Aistrigh:
Gaeilge
English

Ráiteas Aidhme

Tá ráiteas aidhme na Comhairle leagtha amach i bPlean Straitéiseach na Comhairle Múinteoireachta 2022 go 2027.

“Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta na caighdeáin is airde i ngairmiúlacht múinteoirí agus in oideachas múinteoirí a chur chun cinn agus tacaíonn sí leo le beartais, rialáil agus taighde éifeachtach. Déanaimid iarracht tírdhreach fabhrach a chothú le haghaidh teagasc agus foghlaim inbhuanaithe agus shofhreagrach inár bpobail. Déanaimid é seo trí chomhoibriú leis an Roinn Oideachais agus leis na páirtithe leasmhara go léir ar éagsúlacht mhéadaitheach bealaí nuálacha. Cinnteoidh an obair seo teagasc agus foghlaim ar ardchaighdeán do chách, trí chruthaitheacht fheabhsaithe, cuimsiú, éagsúlacht, ceannaireacht agus folláine. Forbróidh sé seo muinín agus iontaoibh an phobail i ngairm na múinteoireachta in Éirinn, agus san oideachas níos leithne.”

Feidhmeanna Reachtúla

Tá feidhmeanna reachtúla na Comhairle leagtha amach sna hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001, arna leasú agus clúdaítear an méid seo a leanas ann:

  • gairm na múinteoireachta a chur chun cinn agus a rialáil
  • caighdeáin teagaisc, eolais, oilteachta agus inniúlachta a chothabháil agus a fheabhsú
  • clár múinteoirí a bhunú agus a chothabháil
  • fiosrúcháin a reáchtáil maidir le feidhmiúlacht aon mhúinteora chláraithe chun múineadh agus, i gcás inar cuí sin, smachtbhannaí a fhorchur i ndáil leis an bhfeidhmiúlacht sin
  • cód iompair ghairmiúil do mhúinteoirí a bhunú, a fhoilsiú, athbhreithniú a dhéanamh air, agus a chothabháil lena n-áireofar caighdeáin teagaisc, eolais, oilteachta agus inniúlachta, agus
  • foghlaim leanúnach múinteoirí a chur chun cinn.

Cód Cleachtais & Cód Iompair an Chomhairle Mhúinteoireachta

Cód Cleachtais & Cód Iompair