana d’aois ar dhátaí éagsúla i rith na tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2013 go dtí an 31 Nollaig 2013. Bhain ocht gcúiseamh agus na naoi gcúiseamh le caidreamh collaí.
  • Dhá chúiseamh de dhúshaothrú gnéasach a dhéanamh ar leanbh i rith na tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2013 go dtí an 31 Nollaig 2013.

Tar éis an fhiosrúcháin, chinn an Painéal den Choiste Araíonachta ainm an mhúinteora a bhaint de chlár na múinteoirí agus cinneadh nach mbeadh an múinteoir i dteideal iarratas a dhéanamh le bheith curtha ar ais ar an gclár, faoi alt 31 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015, roimh an tréimhse éaga de thríocha bliain.

Dheimhnigh an Ard-Chúirt cinneadh Phainéal an Choiste Araíonachta ar an 24 Eanáir 2022.

Dáta an Fhógra: an 07 Márta 2022