Aistrigh:
Gaeilge
English

D’fhéadfaí easnaimh cháilíochta a shainaithint i gcáilíochtaí fochéime agus/nó múinteoireachta agus d’fhéadfadh siad seo a leanas a bheith i gceist:

  • Easnaimh in eolas ábhair churaclaim
  • Bonnstaidéar san oideachas
  • Modheolaíochtaí teagaisc ábhair
  • Cleachtadh múinteoireachta.

Ní dheonaíonn an Chomhairle clárú coinníollach sna cásanna seo a leanas:

  • Má tá cuid de cháilíocht críochnaithe agat
  • Murar aithníodh mar mhúinteoir thú roimhe seo
  • Más léir go bhfuil easnamh cáilíochta agat nuair a rinne tú iarratas.

Cuirfimid na heasnaimh cháilíochta in iúl duit nuair a chríochnaíonn tú an próiseas clárúcháin. Déantar na coinníollacha agus a ndátaí éaga a thaifeadadh ar an gclár agus ar an litir chlárúcháin.

Nuair a bheidh sé críochnaithe, le do thoil:

  • Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú
  • Uaslódáil fianaise gur comhlíonadh an coinníoll seo

Reachtaíocht

Tá an beartas seo ag teacht le Treoir Eorpach 2005/36/CE, arna trasuíomh go Dlí na hÉireann in Ionstraim Reachtúil Uimh. 139 de 2008.