Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Tá áthas ar an gComhairle Mhúinteoireachta a fhógairt go bhfuil Eamon Dennehy tofa mar chathaoirleach ag Comhaltaí na Comhairle. Is as Ciarraí ó dhúchas é Eamon agus is múinteoir innealtóireachta é ag Pobalscoil Heywood, Baile na Coille, Co. Laoise.

Go dtí seo, bhí an tUasal Dennehy ina chathaoirleach ar Phainéal Clárúcháin na Comhairle Mhúinteoireachta agus tá sé ina bhall den Choiste Clárúcháin, den Ghrúpa Athbhreithnithe Clárúcháin agus den Choiste Airgeadais.

Dúirt Eamon Dennehy, “Is mór an onóir dom a bheith tofa mar Chathaoirleach ag comhaltaí na Comhairle Mhúinteoireachta. Creidim go gcaithfimid leanúint ar aghaidh ag cothú timpeallachta ina dtugtar tacaíocht do mhúinteoirí, ina bhfuil ardmheas orthu agus ina mbíonn siad spreagtha i dtaca leis na caighdeáin ghairmiúla teagaisc is airde in Éirinn. Tuigim go maith na dúshláin níos leithne atá le sárú san oideachas agus táim tiomanta de bheith ag obair i gcomhar le gach páirtí leasmhar ar mhaithe le gairm na múinteoireachta agus an ról lárnach atá aici inár gcóras oideachais.

Ta ról ríthábhachtach ag an múinteoireacht a ullmhaíonn mic léinn do na dúshláin agus deiseanna sa todhchaí agus mar sin ní mór í a chur chun cinn mar rogha ghairme tharraingteach, bhríomhar agus shásúil. Caithfidh an córas oideachais leanúint de bheith cumasaithe do mhúinteoirí, le cláir agus tionscnaimh a thacaíonn lena gcruthaitheacht, lena gcumas, agus lena n-ábaltacht chun oideachas ardchaighdeáin a sholáthar d’fhoghlaimeoirí. Tá an tábhacht chéanna le ról na rialála maidir le caighdeáin arda leanúnacha a chothabháil agus chun chinntiú go bhfuil an ghairm ailínithe go hiomlán leis na cleachtais is fearr sa mhúinteoireacht. Le chéile, caithfidh muid uilig iarracht a dhéanamh chun a chinntiú, ní hamháin go síoraithnítear an mhúinteoireacht in Éirinn mar ghairm ríthábhachtach ach go n-aithnítear í mar rogha ghairme bhríomhar agus shásúil, a ullmhaíonn ár mic léinn le haghaidh dúshlán agus deiseanna na todhchaí.”

Thosaigh Eamon leis an gComhairle Mhúinteoireachta in 2022 mar ainmní de chuid Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) agus is Iar-Uachtarán Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire, é. Tar éis dó céim a bhaint amach ó Choláiste Thuamhan, Luimneach le céim Baitsiléir Teicneolaíochta san Oideachas, chuir Eamon tréimhse isteach ar Choiste Feidhmiúcháin Náisiúnta an ASTI i lár na 90idí, agus ó 2014 go 2020 agus toghadh é ina Uachtarán ar an gcumann in 2021.

Mhol Eamon an méid a rinne an Cathaoirleach Michelle Keane agus an Leas-Chathaoirleach Ann Mulcahy, an bheirt acu ag dul as oifig, agus ghuigh sé gach rath orthu. “Léirigh an bheirt acu dúthracht iontach agus chuir siad go sármhaith le hobair na Comhairle Mhúinteoireachta ar feadh a dtréimhsí oifige agus gabhaim buíochas ó chroí le Michelle agus Ann araon, as a dtiomantas iontach ina róil.”

Chuir Eamon fáilte freisin, roimh Mary Curley, mar Leas-Chathaoirleach nua agus roimh 17 gcomhalta nua na Comhairle (liostaithe thíos). Is as Inis, Co. an Chláir do Mary agus tá 35 bliain de thaithí aici mar mhúinteoir agus mar phríomhoide teagaisc i gCo. an Chláir. Is céimí de chuid Choláiste Mhuire gan Smál í, thosaigh sí ag múineadh i S.N. Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh sular ceapadh ina phríomhoide í ar S.N. Dhúire. Tá Mary ina ball den Chomhairle Mhúinteoireachta ó 2020, agus chuir sí tréimhse isteach ar an gCoiste Imscrúdaithe, an Coiste Clárúcháin, agus an Grúpa Athbhreithnithe Clárúcháin.

Ó d’éirigh Mary as a bheith mar phríomhoide ar S.N. Dhúire choinnigh sí a suim san oideachas trína cuid oibre mar chomhordaitheoir ar Thionscadal Taighde na Scoileanna Beaga i gceantar an Ghoirt, mar rúnaí ar CPSMA Chúige Mumhan agus mar chathaoirleach ar S.N. Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh.

Tá 37 ball ag an gComhairle Mhúinteoireachta lena n-áirítear 22 ball den ghairm (bunscoil agus iar-bhunscoil) agus daoine eile lena n-áirítear ainmnithe na nInstitiúidí Ardoideachais, ainmnithe cheardchumainn na múinteoirí, ainmnithe bhainistíocht scoile, ainmnithe Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, ainmnithe Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC) agus ainmnithe Chomhdháil na gCeardchumann (ICTU), chomh maith le daoine ceaptha ag an Aire. Is féidir ballraíocht reatha na Comhairle (lena n-áirítear daoine nua a cheaptar) a fheiceáil ar ár suíomh gréasáin.

Guíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta, lena n-áirítear an fhoireann agus an Stiúrthóir, an Dr. Lynn Ramsey, gach rath ar an gCathaoirleach nua, an Leas-Chathaoirleach nua, agus na comhaltaí agus iad ag dul i mbun a róil.

Comhaltaí nua na Comhairle, arna gceapadh ar an 04 Aibreán, 2024.

Adrian Guinan – Iar-bhunscoil Dheonach, Lár na Tíre-Iarthuaisceart

Adrieanne Healy – Iar-bhunscoil Dheonach, Baile Átha Cliath & Theas

Aileen Horkan – Bunscoil, Cúige Chonnacht- Cúige Uladh

Claire Ní Mharcaigh – BOO, Baile Átha Cliath & Theas

Clodagh O’Hara – Iar-bhunscoil (Pobal & Cuimsitheach), Cúige Chonnacht, Cúige Laighean, Cúige Mumhan, Cúige Uladh.

David Fagan – Bunscoil, Baile Átha Cliath

Desmond Cogan – Bunscoil, Cúige Chonnacht- Cúige Uladh

Hazel O’Connor-McWey – Bunscoil – Laighean

Joseph McKeown – Bunscoil – Cúige Laighean

Liam Doran – Ceapaí de chuid an Aire

Máire Kenefick – Bunscoil, Mumhan

Marcella Nic Niallaigh – Bunscoil – Baile Átha Cliath

Mary Curley – Bunscoil, Mumhan

Noel Cronin – BOO, Baile Átha Cliath & Theas

Patrick Knightly – Iar-bhunscoil Dheonach, Baile Átha Cliath & Theas

Paul Moroney – Bunscoil, Cúige Mumhan

Ursula O’Connor – BOO, Lár na Tíre Iarthuaisceart

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta rialtóir ghairm na múinteoireachta in Éirinn. Is é an ról atá ag an gComhairle Mhúinteoireachta ná an pobal a chosaint trí chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú. Déantar é seo trí mhúinteoirí a chlárú go reachtúil, rud a chinntíonn gairm mhúinteoireachta ardcháilithe, ina chomhlíonann agus a chloíonn gach ball de le caighdeáin arda gairmiúla, inniúlachta agus iompair.