Aistrigh:
Gaeilge
English

1. Intreoir

1.1 Leagann na nósanna imeachta seo (“na Nósanna Imeachta”) amach conas a mheastar iarratais ar shíneadh ama chun cloí leis na coinníollacha a ghabhann le clárú an mhúinteora nuair atá measúnú le déanamh ar iarratais dá leithéid ag Painéal Clárúcháin na Comhairle Múinteoireachta (“an Painéal”) agus an Grúpa Athbhreithnithe Clárúcháin (“an Grúpa”). 

1.2 Ullmhaíodh na Nósanna Imeachta tar éis breithniú a dhéanamh ar na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 – 2015 (“an tAcht”), Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Clárú), 2016 (I.R. Uimh. 444 de 2016) agus Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Clárú) (Leasú), 2016 (I.R. Uimh 557 de 2016), dá ngairtear go comhpháirteach sna Nósanna Imeachta mar “na Rialacháin”. 

1.3 Tá na Nósanna Imeachta faoi réir an Achta agus na Rialachán i gcónaí. 

1.4 Féadfaidh an Coiste Clárúcháin, ag gníomhú thar ceann na Comhairle, na Nósanna Imeachta a leasú ó am go ham. 

2. An Painéal Clárúcháin

2.1 Tá coiste bunaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar a dtugtar an Painéal Clárúcháin (“an Painéal”), de bhun alt 24 den Acht. 

2.2 Tá seachtar ball den Chomhairle ar a laghad ar an bPainéal. Is é is córam do chruinniú den Phainéal ná tromlach simplí den bhallraíocht iomlán ag an am sin. 

2.3 Ag gníomhú thar ceann na Comhairle, áirítear i ról an Phainéil, i measc nithe eile, measúnú a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh maidir le stádas coinníollach na múinteoirí cláraithe lena n-áirítear iarratais ar shíneadh agus comhlánú na gcoinníollacha, seachas iad sin a fhorchuirtear mar thoradh ar imeachtaí oiriúnacht chun múineadh nó coinníollacha a fhorchuirtear mar chuid de mheasúnú oiriúnach agus cuí ag An bPainéal Measúnaithe maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht. Féadfar coinníollacha a fhorchuireadh mar thoradh ar mheasúnú cáilíochta ag an bPainéal Cáilíochtaí freisin, de réir mar is cuí. 

2.4 Bíonn cruinnithe an Phainéil ar siúl go príobháideach. 

2.5 Tacóidh rúnaíocht leis an bPainéal, ar a mbeidh ball amháin d’fhoireann na Comhairle Múinteoireachta nó níos mó, a bheidh freagrach as cúrsaí riaracháin chun tacú le feidhmiú an Phainéil. Féadfaidh daoine den sórt sin freastal ar chruinnithe an Phainéil. 

2.6 Féadfaidh comhairleoir dlí a bheith i láthair ag an bPainéal ag aon chéim dá chuid imeachtaí chun comhairle agus cúnamh dlí a thabhairt don Phainéal agus don rúnaíocht, ar aon ghné de bhreithniú an Phainéil ar ábhar a thagann os a chomhair. 

2.7 Sa chás go bhfuil ball den Phainéal ina bhall den Choiste Clárúcháin freisin, agus i gcás gur bhreithnigh an comhalta sin roimhe seo an t-iarratas ag céim an Phainéil, ní ghlacfaidh sé nó sí páirt in imeachtaí an Ghrúpa nuair a dhéanann duine iarratas ar athbhreithniú ar chinneadh an Phainéil sin chuig an nGrúpa. 

3. Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin

3.1 Tá coiste bunaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar a dtugtar an Painéal Clárúcháin de bhun alt 24 den Acht. 

3.2 Tá an Coiste Clárúcháin comhdhéanta de thriúr ball déag ar a laghad. Is é is córam do chruinniú den Choiste Clárúcháin ná tromlach simplí den bhallraíocht iomlán ag an am sin. 

3.3 Ag gníomhú thar ceann na Comhairle, i measc raon feidhme ghníomhaíochtaí an Choiste Clárúcháin mar atá leagtha amach i gCód Cleachtais na Comhairle, tá athbhreithniú á dhéanamh ar chinntí clárúcháin a rinne an Painéal, nuair a iarrann múinteoir é. Agus é sin á dhéanamh, tagraítear don Choiste Clárúcháin mar an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin (an “Grúpa”). 

3.4 Bíonn cruinnithe an Ghrúpa ar siúl go príobháideach. 

3.5 Tacóidh rúnaíocht leis an nGrúpa, ar a mbeidh ball amháin d’fhoireann na Comhairle Múinteoireachta nó níos mó, a bheidh freagrach as cúrsaí riaracháin chun tacú le feidhmiú an Ghrúpa. Féadfaidh daoine den sórt sin freastal ar chruinnithe an Ghrúpa. 

3.6 Féadfaidh comhairleoir dlí a bheith i láthair ag an nGrúpa ag aon chéim dá chuid imeachtaí chun comhairle agus cúnamh dlí a thabhairt don Ghrúpa agus don rúnaíocht, ar aon ghné de bhreithniú an Ghrúpa ar ábhar a thagann os a chomhair. 

3.7 Nuair a dhiúltaíonn an Painéal d’iarratas ar shíneadh ama, tabharfar deis don iarratasóir athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh ar an nGrúpa. 

3.8 Chun amhras a sheachaint, níl deis ann athbhreithniú a iarraidh ach amháin nuair a dhéantar iarratas ar shíneadh ama agus diúltaítear dó. Mura ndéantar aon iarratas ar shíneadh ama, rachaidh múinteoir cláraithe as feidhm ón gclár dá dtagraítear ag alt 8.1 thíos, agus níl deis ar bith athbhreithniú a bheith déanta. 

3.9 Sa chás go bhfuil ball den Phainéal ina bhall den Choiste Clárúcháin freisin, agus i gcás gur bhreithnigh an comhalta sin roimhe seo an t-iarratas ag céim an Phainéil, ní ghlacfaidh sé nó sí páirt in imeachtaí an Ghrúpa nuair a dhéanann múinteoir cláraithe iarratas ar athbhreithniú ar chinneadh a ghlac an Painéal gan iarratas ar shíneadh ama chun na coinníollacha a chomhlíonadh a thabhairt. 

3.10 Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin. 

4. Clárú Coinníollach

4.1 De réir alt 31(6)(b) den Acht, féadfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta duine a chlárú faoi réir coinníollacha cleachtais ghairmiúla iarcháilíochta (más ann dóibh) de réir mar is cuí leis an gComhairle, lena n-áirítear coinníollacha mar phromhadh, Droichead, fostaíocht iarcháilíochta agus clár Ceardlainne Ionduchtúcháin. Comhlíonfar coinníollacha den sórt sin laistigh de cibé tréimhse a shonraíonn an Chomhairle. 

4.2 De réir alt 33(16)(c) den Acht, féadfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta clárú múinteora atá cláraithe a athnuachan faoi réir cibé coinníollacha (más ann dóibh) a mheasann an Chomhairle atá cuí agus déanfar na coinníollacha a chomhlíonadh laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe ag an gComhairle. 

4.3 De réir na Rialachán, tabharfar clárú coinníollach do gach múinteoir nua-cháilithe (i.e. múinteoirí a chomhlíonann riachtanais na Comhairle ó thaobh cáilíochtaí, ach nach bhfuil an tréimhse riachtanach de chleachtas gairmiúil críochnaithe) a chomhlíonann critéir áirithe go dtí go gcríochnófar, go rathúil, cleachtas gairmiúil faoi mhaoirseacht, mar atá leagtha síos ag an gComhairle. 

4.4 Forálann na Rialacháin freisin gur féidir clárú coinníollach a thabhairt d’iarratasóir a thagann faoi raon feidhme an AE Treoir um Cháilíochtaí Gairmiúla ar feadh tréimhse sonraithe, chun ligean don iarratasóir tréimhse oiriúnaithe nó tástáil inniúlachta a dhéanamh. 4.5 Forálann na rialacháin freisin go bhféadfar clárú coinníollach a dheonú d’iarratasóirí ó thríú tíortha nach dtagann faoi raon feidhme Treoir an AE maidir le Cáilíochtaí Ghairmiúil. 

5. Prionsabail a rialaíonn iarratais ar shíneadh ama chun Coinníollacha a chomhlíonadh

5.1 Sa chás go bhfuil coinníollacha curtha le clárú múinteora ag an gcéim chláraithe tosaigh nó ag an gcéim athnuachana clárúcháin, agus sa chás inar theip ar an múinteoir na coinníollacha a chomhlíonadh laistigh den tréimhse shonraithe, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an gComhairle Mhúinteoireachta chun síneadh ama a fháil chun na coinníollacha a chomhlíonadh. 

5.2 Ní mór aon iarratas ar shíneadh ama a dhéanamh sula dtéann an tréimhse sonraithe in éag. Ní mór an t-iarratas a dhéanamh ar an bhfoirm atá forordaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta. 5.3 Déanfaidh an Painéal agus an Grúpa a ndícheall gníomhú go réasúnta agus go comhréireach ar bhonn an eolais atá ar fáil dóibh. 5.4 Déanfaidh an Painéal agus an Grúpa gach faisnéis ábhartha atá ar fáil a mheas. 

5.5 Déanfaidh an Painéal agus an Grúpa an fhaisnéis go léir a mheas i mbabhta agus ar bhealach comhréireach, a thugann aird chuí ar leas an phobail, lena n-áirítear 

a) Muinín an phobail sa ghairm a chothabháil; agus

b) An tábhacht a bhaineann le caighdeáin chearta sa ghairm a sheasamh

5.6 Beifear ag súil go soláthróidh múinteoirí cláraithe, a dhéanann iarratas ar shíneadh ama, fianaise ar a gcuid iarrachtaí na coinníollacha a chomhlíonadh. 

5.7 Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh cé acu ar cheart iarratas ar shíneadh ama a thabhairt chun na coinníollacha a chomhlíonadh, d’fhéadfadh go mbeidh aird ag an bPainéal agus ag an nGrúpa ar roinnt de na gnéithe seo a leanas nó ar na gnéithe go léir 

(a) Na cúiseanna a thugtar nár comhlíonadh na coinníollacha; 

(b) An fad ama atá an múinteoir cláraithe ar an gclár; 

(c) Ar deonaíodh síneadh ama roimhe seo? 

(d) Méid na n-iarrachtaí atá déanta ag an múinteoir cláraithe na coinníollacha a chomhlíonadh; 

(e) Toradh iarrachtaí roimhe seo na coinníollacha a chomhlíonadh, agus aon ábhar tacaíochta nó cáipéisí tacaíochta; 

(f) An bhfuil an múinteoir ag obair (nó a bhí ag obair) mar mhúinteoir agus mura bhfuil, na cúiseanna leis sin? 

(g) An bhfuil nó an raibh an múinteoir ag obair i suíomh incháilithe chun comhlíonadh na gcoinníollacha a chumasú, agus mura bhfuil, na cúiseanna leis sin? 

(h) Méid na n-iarrachtaí a rinneadh chun fostaíocht a fháil i suíomh incháilithe; 

(i) Méid an chomhoibrithe agus na rannpháirtíochta ag an múinteoir cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta maidir leis na coinníollacha. 

5.8 Ní liosta uileghabhálach an liosta thuas 

6. Céim an Phainéil Chlárúcháin

6.1 Nuair a dhéanann múinteoir iarratas ar shíneadh ama chun coinníollacha a chomhlíonadh, féadfar an t-iarratas a chur chuig an bPainéal chun go ndéanfaidh siad é a mheas. 

6.2 Féadfar tuilleadh eolais a lorg ón múinteoir, nó ó aon duine, eagraíocht nó gníomhaireacht ábhartha chun aon chuid den fhaisnéis atá curtha isteach ag an múinteoir a dhearbhú mar chuid den iarratas ar shíneadh ama. 

6.3 Cuirfear aon cháipéisíocht bhreise a gheofar ar fáil don mhúinteoir roimh chinneadh a bheith déanta ag an bPainéal agus tabharfar deis don mhúinteoir aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn chuig an bPainéal. 

6.4 Má chinneann an Painéal síneadh ama a thabhairt, tabharfar tréimhse bhreise ama don mhúinteoir chun na coinníollacha atá ceangailte lena c(h)lárúchán a chomhlíonadh. 

6.5 Má chinneann an Painéal gan síneadh ama a thabhairt don mhúinteoir cuirfear an cinneadh seo in iúl dóibh. Cuirfear an múinteoir ar an eolas faoina c(h)eart athbhreithniú a lorg ar an nGrúpa ar chinneadh an Phainéil. 

6.6 Tabharfaidh an Painéal cúiseanna lena chinneadh. 

7. Céim an Ghrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin

7.1 Ní mór do mhúinteoir aon iarratas ar athbhreithniú ón nGrúpa a dhéanamh i scríbhinn. Ní mór an t-iarratas seo a dhéanamh laistigh de 21 lá féilire ón lá a fhaigheann an múinteoir cinneadh an Phainéil. 

7.2 Tabharfar deis don mhúinteoir aighneachtaí scríofa a dhéanamh agus aon fhaisnéis bhreise agus/nó cáipéisí a bhaineann le hathbhreithniú an Ghrúpa ar chinneadh an Phainéil a thabhairt. Tabharfar aon fhaisnéis bhreise agus/nó cáipéisí a fuarthas, chomh maith leis na cáipéisí a bhí os comhair an Phainéil don Ghrúpa lena mbreithniú. 

7.3 Féadfaidh an Grúpa tuilleadh faisnéise a lorg. Féadfaidh an Grúpa faisnéis a lorg ón múinteoir, nó ó aon duine, eagraíocht nó gníomhaireacht ábhartha eile chun aon chuid den fhaisnéis a chuir an múinteoir isteach a dhearbhú. 

7.4 Breithneoidh an Grúpa gach cáipéis a cuireadh ar fáil dó agus aon aighneachtaí a rinneadh. 

7.5 Cuirfear gach cáipéis a gheofar ar fáil don mhúinteoir sula ndéanann an Grúpa cinneadh. 

7.6 Breithneoidh an Grúpa cinneadh an Phainéil, gach cáipéis a cuireadh ar fáil dó agus aon aighneachtaí a rinneadh agus déanfaidh sé cinneadh chun: 

(a) An t-iarratas ar shíneadh ama a cheadú chun coinníollacha a chomhlíonadh, nó 

(b) Gan an t-iarratas ar shíneadh ama a cheadú chun coinníollacha a chomhlíonadh 

7.7 Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Ghrúpa. 

7.8 Tabharfaidh an Grúpa cúiseanna lena chinneadh. 

8. Loiceadh coinníollacha a chomhlíonadh laistigh d’am sonraithe nó laistigh de shíneadh na tréimhse sonraithe

8.1 Nuair a chuirtear coinníoll le clárú múinteora cláraithe ag an gcéim chláraithe tosaigh nó athnuachana clárúcháin, agus i gcás nár chomhlíon múinteoir an coinníoll sin laistigh den am sonraithe nó laistigh d’aon síneadh ar an tréimhse ama sonraithe, rachaidh sé/sí as feidhm ón gclár. 

8.2 Mar sin, mura ndéanann múinteoir cláraithe iarratas ar síneadh ama rachaidh sé nó sí as feidhm ón gclár. 

9. Ginearálta

9.1 Ní fhágfaidh neamh-chomhlíonadh na Nósanna Imeachta imeachtaí nó céimeanna ar bith ar neamhní mura n-ordaíonn an Painéal nó an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin, de réir mar a bheidh, amhlaidh. Is féidir na nósanna imeachta nó céimeanna den sórt sin a chur ar leataobh go hiomlán nó go páirteach mar neamhrialta, nó a leasú nó déileáil leo ar shlí eile ar cibé modh nó ar cibé téarmaí is cuí leis an bPainéal nó leis an nGrúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin, de réir mar a bheidh. 

9.2 Ní dhéanfaidh mír 9.1 difear do na ceanglais chun aon fhoráil reachtúil nó na Rialacháin a chomhlíonadh. 

9.3 Déanfaidh an Painéal agus an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin a ndícheall iarratais a phróiseáil chomh gasta agus is féidir, ag cur ceartais agus aon srianta riaracháin san áireamh freisin. 

9.4 Gníomhóidh an Painéal agus an Grúpa Athbhreithnithe maidir le Cúrsaí Clárúcháin i gcónaí de réir phrionsabail na nósanna imeachta cothroma. 

9.5 Tá na Nósanna Imeachta ceadaithe ag an gComhairle ar chomhairle ón gCoiste Clárúcháin agus déanfar athbhreithniú orthu ar bhonn tréimhsiúil más gá. 

9.6 Ní dhéanfar aon leasú ar na Nósanna Imeachta mura gcuirtear fógra faoin leasú molta go foirmiúil os comhair cruinnithe den Choiste Clárúcháin.