Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Leis an gclár gairmiúil is mó sa tír, tá 122,743 múinteoir ar Chlár na Múinteoirí, méadú 4,311 múinteoir ar an tréimhse chéanna anuraidh, ag an gComhairle Mhúinteoireachta anois. Chláraigh 7,755 cláraithe nua an clár sa tréimhse sin.

Ar fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla, dúirt Eamon Dennehy, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta: “Léiríonn an tuarascáil seo tiomantas leanúnach na Comhairle Múinteoireachta chun feabhas a chur ar chaighdeáin ghairm na múinteoireachta in Éirinn agus ag an am céanna dul i ngleic go rialta agus go fiúntach leis na páirtithe leasmhara go léir. Le bliain anuas, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an gComhairle ar fud a piléir straitéiseacha; eadhon, clárú agus soláthar múinteoirí, forbairt pobal gairmiúil comhoibríoch, oiriúnacht chun teagaisc acmhainní corparáideacha agus oibríochtaí inbhuanaithe a chinntiú. Tá sé ríthábhachtach an mhúinteoireacht a chur chun cinn mar ghairm agus timpeallacht a chothú ina bhfuil muinín ag an bpobal as múinteoirí in Éirinn”.

Chríochnaigh 3,792 céimí nua clárú trí phróiseas clárúcháin mear na Comhairle do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNC) le linn thréimhse an tsamhraidh, i gcomparáid le 3,603 an bhliain roimhe sin.

Bhí 6,873 múinteoir páirteach in Droichead, creat comhtháite ionduchtúcháin na Comhairle do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCanna). Chuireamar ár n-athbhreithniú náisiúnta ar chreat Droichead chun cinn freisin lena chinntiú go bhfreastalaíonn sé ar riachtanais athraitheacha na gairme.

Rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta, mar an eagraíocht ábhartha do ghrinnfhiosrúchán múinteoirí, grinnfhiosrúchán ar 48,145 múinteoir chun críocha clárúcháin tosaigh, athnuachana clárúcháin agus fostaíochta.

Ag trácht di ar fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla, dúirt an Dr Lynn Ramsey, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, “tá leas an phobail lárnach dár ról, lena mbaineann clárú reachtúil agus grinnfhiosrúchán múinteoirí, caighdeáin ghairmiúla a rialáil agus cosaint leanaí, daoine óga agus foghlaimeoirí leochaileacha a chinntiú. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht ár bpróiseas. Áirítear leis sin próiseáil níos tapúla agus níos éifeachtúla ar cheanglais chlárúcháin, athnuachana agus ghrinnfhiosrúcháin, as a dtiocfaidh tuilleadh laghduithe ar amanna próiseála, chun tacú le soláthar múinteoirí.

I gcomhar leis an Roinn Oideachais, d’ullmhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta a staidéar ceannródaíoch fadtaighde, Turais Ghairmiúla Múinteoirí: An Chéad Deich mBliana: An Chéad Deich mBliana. Ar siúl go dtí 2030, tá sé mar aidhm ag an staidéar seo eispéiris luathghairme na múinteoirí a ghabháil ar fud an bhunoideachais, an iar-bhunoideachais agus an bhreisoideachais. Cuirfidh na léargais a bhaileofar bonn eolais faoi pholasaithe maidir le hoideachas tosaigh múinteoirí, ionduchtú agus forbairt ghairmiúil luath, ag cinntiú go bhfuil ár gcur chuige bunaithe ar fhianaise agus ar eispéiris ón bhfíorshaol.

Faigheann agus imscrúdaíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta gearáin maidir le múinteoirí cláraithe. I rith na bliana, rinneadh naoi bhfiosrúchán, agus éisteadh le seacht gcinn díobh ina n-iomláine agus díbheadh dhá cheann díobh ag céim na réamhéisteachta. Dheimhnigh an Ard-Chúirt trí chinneadh smachtbhanna, agus baineadh an triúr díobh den chlár náisiúnta múinteoirí.

Idir mí an Mhárta 2023 agus mí an Mhárta 2024, formheasadh 40 clár ag 11 Institiúid Ardoideachais faoi Chéim (caighdeáin maidir le hoideachas tosaigh múinteoirí). Ceadaíodh clár nua amháin, an Dioplóma Iarchéime i nGníomhaíocht Bhreise, Aosach agus Pobail (PDFACE) agus fuair an Chomhairle aighneachtaí freisin do thrí chlár nua d’oideachas tosaigh múinteoirí le linn na bliana tuairiscithe.

Is féidir Tuarascáil Bhliantúil 2023/2024 na Comhairle a fheiceáil agus a íoslódáil ar ár suíomh gréasáin.