Cláraigh chun Múineadh
Más múinteoir thú, is ceanglas dlíthiúil clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta chun tuarastal stáit a fháil. Cinntíonn sé seo go bhfuil gach uile múinteoir mar ghairmí cáilithe, cumasach agus eiticiúil.
Grinnfhiosrúchán
Go dlíthiúil, ceanglaítear ar gach múinteoir a bheith grinnfhiosraithe ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin. Is é ról na Comhairle Múinteoireachta grinnfhiosrúchán a riaradh do mhúinteoirí in Éirinn.
Feidhmiúlacht chun Múineadh
Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta freagrach as ardchaighdeáin ghairmiúla a chur chun cinn sa mhúinteoireacht, ar mhaithe le daltaí agus mic léinn, agus ar mhaithe leis an ngairm freisin.
Foghlaim Ghairmiúil
Do mhol cuimsitheach do gach ní a bhaineann le teagasc agus oideachas. Gheobhaidh tú saibhreas d’acmhainní luachmhara chun tacú le do thuras mar oide, lena n-áirítear taighde léargasach i scoileanna, bailiúchán fairsing acmhainní le fiosrú agus leabharlann ar líne do mhúinteoirí cláraithe.
Fúinn
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an rialálaí ar ghairm na múinteoireachta in Éirinn. Is é an ról atá againn ná an pobal a chosaint trí chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú.