Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Iúil 01, 2024

Cruthaíodh an méid seo a leanas:

Rinne an múinteoir cláraithe ar dhá dháta ar leith, agus iad fostaithe ag scoil, teagmháil fhisiciúil neamhfhóirsteanach le dalta réamhscoile amháin nó níos mó ag an scoil.

Chinn an painéal gur léirigh an múinteoir drochfheidhmíocht ghairmiúil.

Rinne an Painéal cinntí freisin maidir le sáruithe ar an gCód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí 2ú heagrán nuashonraithe, 2016 (an “Cód”) mar a leanas:

 

  • sárú ar alt 3.1 den Chód a deir gur cheart do mhúinteoirí “seasamh le cáil agus le stádas na gairme”.
  • sárú ar alt 3.2 den Chód a deir gur cheart do mhúinteoirí “gach céim réasúnta a ghlacadh maidir le cúram daltaí/mac léinn atá faoina maoirseacht, chun a sábháilteacht agus a leas a chinntiú.”
  • sárú ar alt 4.8 den Chód a deir gur cheart do mhúinteoirí “gníomhú ar mhaithe le leas na ndaltaí/na mac léinn”.

 

Tar éis an fhiosrúcháin, chinn Painéal an Choiste Smachta ainm an mhúinteora chláraithe a bhaint de chlár na múinteoirí agus chinn siad nach mbeadh an múinteoir cláraithe i dteideal iarratas ar athbhunú ar an gclár a dhéanamh ar feadh tréimhse trí bliana, ag tosú leis an dáta a baineadh iad den Chlár.

Dheimhnigh an Ard-Chúirt cinneadh Phainéal an Choiste Smachta ar an 11 Márta 2024 agus cuireadh an smachtbhanna i bhfeidhm.