Aistrigh:
Gaeilge
English

Eolas d'Iarrthóir

Is fostóir comhdheiseanna í an Chomhairle Mhúinteoireachta agus is ar bhonn fiúntais a mheasfar gach iarratas ar fhostaíocht. Fáiltíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu, beag beann ar chreideamh, inscne, mhíchumas, chine, thuairim pholaitiúil, aois, stádas pósta, ghnéaschlaonadh, nó má tá cleithiúnaithe acu. 

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus cuireann sí fáilte roimh iarrthóirí atá cumasach sa Ghaeilge, nó a bhfuil spéis acu a bheith cumasach sa Ghaeilge. 

Cuspóir na Comhairle Múinteoireachta

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta rialtóir ghairm na múinteoireachta in Éirinn. Is é an ról atá againn ná an pobal a chosaint trí chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú. 

Déanaimid é seo trí mhúinteoirí a chlárú go reachtúil, rud a chinntíonn gairm mhúinteoireachta ardcháilithe, a chomhlíonann agus a chloíonn gach ball le caighdeáin arda gairmiúla inniúlachta agus iompair. 

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag iarraidh painéal d’Oifigeach Cléireachais a cheapadh as a líonfar folúntais amach anseo de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn.  

Suíomh

An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara (Tá socruithe oibre cumaisc ar fáil de réir Phrótacail Oibre Chumaisc na Comhairle Múinteoireachta). 

Cineál Poist

Buan lánaimseartha. 

 

Cur síos ar an bpost

Tá ról ríthábhachtach ag Oifigigh Chléireachais (OCanna) maidir le maoirsiú agus seachadadh raon seirbhísí thar ceann na Comhairle Múinteoireachta. Oibreoidh OCanna i bhfo-rannóg laistigh den phríomhstruchtúr eagraíochtúil Clárúcháin. I measc na bhfo-rannóga sin tá: 

  • Clárú
  • Beartas agus Cumarsáid
  • Aitheantas
  • Caighdeáin Ghairmiúla (Feidhmiúlacht chun Múineadh)
  • Seirbhísí Corparáideacha
  • Cumarsáid
  • Acmhainní Daonna
  • Airgeadas & TF

Príomhfhreagrachtaí

Tugaimid achoimre thíos ar an gcineál oibre a bheimis ag súil leis a bheith idir lámha ag Oifigigh Chléireachais. 

Bheadh na gnéithe seo uile idir lámha agat:

  • Fiosrúcháin
  • Doiciméid
  • Ionchur sonraí
  • Ag tabhairt freagra ar ghlaona teileafóin/i mbun glaonna teileafóin
  • Ag freastal ar an deasc fáilte
  • Ag láimhseáil

D’fheadfadh go mbeadh sé de dhíth ort eolas agus sonraí a ullmhú, a scrúdú agus a phróiseáil. 

D’fheadfadh go mbeadh an méid seo a leanas á bpróiseáil agat: 

  • Iarratais
  • Cáschomhaid
  • Rialú cáilíochta maidir le doiciméid

Bheadh sé mar fhreagracht ort mar chuid den ról, doiciméid na Comhairle a eisiúint do bhaill ábhartha. 

Cuireann Oifigigh Chléireachais tacaíocht ar fáil do bhainisteoirí líne agus do chomhghleacaithe. 

Bheifeá ag feidhmiú mar chuid d’fhoireann ag seachadadh seirbhísí chomh maith le feidhmiú as do stuaim féin. 

Bíonn Oifigigh Chléireachais i mbun cumarsáide agus i mbun idirbheartaíochta le custaiméirí agus leis an bpobal. Bheifeá ag tabhairt freagraí ar fhiosrúcháin agus ag cur faisnéise ar fáil, mar shampla. 

Ní mór duit déileáil le gach fiosrúchán: 

  • go héifeachtach 
  • go héifeachtúil
  • taobh istigh d’achar áirithe ama.

Ní mór duit leibhéal ard litearthachta TFC a bheith agat, lena n-áirítear cumas cruthaithe chun teicneolaíocht a chur i bhfeidhm san ionad oibre. Ní mór duit a bheith inniúil ar phacáistí bogearraí caighdeánacha a úsáid, ar nós: 

  • MS Office
  • Bunachar sonraí speisialaithe
  • Réitigh bhogearraí

Ní mór d’Oifigigh Chléireachais taifid ardchaighdeáin a choinneáil ar bhealach atá críochnúil agus eagraithe. 

Ní mór duit an obair uile a sheiceáil go críochnúil lena chinntiú go bhfuil sí críochnaithe ar ardchaighdeán. 

Ní mór duit tabhairt faoin obair go córasach agus go cúramach, agus tabhairt faoi le cruinneas i gcónaí, fiú agus tú ag tabhairt faoi ghnáthobair agus obair atriallach. 

Déanann Oifigigh Chléireachais cruinnithe a sceidealú agus an dialann oibre a bhainistiú, de réir mar is cuí. 

Bheadh sé de dhualgas ort chomh maith: 

  • Nótaí agus miontuairiscí a ghlacadh i rith cruinnithe. 
  • Cabhrú le lónadóireacht, seomra a leagan amach agus glanadh, a eagrú agus a bhainistiú.

Ní mór duit dualgais eile, atá ábhartha den ról a chomhlíonadh, nuair is cuí. 

Riachtanais riachtanacha

Ni mór don iarrthóir a n-éireoidh leo ceann amháin de na trí chritéir seo a leanas a chomhlíonadh. 

Ní mór duit Grád 6 ar a laghad a bheith bainte amach agat i gcúig ábhar i Scrúdú na hArdteistiméireachta (cláir ardleibhéil, gnáthleibhéil, cláir fheidhmeacha nó cláir ghairmoideachais) nó a gcomhionann. 

ní mór duit pas a bheith bainte amach agat i scrúdú ag an leibhéal ábhartha laistigh den chreat cáilíochta QQI. Ní mór é seo a bheith ar an gcaighdeán céanna leis an Ardteistiméireacht, nó a chomhionann nó ar chaighdeán níos airde, le go mbeimis in ann é a mheas. 

ní mór duit taithí iomchuí ábhartha a bheith agat lena n-áirítear scileanna agus saineolas iomchuí. 

Scileanna eile

Ní mór duit a bheith in ann a léiriú:  

  • Go bhfuil taithí oibre ábhartha roimhe seo agat i dtimpeallacht seirbhíse do chustaiméirí. 
  • Gur féidir leat torthaí a bhaint amach laistigh d’achair ama.
  • Go bhfuil cur chuige solúbtha agus réamhghníomhach agat.

Níl i gceist leis an sainchuntas poist seo ach treoir ghinearálta maidir leis an réimse dualgas – d’fheádfadh go mbeadh níos mó nó níos lú cúraimí i gceist le do chuid oibre, ná mar a luaitear anseo. D’fheádfadh go gcuirfimis ceist ar bhall foirne feidhmiú i cíbe roinn, a mbeidh sé de dhíth orainn, de réir mar is cuí.  

Soláthraímid páirceáil saor in aisce ar an láthair agus tá polasaí uaireanta oibre solúbtha againn. 

Critéir Mheasúnaithe Iarrthóra

Déanfar iarrthóirí a mheas ar bhonn an chur síos ar an bpost atá leagtha amach thuas, fianaise ar chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach thuas agus an creat inniúlachta d’fhoireann ghrád an Oifigigh Chléireachais thíos. 

 Comhoibriú 

  • Léiríonn siad meas ar gcomhghleacaithe agus gcomhoibrithe. 
  • Forbraíonn agus cothaíonn siad dea-chaidrimh oibre le daoine eile, ag roinnt faisnéise agus eolais, mar is cuí. 
  • Tugann siad a smaointe agus bpeirspictíochtaí féin. 
  • Tuigeann siad a ról féin san fhoireann, agus gach iarracht á dhéanamh acu a ról féin a chomhlíonadh. 

Anailís & Cinnteoireacht 

  • Téann siad i ngleic le agus críochnaíonn siad an obair ar fad ar bhealach críochnúil agus eagraithe.
  • Leanann siad nósanna imeachta agus prótacail, ag tuiscint a luacha agus na réasúnaíochta taobh thiar dóibh.
  • Coinníonn siad taifid ardchaighdeáin atá éasca do dhaoine eile a thuiscint.
  • Baineann siad conclúidí cuí as eolas.
  • Molann siad bealaí nua chun rudaí a dhéanamh níos fearr agus níos éifeachtaí.
  • Tá siad compordach ag obair le cineálacha éagsúla faisnéise, e.g. scríofa, uimhriúil, cairteacha, agus déanann siad áirimh mar uimhríocht, céatadáin etc.

Seachadadh Torthaí

  • Glacann siad freagracht as an obair agus coinníonn siad leis chuig an gcéad leibhéal eile cuí.
  • Críochnaíonn siad an obair go tráthúil.
  • Téann siad i dtaithí go tapa ar bhealaí nua chun rudaí a dhéanamh.
  • Seiceálann siad gach obair go críochnúil lena chinntiú go gcríochnaítear í ar ardchaighdeán agus foghlaimíonn siad ó bhotúin.
  • Scríobhann siad le gramadach agus litriú ceart agus baineann siad conclúidí réasúnta as treoracha scríofa.
  • Aithníonn agus tuigeann siad an phráinn agus an tábhacht a bhaineann le tascanna éagsúla.
  • Léiríonn siad tionscnaíocht agus solúbthacht ag cinntiú go bhfuil obair críochnaithe.
  • Tá siad féintuilleamaíoch agus úsáideann siad breithiúnas maidir le cathain is ceart treoir a iarraidh ar bhainisteoir nó ar chomhghleacaithe.

Seirbhís do Chustaiméirí agus Scileanna Cumarsáide 

  • Éisteann siad go gníomhach le daoine eile agus déanann siad iarracht a gcuid dearcthaí / riachtanais a thuiscint.
  • Tuigeann siad na céimeanna nó na próisis nach mór do chustaiméirí dul tríothu agus is féidir leo iad seo a mhíniú go soiléir.
  • Is duine ómósach, cúirtéiseach agus gairmiúil iad a fhanann socair, fiú i gcúinsí dúshlánacha.
  • Tig leo a bheith daingean nuair is gá agus is féidir leo cumarsáid a dhéanamh le muinín agus le húdarás.
  • Déanann siad cumarsáid go soiléir agus go líofa agus iad ag labhairt agus ag scríobh.

Treallús agus Tiomantas do Luachanna na Seirbhíse Poiblí 

  • Déanann siad a ndícheall feidhmiú ar leibhéal ard agus seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar.
  • Freastalaíonn siad ar an Rialtas agus ar mhuintir na hÉireann.
  • Tá siad críochnúil agus coinsiasach, fiú má tá an obair ghnáthamh.
  • Tá siad díograiseach agus athléimneach, agus coinníonn siad orthu in aghaidh dúshlán agus constaicí.
  • Go pearsanta is duine macánta agus iontaofa iad.
  • Gníomhaíonn siad le hionracas i gcónaí.

Saineolas, Oilteacht agus Féinfhorbairt 

  • Forbraíonn agus cothaíonn siad na scileanna agus an saineolas a theastaíonn chun an ról a chomhlíonadh go héifeachtach, e.g. teicneolaíochtaí ábhartha, córais TF, Microsoft Office, beartais ábhartha etc.
  • Tuigeann siad an ról, an cuspóir agus na spriocanna go soiléir agus an chaoi a dtagann siad le hobair na rannóige. 
  • Tá siad tiomanta d’fhéinfhorbairt agus déanann siad iarracht i gcónaí feabhas a chur ar a bhfeidhmiú pearsanta 

Próiseas Iomaíochta

Conas Iarratas a Dhéanamh 

Ba cheart iarratais a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais seo a chomhlánú. Ní mór gach cuid den fhoirm a chomhlánú go hiomlán. Nuair a bheidh d’iarratas comhlánaithe agat ní mór duit é a sheoladh fríd ríomhphost chuig recruitment@teachingcouncil.ie 

Ní mór gach foirm iarratais a chur isteach i bhformáid Microsoft Word amháin. 

Dáta Deiridh 

Ní mór d’iarratas a bheith seolta trí ríomhphost faoi 10am Dé Luain 8 Iúil 2024 

Mura bhfaigheann tú admháil go bhfuarthas d’iarratas laistigh de 5 lá oibre ón iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le do thoil le recruitment@teachingcouncil.ie. 

Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta deiridh. 

Ba chóir d’iarrthóirí iad féin a chur ar fáil ar an dáta/na dátaí atá sonraithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus a chinntiú go bhfuil na sonraí teagmhála ar an bhfoirm iarratais cruinn. 

Modhanna Roghnúcháin 

Áireofar sa roghnú: 

  • Iarrthóirí a ghearrliostú bunaithe ar an eolas atá ina bhfoirm iarratais. 
  • Agallamh bunaithe ar inniúlacht. 

Gearrliostú 

Is gnách go bhfaightear níos mó iarratas ar phost ná mar a theastaíonn chun folúntas a líonadh. Cé go sásódh iarrthóir na riachtanais cháilitheachta don chomórtas, má tharlaíonn sé go gcuireann an oiread sin daoine isteach ar an bpost nach mbeadh sé praiticiúil agallamh a chur ar gach duine, d’fhéadfadh an Chomhairle Múinteoireachta cinneadh a dhéanamh gan ach líon áirithe iarrthóirí a ghlaoch chuig agallamh. I dtaca leis seo, baineann an Chomhairle Múinteoireachta úsáid as próiseas gearrliostaithe chun grúpa, gur cosúil gurb iad na daoine is oiriúnaí don phost, a roghnú le haghaidh agallaimh, bunaithe ar scrúdú ar na foirmeacha iarratais. Déanfaidh bord saineolaithe na foirmeacha iarratais a scrúdú i gcoinne na gcritéar réamhshocraithe bunaithe ar riachtanais an phoist. Ná baintear as an méid sin go gcaithfidh go bhfuil iarrthóirí eile mí-oiriúnach nó nach mbeidís in ann don phost ach gur cosúil, bunaithe ar a n-iarratas, go bhfuil cuid de na hiarrthóirí níos cáilithe ná a chéile nó go bhfuil taithí níos ábhartha acu. 

Aguisín 1

Cuid 1 (Coinníollacha a bhaineann go háirithe leis an bpost seo) 

 

Seo a leanas an scála pá:

Ráta Pá Ranníocaíocht Phearsanta Pinsin (RPP) 

€29,296.93, €31,020.28, €31,457.70, €32,312.00, €33,572.63, €34,830.62, €36,088.08, €37,004.57, €38,042.79, €39,248.61, €40,097.11, €41,290.81, €44,328.01, €45, 782.05, €46,449.79.

Beidh feidhm ag an ráta seo nuair is earcach nua chuig an tseirbhís phoiblí iad an duine a cheapfar nó gur státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí iad a ceapadh ar an 6 Aibreán 1995 nó ina dhiaidh sin agus déanann siad ranníocaíocht phearsanta pinsin éigeantach. Déanfar an ráta seo a choigeartú de réir scálaí pá athbhreithnithe arna bhfoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. 

*Is Incrimint Fadseirbhíse é LSI 1 tar éis 3 bliana ar Uasmhéid an scála.  

*Is Incrimint Fadseirbhíse é LSI 2 tar éis 6 bliana ar Uasmhéid an scála.  

Beidh an ráta pá gan ranníocaíocht phearsanta pinsin (Neamh-RPP) i bhfeidhm nuair is státseirbhíseach nó fostaí sa tseirbhís phoiblí reatha é an t-iarrthóir rathúil a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995 agus nach gá dó ranníocaíocht éigeantach phearsanta pinsin a dhéanamh. Déanfar an ráta seo a choigeartú de réir scálaí pá athbhreithnithe arna bhfoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. 

Nóta Tábhachtach: Ba chóir d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go mbeidh an iontráil ag íosmhéid an scála agus nach mbeidh sé faoi réir idirbheartaíochta agus féadfar an ráta luach saothair a choigeartú ó am go chéile de réir bheartas pá an Rialtais. Féadfar incrimintí a bhronnadh faoi réir feidhmíochta sásúla agus athruithe sna téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le hincrimintí tuarastail sa Státseirbhís/seirbhís phoiblí go ginearálta. I gcúinsí áirithe, féadfaidh coinníollacha éagsúla a bheith i bhfeidhm más státseirbhíseach nó fostaí sa tseirbhís phoiblí ar seirbhís é an duine ceaptha, díreach roimh an gceapachán. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfaí iasachtaí de thréimhse sheasta ó chomhlachtaí eile san Earnáil Phoiblí a bhreithniú. 

Laghdú Pinsin 

Má fostaíodh an duine ceaptha roimhe seo sa Státseirbhís nó sa tSeirbhís Phoiblí agus go bhfuil an duine sin i dteideal nó ag fáil pinsin ón Státseirbhís nó ón tSeirbhís Phoiblí nó i gcás ina n-íoctar pinsean de chuid na Státseirbhíse/na Seirbhíse Poiblí fad is atá sé/sí á athfhostú, beidh an pinsean sin faoi réir laghdaithe de réir Alt 52 den Acht um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha eile), 2012.  

Aguisín 2

Cuid 2 (Coinníollacha a bhaineann go ginearálta leis an oifigeach leis an bpost seo) 

Promhadh  

Ní mór don duine ceaptha tréimhse phromhaidh a chur isteach, a mhairfidh sé mhí de ghnáth. Má bhíonn seirbhís an duine ceaptha sásúil ó thaobh sláinte, iompair, éifeachtúlachta agus feidhmíochta go ginearálta le linn na tréimhse promhaidh, deimhneofar an ceapachán. 

Dualgais 

Ceanglófar ar an duine ceaptha aon dualgais a shanntar ó am go ham a chomhlíonadh de réir mar is cuí don ról. 

Fostaíocht Eile 

Is post lánaimseartha é, agus ní fhéadfaidh an duine ceaptha gabháil do chleachtas príobháideach ná baint a bheith aige le haon ghnó seachtrach a chuirfeadh isteach ar chomhlíonadh dualgas oifigiúil. Ní mór soiléiriú a lorg ón mbainistíocht líne má bhíonn aon amhras ann. 

Ceanncheathrú 

Tá ceanncheathrú na Comhairle Múinteoireachta lonnaithe i Maigh Nuad, Co. Chill Dara agus beidh an post seo lonnaithe ansin. Tá prótacal oibre cumaisc forbartha ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar aon dul leis an gCreat Beartais um Oibriú Cumaisc d’Eagraíocht na Státseirbhíse. Féadfaidh fostaithe iarratas a dhéanamh ar shocrú oibre cumaisc de réir riachtanas eagraíochtúil. 

Uaireanta Tinrimh 

Beidh na huaireanta tinrimh socraithe agus ní bheidh siad níos lú ná 35 uair, glan ar shosanna, in aghaidh na seachtaine. Ní dhéanfar aon íocaíocht bhreise as tinreamh breise mar go gclúdaíonn an ráta luach saothair aon dliteanas freastail breise eisceachtúil a d’fhéadfadh teacht chun cinn ó am go chéile. Tá am solúbtha ar fáil.  

Saoire Bhliantúil 

Is é 22 lá sa bhliain a bheidh sa liúntas saoire bliantúla, ag ardú go 23 tar éis cúig bliana seirbhíse, 24 tar éis deich mbliana seirbhíse, 25 tar éis dhá bhliain déag seirbhíse agus 26 tar éis ceithre bliana déag seirbhíse. Tá an liúntas seo faoi réir na ngnáthchoinníollacha maidir le saoire bhliantúil a thabhairt agus tá sé bunaithe ar sheachtain cúig lá agus ní áirítear leis na gnáthlaethanta saoire poiblí. 

Saoire Bhreoiteachta 

Íocfar pá ar bhonn pro rata le linn saoire bhreoiteachta teistithe de réir forálacha ciorclán ar shaoire bhreoiteachta na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ar an gcoinníoll nach bhfuil aon fhianaise ann de mhíchumas buan do sheirbhís. 

Aoisliúntas agus Scor 

Tairgfear téarmaí pinsin na seirbhíse poiblí agus coinníollacha aois scoir don duine ceaptha de réir socrú pinsin na Comhairle Múinteoireachta ag brath ar stádas an duine ceaptha rathúil: 

Go ginearálta, beidh duine nach bhfuil aon stair inphinsin sa tSeirbhís Phoiblí roimhe seo aige sna 26 seachtaine roimh an gceapachán nó nach bhfuil ar shos gairme nó ar shaoire speisialta faoi láthair le/gan phá ó phost inphinsin sa tSeirbhís Phoiblí ina bhall den Scéim Pinsean Aonair na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair) ar cuireadh tús léi ón 1 Eanáir 2013 – Alt 10 den Acht um Phinsean na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile) 2012. 

Fanfaidh duine atá ar iasacht ina b(h)all de scéim pinsin na máthair-eagraíochta agus beidh an luach saothair inphinsin bunaithe ar a g(h)rád substainteach i.e., an grád ag a bhfuil an duine fostaithe ina m(h)áthair-eagraíocht. 

Beidh téarmaí caighdeánacha pinsin seirbhíse poiblí ag duine a bhí ina b(h)all de ‘scéim pinsean seirbhíse poiblí a bhí ann cheana’ mar a fhorléirítear san Acht um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Pinsin Eile), 2012 agus nach gcáilíonn do bhallraíocht den Scéim Aonair a léiríonn stádas iontrálaí nua nó neamh-iontrálaí nua chun críocha an Achta um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004. 

Faisnéis Eile  

Ní bheidh an Chomhairle Mhúinteoireachta freagrach as aon chostais a thabhaíonn iarrthóirí a aisíoc. 

Ní ghlacfar leis go gciallaíonn iontráil duine ar fheachtas, nó cuireadh chun freastal ar agallamh, go bhfuil an Chomhairle Mhúinteoireachta sásta go gcomhlíonann an duine sin ceanglais an chomórtais nó nach bhfuil sé dícháilithe de réir dlí ón bpost a shealbhú agus níl ráthaíocht ag dul leis go ndéanfar breithniú breise ar d’iarratas. Tá sé tábhachtach duit, mar sin, a thabhairt faoi deara go bhfuil an dualgas ort a chinntiú go gcomhlíonann tú na ceanglais incháilitheachta don chomórtas roimh duit freastal ar agallamh. Mura gcomhlíonann tú na bunriachtanais iontrála seo ach mar sin féin go bhfreastalaíonn tú ar agallamh beidh tú ag cur costas neamhriachtanach ort féin. 

Sula ndéanfar aon iarrthóir a mholadh le bheith ceaptha don phost seo déanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta gach fiosrúchán den sórt sin a mheastar a bheith riachtanach chun oiriúnacht an iarrthóra sin a chinntiú. Go dtí go mbeidh gach céim den phróiseas earcaíochta curtha i gcrích go hiomlán, ní féidir cinneadh deiridh a dhéanamh agus ní féidir a mheas nó a thuiscint go bhfuil cinneadh dá leithéid déanta. 

Má dhiúltaíonn an duine a mholtar don cheapachán, nó má ghlactar leis, agus ansin tugann sé/sí é suas nó má thagann folúntas breise chun cinn, féadfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta, dá rogha féin, duine eile a roghnú agus a mholadh le ceapadh bunaithe ar thorthaí an phróisis roghnúcháin seo. 

Rúndacht  

Faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, déileálfar le hiarratais go huile is go hiomlán faoi rún.  

Imréiteach Slándála  

Féadfar grinnfhiosrúchán a lorg i leith daoine aonair a thagann faoi bhreithniú lena gceapadh. Beidh ar an iarrthóir foirm Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a chomhlánú agus a sheoladh ar ais má bhíonn siad á mbreithniú don phost. Cuirfear an fhoirm seo ar aghaidh chuig an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin le haghaidh seiceálacha slándála ar gach seoladh ag a raibh cónaí orthu. Mura n-éiríonn leo scriosfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta an t-eolas seo. Má thagann an t-iarrthóir faoi bhreithniú do phost eile ina dhiaidh sin, beidh air/uirthi an fhaisnéis seo a thabhairt arís. 

Ag meas go bhfuil an iarrthóireacht tarraingthe siar 

Ní bheidh aon éileamh eile ag iarrthóirí le bheith curtha san áireamh don phost nuair nach bhfreastalaíonn sé/sí ar agallamh nuair a éilíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta, nó nach dtugann, nuair a iarrtar sin, cibé fianaise a éilíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta maidir le haon ábhar a bhaineann lena n-iarrthóireacht. 

Aiseolas maidir leis an bpróiseas 

Cuirfear aiseolas ar fáil ach é a iarraidh i scríbhinn tar éis na céime agallaimh. Ní chuirtear aiseolas ar fáil ag an gcéim ghearrliostaithe. Ba cheart iarratas den sórt sin a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre tar éis chinneadh na Comhairle a bheith curtha in iúl duit. 

Próiseas um Athbhreithniú 

Má bhíonn iarrthóir míshásta le gníomh nó cinneadh maidir lena n-iarratas ar cheapachán, féadfaidh siad scríobh chuig recruitment@teachingcouncil.ie, ag leagan amach na fáthanna ar a lorgaíonn siad athbhreithniú. Ní mór an t-iarratas seo a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh ar a n-iarratas. Déanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta an t-athbhreithniú seo go hinmheánach. 

Oibleagáidí Iarrthóirí 

Ba chóir d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go ndícháileofar iad de bharr canbhásála agus go n-eisiafar iad ón bpróiseas. 

Ní ceadmhach d’iarrthóirí: 

  • Faisnéis bhréagach a sholáthar go feasach nó go meargánta. 
  • Canbhasáil duine ar bith le nó gan dreasachtaí. 
  • Cur isteach ar an bpróiseas nó an próiseas a chur i gcontúirt ar bhealach ar bith. 

Ní ceadmhach do thríú páirtí pearsanú a dhéanamh ar iarrthóir ag aon chéim den phróiseas. Aon duine a sháraíonn na forálacha thuas nó a chabhraíonn le duine eile na forálacha thuas a shárú má fhaightear ciontach i gcion é/í. Dlitear fíneáil/nó príosúnacht a chur ar dhuine a fhaightear ciontach i gcion. Ina theannta sin, i gcás ina raibh nó go bhfuil duine a fuarthas ciontach i gcion ina iarrthóir i bpróiseas earcaíochta, ansin: 

I gcás nach mbeidh an t-iarrthóir ceaptha chun poist, beidh sé dícháilithe mar iarrthóir, 

I gcás ina mbeidh an t-iarrthóir ceaptha ina dhiaidh sin chuig an bpróiseas earcaíochta i gceist, forghéillfidh siad an ceapachán sin. 

An tAcht um Chosaint Sonraí 2018 

Nuair a fhaightear d’fhoirm iarratais, déanaimid taifead i d’ainm ina bhfuil go leor den eolas pearsanta a chuir tú ar fáil. Tá an fhaisnéis seo faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí a leagtar síos san Acht um Chosaint Sonraí, 2018, agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), 2018. Chun iarratas a dhéanamh faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 nó RGCS 2018, cuir isteach d’iarratas i scríbhinn chuig dpo@teachingcouncil.ie. 

Cinntigh le do thoil go ndéanann tú cur síos chomh mion agus is féidir ar na taifid a lorgaíonn tú le cur ar ár gcumas an taifead cuí a aithint. Baintear míreanna áirithe faisnéise, nach mbaineann go sonrach le haon duine aonair as taifid chun críocha staidrimh ginearálta.