Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Thar ceann na Comhairle Múinteoireachta, ba mhaith leis an Dr Lynn Ramsey a comhghairdeas a dhéanamh le Helen McEntee faoina ceapachán le déanaí mar Aire Oideachais agus Óige. Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta do dhul chun cinn a dhéanamh ar a cuid oibre ar son leas an phobail agus tacú leis an earnáil oideachais níos leithne, agus táimid ag súil le bheith ag obair leis an Aire McEntee chun an méid sin a bhaint amach.

Dúirt an Dr Ramsey “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Norma Foley TD freisin as a cuid tiomantais agus ceannaireacht le linn di a bheith ina hAire Oideachais. D’fhág sí oidhreacht dhearfach bhuan ina diaidh a bhuí lena tiomantas do ghairm na múinteoireachta agus leis an ionchur suntasach a bhí aici maidir le hearnáil an oideachais. Guímid gach rath uirthi ina ról nua.”

Agus fáilte á cur againn roimh an Aire McEntee táimid ag súil le leanúint lenár gcomhoibriú láidir leis an Roinn Oideachais chun caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú.