Aistrigh:
Gaeilge
English

Mura raibh ach cuid de do phromhadh críochnaithe

Beidh ort do phróiseas promhaidh a chríochnú má thiteann tú faoi na nithe seo a leanas:

  • Rinne tú an chéad 50 lá den phróiseas promhaidh, ach go bhfuil ort fós an 50 lá deiridh a chríochnú
  • Bhí tú páirteach sa phróiseas promhaidh roimhe seo ach níor éirigh leat.

Rogha 1: Comhlánaíonn tú Droichead má tá tú fostaithe ar feadh 60 lá nó níos mó i suíomh incháilithe.

Mura féidir leat an riachtanas 60 lá a chomhlíonadh 

Rogha 2: Féadfaidh tú Droichead a chomhlánú má tá tú fostaithe ar feadh 50-59 lá i suíomh incháilithe mar go n-aithnítear go bhfuil suas le 10 lá creidmheasa ar an tseirbhís 50 lá nó níos mó a chríochnaigh tú.

Rogha 3: Is féidir leat Droichead a chríochnú laistigh de 50 lá ar a laghad má chuir tú tús leis an bpróiseas promhaidh le linn na scoilbhliana 2019/2020.

Tar éis duit an promhadh a chríochnú

Nuair a bheidh sé críochnaithe, le do thoil:

  • Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú
  • Uaslódáil fianaise gur comhlíonadh an coinníoll seo

Is féidir leat tuilleadh eolais a léamh faoin rogha oidhreachta seo sna Nósanna Imeachta agus Critéir um Chleachtas Gairmiúil Iarcháilíochta.