Aistrigh:
Gaeilge
English

Eolas d'Iarrthóirí

Is fostóir comhdheiseanna í an Chomhairle Mhúinteoireachta agus is ar bhonn fiúntais a mheasfar gach iarratas ar fhostaíocht. Fáiltíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu, beag beann ar chreideamh, inscne, míchumas, cine, tuairim pholaitiúil, aois, stádas pósta, gnéaschlaonadh, nó cibé an bhfuil cleithiúnaithe acu nó nach bhfuil.

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus cuireann sí fáilte roimh iarrthóirí atá cumasach sa Ghaeilge, nó a bhfuil spéis acu cur lena gcumas sa Ghaeilge.

Tabhair faoi deara: Reáchtálfar agallaimh don phost seo go pearsanta in oifigí na Comhairle Mhúinteoireachta i Lúnasa/Meán Fómhair 2024. 

Cúlra

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta rialtóir ghairm na múinteoireachta in Éirinn. Is é an ról atá againn ná an pobal a chosaint trí chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú.

Déanaimid é seo trí mhúinteoirí a chlárú go reachtúil, rud a chinntíonn gairm mhúinteoireachta ardcháilithe, a chomhlíonann agus a chloíonn gach ball le caighdeáin arda ghairmiúla inniúlachta agus iompair.

Cuimsíonn príomhfheidhmeanna na Comhairle Múinteoireachta (agus níl siad teoranta dóibh seo a leanas):

  • Freagracht as clár a choinneáil de mhúinteoirí cáilithe agus grinnfhiosraithe in Éirinn. Cinntíonn sé seo go gcomhlíonann múinteoirí na ceanglais cháilíochta, caighdeáin, inniúlachtaí agus carachtair riachtanacha don chlárú.
  • Caighdeáin arda do mhúinteoirí in Éirinn a bhunú agus tacú leo. Leagann an Chomhairle síos caighdeáin do mhúinteoirí le linn a dtréimhse gairme iomlán, le treoirlínte agus cóid a bhaineann lena n-iompar gairmiúil, eolas, scil agus inniúlacht san áireamh.
  • Cáilíocht na gclár oideachais tosaigh múinteoirí a sholáthraíonn institiúidí ardoideachais in Éirinn a chinntiú. Áirítear leis seo próisis athbhreithnithe agus creidiúnaithe chun ardchaighdeáin oideachais tosaigh múinteoirí a choinneáil, rud a chuireann le caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa tír.
  • Caighdeáin a bhunú chun treoir a thabhairt agus tacú le próisis ionduchtaithe atá riachtanach ar bhonn reachtúil agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do mhúinteoirí cláraithe. Cruthaíonn sé seo tagarmharcanna córasacha a thacaíonn leis na céimeanna tosaigh de ghairm bheatha an mhúinteora agus spreagann sé foghlaim ghairmiúil leanúnach ar feadh a
  • Taighde a choimisiúnú agus a sheoladh, agus sonraí agus fianaise a úsáid chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht agus forbairt beartais. Soláthraíonn sé seo moltaí atá bunaithe ar fhianaise agus cuireann sé leis an bplé ar bheartais, cleachtais agus athchóirithe oideachais, d’fhonn ardchaighdeáin a chinntiú i ngairm na múinteoireachta.

Déanaimid é seo ar mhaithe le córas scoile lena n-áirítear breis agus 123,500 múinteoir cláraithe, beagnach 4,000 scoil, agus daltaí agus foghlaimeoirí ar fud na n-earnálacha bunoideachais, iar- bhunoideachais agus breisoideachais.

Cruthóidh an Chomhairle Mhúinteoireachta painéal de Chomhlaigh den Chomhairle Mhúinteoireachta d’fholúntais a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo. Ní mór do gach iarratasóir ar ról Comhlach na critéir ghearrliostaithe seo a leanas a chomhlíonadh:

  • A bheith incháilithe le dul ar iasacht de réir Ciorclán ábhartha na Roinne Oideachais, 0029/2018 faoi láthair.

Suíomh

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta lonnaithe ina hoifigí i gCampas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Táthar ag súil go mbeidh iarratasóirí rathúla lonnaithe i Maigh Nuad. Mar sin féin, tá an Chomhairle tar éis prótacal oibre cumaisc a fhorbairt de réir an Chreat Beartais don Obair Chumaisc in Eagraíochtaí Státseirbhíse. Féadfaidh fostaithe iarratas a dhéanamh ar shocrú oibre cumaisc de réir riachtanas eagraíochtúil.

Ó am go chéile d’fhéadfadh go mbeadh ar Chomhlaigh a bheith solúbtha agus taisteal go dtí, agus oibriú i gcodanna éagsúla den tír. Sampla de seo is ea freastal ar imeachtaí éagsúla nó comhdhálacha ar fud na tíre

Beidh ar iarrthóirí rathúla a modh iompair féin a bheith acu agus ceadúnas tiomána iomlán a bheith acu agus a choinneáil.

Beidh feidhm ag rátaí taistil agus cothabhála na seirbhíse poiblí agus ríomhfar iad ó oifig na Comhairle Múinteoireachta, nó ón mbaile de réir mar is cuí.

Cur síos ar an bpost

Féadfar comhlaigh a chuir chun obair in aon rannóg den Chomhairle, cé gur dócha go mbeidh siad ag díriú ar obair atá bainteach le Beartas & Cumarsáid go háirithe, lena n-áirítear na réimsí oideachas tosaigh mhúinteoirí, ionduchtaithe agus foghlaim ar feadh an tsaoil múinteoirí, taighde agus cumarsáid. Tacaíonn siad le foireann bhuan na Comhairle, agus déanann siad, go hiondúil, raon tascanna, lena n-áirítear sna réimsí seo a leanas:

  • Próisis chomhairliúcháin le múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile ar réimsí beartais a bhaineann le hoideachas tosaigh mhúinteoirí (Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Mhúinteoirí), Ionduchtú (Droichead) agus Foghlaim Múinteoirí (Cosán).
  • Áireofar leis seo, inter alia:
    • Bailiú sonraí agus anailís a dhéanamh mar chuid d’athbhreithnithe
    • Tuarascálacha, cruinnithe faisnéise agus cur i láthair a ullmhú chun torthaí agus moltaí a chur in iúl.
    • Idirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara seachtracha, lena n-áirítear soláthraithe oideachas múinteoirí. Seirbhís tacaíochta na Roinne Oideachais agus Oide
    • Cur le pleanáil agus eagrú comhairliúchán, fócasghrúpaí, agus imeachtaí gaolmhar.
  • Tacaíocht riaracháin agus lóistíochta a sholáthar dá mbainisteoirí líne (Ardoifigigh Feidhmiúcháin) agus don Cheann Rannóige (Príomhoifigeach Cúnta).
  • Taighde a dhéanamh ar réimsí beartais agus ar shaincheisteanna oideachais
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar thaighde ábhartha agus litríocht bheartais agus achoimrí a ullmhú chun tacú le bainisteoirí líne agus iad ag forbairt comhairle faoi bheartas don Chomhairle
  • Tacú le hobair na Rannóige Cumarsáide le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh go mbeidh na rudaí seo a leanas san áireamh:
    • tacú le suíomh Gréasáin na Comhairle agus le bealaí meán sóisialta,
    • freastal ar imeachtaí seachtracha éagsúla thar ceann na Comhairle, agus tuairiscí scríofa gonta ar na príomhcheachtanna a chur le chéile,
    • cruinnithe agus imeachtaí a eagrú,
    • ailt agus ríomhphoist a dhréachtú le seoladh chuig clár na múinteoirí,
    • oibriú le raon soláthraithe seirbhíse seachtracha chun físeáin, ábhar dearaidh, agus sócmhainní digiteacha eile a chruthú.
  • Tacaíocht a thabhairt do phainéil saineolaithe agus grúpaí oibre arna gceapadh ag an gComhairle i roinnt réimsí, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do:
    • Athbhreithniú ar chláir Oideachas Tosaigh Mhúinteoirí
    • Grúpaí oibre Socrúcháin Scoile
    • Droichead – An clár ionduchtaithe do mhúinteoirí nuacháilithe
    • Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan
    • Déan cur i láthair faoi obair na Comhairle do ghrúpaí seachtracha

Is liosta táscach é an méid thuas, agus beidh solúbthacht ag teastáil ó Chomhlaigh mar beidh na dualgais a bheidh le déanamh éagsúil, de réir riachtanas a thagann chun cinn agus de réir tosaíochtaí na Comhairle.

 

Riachtanais Riachtanacha

Tá sé riachtanach go mbeadh raon eolais, taithí, scileanna agus meonta mar seo a leanas ag an iarrthóir rathúil:

Tá sé riachtanach go mbeadh raon eolais, taithí, scileanna agus meonta mar seo a leanas ag an iarrthóir rathúil:

  • Tuiscint agus léirthuiscint ar obair agus ról straitéiseach na Comhairle Mhúinteoireachta mar rialtóir.
  • Sárscileanna idirphearsanta, cumarsáide.
  • Sárscileanna oibre
  • Sárscileanna éascaithe agus cur i láthair.
  • Sárscileanna Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) agus riaracháin.
  • In ann oibriú go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann.
  • In ann oiriúnú do bhealaí oibre a oireann do thimpeallacht dhinimiciúil oifige, lena n-áirítear tuairisciú do bhainisteoir líne.
  • Eolas maith ar chóras oideachais na hÉireann agus ar thírdhreach beartais oideachais, lena n-áirítear feasacht ar shaincheisteanna suntasacha trasna na hearnálacha bunoideachais, iar-bhunoideachais agus breisoideachais.
  • Eolas agus tuiscint mhaith ar raon saincheisteanna tosaíochta straitéiseacha náisiúnta m.sh., pleanáil fórsa saothair múinteoirí, oideachas
  • Taithí ar chur chuige foghlama agus teagaisc atá cruthaitheach agus nualaíoch a chur i bhfeidhm sa seomra
  • Solúbthacht chun freastal ar riachtanais na Comhairle, lena n-áirítear toilteanas le bheith ag taisteal ó am go chéile agus obair thréimhsiúil lasmuigh de ghnáthuaireanta mar is gá i gcomhréir le riachtanais na Comhairle a thagann chun

Ina theannta sin, bheadh taithí agus inniúlacht sna réimsí seo a leanas mar bhuntáiste:

  • Múineadh nó oibriú trí mheán na Gaeilge agus líofacht sa teanga
  • Oibriú i bhfoireann chun spriocanna tionscadail ar leith a bhaint
  • Eagrú agus seachadadh gnéithe de chláir Oideachas Tosaigh Mhúinteoirí nó gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla.
  • Nuáil/forbairt
  • Meantóireacht agus/nó oiliúint i gcáil ghairmiúil.
  • Taighde aonair nó taighde comhoibríoch a dhéanamh, lena n-áirítear taighde cleachtóir-bhunaithe agus/nó taighde chun críocha dámhachtana acadúla.
  • Úsáid uirlisí TFC bailithe sonraí, cur i láthair agus measúnaithe.

Próiseas Iomaíochta

Iasacht

  • Tarlóidh iasacht ar fhoireann chomh luath agus is féidir tar éis folúntas a bheith
  • Ceapfar na hiarrthóirí rathúla ar bhonn iasachta do scoilbhliain amháin (182 lá oibre), faoi réir tréimhse phromhaidh sé mhí a bheith críochnaithe go sásúil. Féadfar ceapacháin a shíneadh de réir shocruithe na Roinne Oideachais maidir le hiasachtaí, Ciorclán 0029/2018 faoi láthair.
  • Tá an iasacht ar feadh bliana, faoi réir athnuachan bhliantúil agus faomhadh bliantúil an údaráis scoile/an bhoird bhainistíochta.
  • Sa chás go bhfuil múinteoirí ar iasacht cheana féin cuirfear a seirbhís reatha ar iasacht san áireamh mar chuid den téarma cúig bliana dá bhforáiltear in gCiorclán 0029/2018.
  • Ní mór do mhúinteoir a bhí ar iasacht agus a d’fhill ar scoil a bheith ar ais ar scoil ar feadh tréimhse comhionann le fad an tsocraithe iasachta roimhe sin sula mbeidh siad incháilithe don phost seo (m.sh. má tá múinteoir ar iasacht ar feadh 3 bliana, ní mór dóibh filleadh ar scoil/ar an mBord Oideachais agus Oiliúna (BOO) ar feadh 3 bliana sula mbeidh siad incháilithe arís lena scaoileadh).
  • Ní cheadófar filleadh ar dualgas sa scoil/BOO a dheonaigh an iasacht ach amháin ag tús na scoilbhliana ina dhiaidh sin. I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh fostóir a údarú do mhúinteoir tosú ar iasacht le linn na scoilbhliana agus deireadh a chur leis tráth nach luaithe ná deireadh na scoilbhliana sin. Meastar gur iasacht bliana é
  • Ní fhéadfaidh fad na hiasachta dul thar an dáta aois scoir éigeantach.

Ceadú na Roinne Oideachais

  • Tá gach ceapachán faoi réir cheadú na Roinne
  • Ní féidir aon tairiscint chinnte ar cheapachán a dhéanamh sula dtugtar ceadú.

Conradh

  • Beidh ar an iarrthóir rathúil conradh iasachta a shíniú, rud a chuirfidh próiseas leanúnach feidhmíochta agus forbartha ar fáil.
  • Tá iasacht duine faoi réir athnuachan bhliantúil agus faomhadh an Bhoird Bainistíochta/Údarás Bainistíochta, na Comhairle Múinteoireachta agus na Roinne Oideachais

Eile

  • Agus iarrthóirí á mbreithniú lena gceapadh faoin gcomórtas seo, féadfar aird a thabhairt ar fhad an chonartha a d’fhéadfaí a thairiscint d’iarrthóir.
  • Tá an ceapachán faoi réir imréiteach sásúil Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána agus teistiméireachtaí sásúla, lena n-áirítear teistiméireachtaí ó fhostóir reatha an iarratasóra.
  • Caithfidh taifead sláinte agus saoire bhreoiteachta iarratasóra a bheith sásúil.
  • Coimeádann an Chomhairle Mhúinteoireachta an ceart aici féin an post a athfhógairt má mheasann sí nach bhfuil go leor iarratasóirí incháilithe ann. Cuirfear iarratasóirí incháilithe ar an eolas agus tabharfar an rogha dóibh a n-iarratas a fhágáil ar
  • Beidh ar an iarrthóir rathúil oibriú go heisiach don Chomhairle Mhúinteoireachta amháin agus ní fhéadfaidh siad fostaíocht eile a ghlacadh ar feadh tréimhse a gconartha gan an cead cuí.

Mura bhfuil tú cinnte faoi do cháilitheacht le haghaidh iasachta, seol ríomhphost le do thoil chuig TES@education.gov.ie

Coinníollacha Iasachta

Saoire Bhliantúil

Beidh teidlíocht Saoire Bhliantúil ar feadh tréimhse d’iasachta chuig an gComhairle ag teacht le féilire na bunscoile. Seans go mbeidh ar Chomhlaigh páirt a ghlacadh, áfach, in ullmhú tionscadail nó in obair eile le linn an ama atá bunscoileanna dúnta.

Uaireanta Tinrimh

Socrófar na huaireanta tinrimh ó am go chéile, ar aon dul le socruithe foirne na Comhairle Múinteoireachta, ach ní bheidh siad níos lú ná 41 uair agus 15 nóiméad in aghaidh na seachtaine (nó 35 uair glan ar shosanna scíthe). Bíonn roinnt solúbthachta maidir le huaireanta oibre ag teastáil ó am go chéile. Beidh ar na hiarrthóirí rathúla cibé uaireanta breise a oibriú ó am go chéile a bheidh réasúnach agus riachtanach chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh i gceart faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos sna rialacháin ama oibre. Clúdaíonn an ráta luach saothair iníoctha, mar aon leis an liúntas iasachta, aon dliteanas freastail bhreise a d’fhéadfadh teacht chun cinn ó am go ham.

Tuarastal

Beidh tuarastal do Chomhlach de réir Imlitir 0043/2024 agus Imlitir 0029/2018. Beidh Comhlaigh i dteideal aon liúntais cháilíochta atá á bhfáil acu faoi láthair a choinneáil, de réir Aguisín 2 d’Imlitir 0043/2024.

Ina theannta sin, beidh Comhlaigh i dteideal liúntais Chatagóir 4 de €11,979, de réir Aguisín 4 d’Imlitir 0043/2024. Liúntas inphinsin é an liúntas Chatagóir 4 seo.

Bíonn luach saothair faoi réir bheartais agus rialacháin ábhartha na Roinne Oideachais, na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Sheachadadh agus Athchóiriú an PFN i gcónaí. Beidh feidhm ag Ciorcláin reatha Pá na Roinne Oideachais – is é 0043/2024 an Ciorclán reatha.

  • Post: Comhalta
  • Bunscála Coitianta Múinteoirí: De réir mar is infheidhme
  • Liúntas Cáilíochta: De réir mar is infheidhme
  • Liúntas Iasachta Chatagóir 4: De réir mar is infheidhme

Ní bheidh aon liúntais bhreise, mar shampla liúntais do phost freagrachta, iníoctha le pearsanra ar iasacht atá ag fáil an liúntais iasachta thuas.

Nós Imeachta Roghnúcháin

Déanfar an roghnú trí agallaimh iomaíocha a bhfuiltear ag súil leo a dhéanamh le linn Lúnasa nó Meán Fómhair agus beidh siad déanta go pearsanta in oifigí na Comhairle Múinteoireachta i Maigh Nuad Co Chill Dara. Cuirfear gearrliostú i bhfeidhm, bunaithe ar an bhfoirm iarratais chomhlánaithe.

Ba cheart iarratais a dhéanamh trí fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach. Ba chóir í seo a chur isteach i bhformáid MSWord faoi 10rn Dé Máirt, 6 Lúnasa 2024 chuig recruitment@teachingcouncil.ie

  • Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.
  • Bunófar coiste roghnúcháin chun gach gné den phróiseas roghnúcháin a chur i gcrích.
  • Tá sé d’fhreagracht ar iarrthóirí iad féin a chur ar fáil le haghaidh Ba chóir d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go mb’fhéidir nach mbeifear in ann dáta eile a thabhairt.
  • D’fhéadfaí iarraidh orthu siúd a ghlaoitear chun agallamh cur i láthair a dhéanamh don phainéal agallaimh agus/nó cleachtadh scríofa a dhéanamh.
  • Féadfar painéal a bhunú óna bhféadfaí folúntais amach anseo ag leibhéal Comhlach, a líonadh. Coimeádann an Chomhairle an ceart chun breithniú a dhéanamh ar an ngá atá le cothromaíocht cuí g., earnálach, agus an painéal á chur le chéile.

 

Scaoileadh ón bpost reatha

  • Is faoi na hiarrthóirí rathúla atá sé comhaontú údarás bainistíochta a scoile a fháil le haghaidh scaoileadh chun post a ghlacadh ar feadh na tréimhse lena
  • Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag iarraidh painéal a bhunú le haghaidh folúntas a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo, mar sin beifear ag súil go mbeidh na hiarrthóirí rathúla ar fáil chomh luath agus a bheidh folúntas ar fáil.
  • Beidh gealltanas maidir le scaoileadh ó d’fhostóir ag teastáil. Ar thairiscint a fháil iarrfar ar na hiarrthóirí rathúla dearbhú láithreach a lorg óna bhfostóir (m.sh., Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta). Ba chóir go léireodh an ráiteas sínithe seo go bhfuil an fostóir (m.sh. Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta) in ann an t-iarratasóir rathúil a