Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Tá 37 ball ar an gComhairle agus is múinteoirí iad 16 acu sin a bhíonn tofa ag múinteoirí. Reáchtálfar toghchán do mhúinteoirí i mí Feabhra/Márta 2024. 

De réir Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Toghadh Comhaltaí) 2023, beidh an rolla toghthóirí ar fáil i mí na Samhna 2023 lena iniúchadh ag múinteoirí incháilithe. 

Ar an rolla toghthóirí, beidh ainm, uimhir chlárúcháin agus, nuair is infheidhme, seoladh scoile agus uimhir rolla gach múinteora ar an gClár ag 5pm ar an 30 Meán Fómhair 2023. 

Más múinteoir cláraithe thú agus má tá do shonraí mícheart, is féidir leat do shonraí fostaíochta, do sheoladh, do sheoladh ríomhphoist agus d’uimhir theileafóin go léir a nuashonrú trí logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú. 

Beidh tuilleadh eolais maidir le toghcháin na Comhairle Múinteoireachta ar fáil ar an leathanach seo gan mhoill. 

Má tá aon cheisteanna agat maidir le próiseas na dtoghchán, seol ríomhphost chuig elections@teachingcouncil.ie.