Aistrigh:
Gaeilge
English

Cuid 1: Do chuid sonraí

Iarrfar ort na sonraí seo a leanas a chur ar fáil:

  • D’ainm
  • Uimhir na Comhairle Múinteoireachta
  • Do phost múinteoireachta
  • Do ríomhphost
  • D’uimhir theileafóin

Cuid 2: Eolas maidir le Príomhscoil

Iarrfar ort a dheimhniú go dtuigeann tú go bhfuil iarratas á dhéanamh agat thar cheann na scoile ceannais agus, má éiríonn leis an iarratas, go n-íocfar an sparánacht isteach i gcuntas bainc na scoile sin.

Iarrfar ort na sonraí seo a leanas a chur ar fáil:

  • Ainm na scoile
  • Seoladh na scoile
  • Uimhir rolla na scoile
  • Type of school (e.g. primary, post-primary, special school, FE college etc)
  • School profile (e.g. mainstream, Gaelscoil, DEIS etc.)
  • Ainm an Phríomhoide
  • Ríomhphost an Phríomhoide
  • Uimhir theileafóin an Phríomhoide

Cuid 3: Iarratas ar sparánacht

Iarrfar ort méid na sparánachta atá á lorg agat a roghnú:

  • €2,000 – Gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla a bhaineann le dhá scoil
  • €3,000 – Gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla trasearnála a bhaineann le dhá scoil nó níos mó scoil
  • €5,000 – Gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla trasearnála a bhaineann le trí nó níos mó scoil

Cuid 4: Eolas do Scoileanna Comhoibritheacha

Iarrfar ort na sonraí seo a leanas a sholáthar le haghaidh gach scoile comhoibrithí:

  • Ainm agus seoladh na scoile
  • Uimhir rolla na scoile
  • Ainm an Phríomhoide
  • Ríomhphost an Phríomhoide
  • Uimhir theileafóin an Phríomhoide

Iarrfar ort a dheimhniú go dtuigeann tú go bhfuil an Príomhoide nó Príomhoidí ar an eolas faoi agus go dtacaíonn siad le d’iarratas agus is féidir go rachaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta i dteagmháil leo chun críocha fíoraithe.

Ní mór toiliú don iarratas a lorg ó phríomhoide, Príomhoide Tánaisteach nó duine cuí maidir le gach scoil chomhoibrithe a dtugtar cur síos orthu san iarratas seo sula gcuirtear an t-iarratas isteach.

Cuid 5: Gníomhaíochtaí atá Molta

Iarrfar ort na ceisteanna seo a leanas faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe agat a fhreagairt:

 

Tabhair cur síos mionsonraithe ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ar amlíne beartaithe. Bí cinnte a chur san áireamh:

  • eolas faoin gcaoi a bhfuil na gníomhaíochtaí seo ag teacht le spriocanna na sparánachta,
  • eolas faoin gcaoi a luaitear an comhoibriú idir na scoileanna san iarratas seo, agus
  • eolas faoi aon chomhoibriú breise e.g. le hinstitiúid ardoideachais, le hionad tacaíochta oideachais áitiúil nó ionad oideachais, mar shampla, suíomh Ógtheagmháil srl.

(Uasmhéid 500 focal)

 

Roghnaigh an réimse/na réimsí is fearr a thugann cur síos ar do chuid gníomhaíochtaí molta:

  • Pobail foghlama ghairmiúla a fhorbairt le scoileanna eile
  • Feidhmiú mar óstach ar cheardlanna/imeachtaí ar son múinteoirí ó scoileanna éagsúla
  • Cuireadh a thabhairt do chainteoir do sheisiún eolais
  • Comhchlár/comhimeacht forbartha gairmiúil a eagrú
  • Staidéar ceachta a eagrú i gcomhar le scoil(eanna) eile

 

Roghnaigh an téama/na téamaí ar a bhfuil d’iarratas bunaithe:

  • Cleachtas Ionchuimsitheach
  • Múineadh na Gaeilge
  • Ceannaireacht agus Caidrimh Ghairmiúla
  • Folláine
  • Ailíniú le beartas ainmnithe na Comhairle Múinteoireachta nó Beartas nó Straitéis na Roinne Oideachais

 

Déan cur síos ar aidhmeanna agus cuspóirí do thionscadail (Uasmhéid 100 focal)

 

Cén tionchar a cheapann tú a bheidh ag na gníomhaíochtaí atá molta ar fhoghlaim ghairmiúil gach baill foirne agus scoile a bheidh rannpháirteach?(Uasmhéid 500 focal)

 

An bhfuil maoiniú á fháil (nó an raibh maoiniú á fháil roimhe seo) ó scéim sparánachta/deontas srl. ag do thionscadal comhoibritheach atá molta?

Cuid 6: Miondealú ar an mBuiséad

Iarrfar ort:

Déan cur síos ar mhiondealú ar an mbuiséad atá soiléir agus mion, lena n-áirítear gach costas ionchais. Ba chóir go mbeadh miondealú ar na gnéithe seo a leanas san áireamh anseo:

  • Míreanna buiséid
  • Cur síos ar mhír bhuiséid
  • Costas
  • Eolas breise de réir mar is cuí

Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh ar fhaighteoirí sparánachta forbhreathnú leathan a chur isteach ar an gcaoi ar caitheadh an sparánacht. Ní mór an forbhreathnú seo ar chaiteachas a chur isteach roimh mhí Iúil 2025.

Cuid 7: Sócmhainn dhigiteach a chruthú

Iarrfar ort na ceisteanna seo a leanas faoi do shócmhainn dhigiteach a fhreagairt:

Roghnaigh an cineál sócmhainne digiteacha a bhfuil sé i gceist agat a chruthú ar mhaithe le do ghníomhaíocht a thaispeáint:

  • Roinnt grianghraf ina dtaispeántar na gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla idir lámha
  • Machnamh físe
  • Déantán Digiteach (e.g.T-REX byte nó padlet)
  • Póstaer
  • Eile

 

Tabhair cur síos gairid ar an gcaoi a gcruthóidh tú an tsócmhainn dhigiteach, agus ar cad a léireoidh sé faoi na gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla agus a dtionchar. (Uasmhéid 150 focal)

Cuid 8: Deimhniú Deiridh

Iarrfar ort a dheimhniú go bhfuil:

  • Gach eolas san iarratas seo cruinn agus iomlán
  • Tuigim, má éiríonn liom, go gcaithfidh mé na cistí a úsáid mar atá leagtha amach i m’iarratas agus aontaím go gcuirfidh mé forbhreathnú leathan ar fáil
  • Má éiríonn liom, aontaím sócmhainn dhigiteach agus machnamh gearr scríofa a chur isteach agus páirt a ghlacadh i suirbhé aiseolais

Conas Iarratas a Dhéanamh

Tar éis duit na treoirlínte a léamh, cuir isteach d’fhoirm ar líne anseo:

Foirm Iarratais

Eolas Teagmhála

Má bhíonn aon cheisteanna agat nó má theastaíonn eolas breise uait, déan teagmháil le feilte@teachingcouncil.ie