Aistrigh:
Gaeilge
English

Cad é Droichead?

Is fáilte a chur roimh MNCanna ag a gcomhghleacaithe a bhfuil taithí acu ar cheann de na gairmeacha is tábhachtaí sa tsochaí atá i gceist le Droichead. 

Tá sé deartha i gcomhoibriú leis an ghairm le béim a chur ar thábhacht an ionduchtaithe do mhúinteoirí nua cháilithe. Aithníonn sé ionduchtúcháin mar chéim áirithe ar leanúntas oideachais mhúinteoireachta, próiseas sóisialú isteach sa ghairm mhúinteoireachta. Is bealach é Droichead le tacú le múinteoirí nua cháilithe de réir mar a bhogann siad ó oideachas tosaigh múinteoireachta mar múinteoir faoi oiliúint ar aghaidh chuig a ngairm mar múinteoir. 

Is é príomhchuspóir phróiseas Droichead ná tacú le foghlaim ghairmiúil MNCanna le linn na céime ionduchtaithe, agus ar an gcaoi sin an bhunchloch a leagan don fhás agus don fhoghlaim ghairmiúil ina dhiaidh sin don chéad chéim eile dá ngairm bheatha. 

Sa mhúinteoireacht, mar atá i ngach post, is féidir leis an chéim ionduchtaithe a bheith sprionlaithe agus tairbheach, ach dúshlánach chomh maith. 

Fuair mé post!” 

“Tá cruinnithe múinteoirí agus tuismitheoirí ar siúl an tseachtain seo chugainn”. 

“Is breá liom an t-ábhar seo a mhúineadh!” 

“Tá sceitimíní orm tús a chur leis!” 

“Níl an lá sách fada”. 

“An síleann gach duine meas tú, go bhfuil an phleanáil casta?” 

Is é barúil Droichead ná gurb iad na daoine is fearr le tacaíocht a thabhairt do MNC ná comhghleacaithe a bhfuil a lán taithí acu agus a bhfuil eolas domhain acu ar mhúinteoireacht agus foghlaim ina gcuid scoileanna. 

Tagann beirt nó níos mó múinteoirí lena lán taithí i Scoileanna Droichead le chéile mar Foireann Tacaíochta Gairmiúil nó FTG agus oibríonn siad go comhoibríoch leis an MNC le himeachtaí foghlama cuí a phleanáil a thacóidh leis an MNC le linn a p(h)róiseas Droichead. 

Mar sin, cad í an chuma atá ar an tacaíocht seo don MNC? 

Tá dhá shnáithe sa phróiseas Droichead; Snáithe A – ionduchtú scoilbhunaithe agus Snáithe B – Imeachtaí Foghlama Gairmiúla breise. 

Is féidir leis na rudaí seo, mar shampla, a bheith san áireamh maidir le himeachtaí ionduchtaithe scoilbhunaithe in Snáithe A:  

  • Deiseanna le bheith níos eolaí ar cleachtais agus polasaithe na scoile 
  • Deiseanna le cuairt a thabhairt ar sheomraí ranga eile agus scoileanna eile 
  • Deiseanna le comhráite gairmiúla a úsáid le plé a dhéanamh ar mhúinteoireacht agus foghlaim le do chomhghleacaithe 
  • Deiseanna le machnamh a dhéanamh ar fhoghlaim agus dul chun cinn 

Is féidir leis na rudaí seo, mar shampla, a bheith san áireamh maidir leis na himeachtaí Foghlama Gairmiúla Breise i snáithe B:  

  • Deiseanna le bualadh le MNCanna eile ag cnuaschruinnihte 
  • Freastalaíonn MNCanna ar chnuaschruinniú amháin in aghaidh téarma a bpróiseas Droichead 
  • Páirt a ghlacadh in imeacht Foghlaim Ghairmiúil eile, mar shampla FÉILTE, an Féile Oideachais i bhfeabhas Foghlama agus Múinteoireachta, cruinniú chomhchumann ábhair, nó comhdháil nó cúrsa ábhartha i d’ionaid oideachais áitiúla. 

Cuireann Droichead cuid mhór deiseanna ar fáil do mhachnamh aonarach agus grúpa. Déanfaidh MNCanna machnamh ar amanna de fhoghlaim tábhachtach le linn an phróisis le cuidiú leo pleanáil a dhéanamh do dheiseanna foghlaim ghairmiúil amach anseo. Tugtar Taisce ar seo. Is féidir físeán eolais faoi Taisce a fháil i roinn Físeáin Droichead de shuíomh na Comhairle Múinteoireachta. Ní mór do scoileanna ar mhaith leo tuilleadh eolais faoi Droichead a fháil amach dul i dteagmháil leis an CNIM ar www.teacherinduction.ie. 

Droichead, do fháilte fhoirmiúil go dtí gairm na múinteoireachta. 

Taisce

Mar chuid de phróiseas Droichead, cuirfear tacaíocht ar fáil duit le machnamh a dhéanamh ar do chleachtas gairmiúil, agus ag bailiú samplaí de do fhoghlaim. Cuideoidh an bailiúchán seo leat le do riachtanais mar mhúinteoir nuacháilithe agus chomh maith leis seo, cuideoidh sé leat do chleachtas agus foghlaim a fhorbairt. Do Thaisce atá tugtha air. 

Is é Taisce an t-ainm Gaeilge ar ‘treasure trove’. Is bealach é Taisce leis na trí chéim de leanúntas an oideachais múinteoireachta a nascadh le chéile. Nascann sé oideachas tosaigh múinteoireachta an mhúinteora san ollscoil nó sa choláiste le Droichead, ionduchtú an mhúinteora nuacháilithe sa ghairm; agus le Cosán, páirt leanúnach an mhúinteora a bhfuil a lán taithí acu le foghlaim ghairmiúil. 

Aithníonn an Chomhairle Mhúinteoireachta, ina polasaí ar an leanúntas, múinteoirí mar fhoghlaimeoirí fad saoil. Is gléas é Taisce gur féidir leat a úsáid le machnamh a dhéanamh ar ghné ar bith de do fhoghlaim agus cleachtas. Bailíonn tú féin é agus úsáideann tú é le cur le do fhorbairt mar mhúinteoir. 

Mar mhúinteoir nua cháilithe, déanfaidh tú machnamh ar do amanna de fhoghlaim tábhacht; do smaointí agus barúlacha; roinnt áiseanna agus suíomhanna úsáideacha; obair do chuid scoláirí i measc rudaí eile. 

Is féidir de cuid de na machnaimh seo teacht ó do chuid oibre sa seomra ranga; is féidir le cuid teacht ó do chomhráite neamhfhoirmeálta le comhghleacaithe agus cairde; beidh cuid eile mar chuid de do chomhráite níos foirmeálta, gairmiúla le do FTG. 

Tá comhráite gairmiúil lárnach le Droichead, ach is é an príomhphointe anseo ná, go ndéanann tusa, an MNC, cinneadh ar ábhar na gcomhráite seo, bunaithe ar do riachtanais phearsanta. I ndiaidh machnamh a dhéanamh ar am nó comhrá, b’fhéidir go dtagann tú ar chinneadh, gur mhaith leat é a bhailiú mar ghrianghraf, físeán, nó píosa eolais tábhacht, nó is féidir leat roghnú bheith ag scríobh faoi. Is suas duit féin é, cén rud a bhailíonn tú. Chomh maith leis sin, is suas duit féin é an dóigh a bhailíonn tú é. 

Is féidir leat rogha a ghlacadh úsáid a bhaint as leabhar gearrthóg digiteach nó fillteán. Cibé dóigh a roghnaíonn tú, ní mór dó an dóigh is fearr a fhoghlaimíonn tú a léiriú, agus ba chóir dó a bheith furasta duit é a oscailt, cur leis agus baint as. Ná déan dearmad: is é seo do Thaisce, mar sin roghnaíonn tú féin an struchtúr is fearr le dul le do stíl foghlama. 

Chomh luath agus a chuireann tú rudaí le do bhailiúchán príobháideach, is féidir leat ceann nó níos mó acu a roghnú le roinnt le do Fhoireann Tacaíochta Gairmiúil. Thiocfadh leat seo a dhéanamh le príomhfhoghlaim a léiriú, le tacaíocht i ngné a iarradh, agus le pleanáil a dhéanamh don rud gur mhaith leat díriú air amach anseo. Tá seans ann go molfaidh do FTG leabhar nó suíomh a chuideoidh leat do fhoghlaim a fheabhsú. Nó b’fhéidir, go molfaidh siad comhrá a dhéanamh le comhghleacaí ar a bhfuil suim ar leith nó saineolas acu sa ghné sin. Chomh maith leis seo, tá seans ann go mbeidh imeacht ag teacht anuas, comhdháil nó ceardlann mar shampla, a chuirfeadh deiseanna breise foghlama ar fáil duit. Is féidir leat rogha a ghlacadh freastal air seo mar chuid de do riachtanas Imeacht Foghlama Gairmiúil Breise de Snáithe B de Droichead. Sa dóigh seo, cuirtear muinín ionat, mar duine gairmiúil, do chinntí féin faoi do fhoghlaim ghairmiúil a dhéanamh. 

Seo cuid samplaí de na rudaí a rinne MNCanna eile roimhe seo: 

“Mar sin, ó thús mo thaithí le Droichead, bhí a fhios agam gur fillteán príobháideach é seo, mar sin thiocfadh liom rud ar bith a chur isteach ann, mar sin mhothaigh mé go dtiocfadh liom a bheith chomh ionraic agus gur féidir liom a bheith. Bhí mé in ann é a úsáid ar mhaithe le mo mhachnaimh féin, in áit bheith ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhuine eile. An fáth ar choinnigh mé é i bhfillteán ná gur shíl mé go raibh sé níos furasta an páipéar a láimhseáil, in áit bheith ag dul ar líne an t-am ar fad, is dócha. Bhí rudaí difriúla a bhailigh mé thar an dá bhliain a chaith mé le Droichead mar chuid de. Ceann de na rudaí sin a bhainim úsáid as go fóill ná rud a tháinig chun cinn le linn chruinniú a bhí agam le mo mheantóir agus ní raibh mé compordach léitheoireacht faoi threoir a mhúineadh, mar ba rud nua as an bpíosa dom é i mbliana. Mar sin, thug sí é seo dom, agus is iad seo ná, na scileanna uile atá le múineadh agat ó thús léitheoireacht faoi threoir; agus bainim úsáid as go fóill. Mar sin is é seo mo phríomhphíosa de shórt, más maith leat, a bhí mé ag iarraidh a roinnt ó mo Thaisce.” 

Don chlár Taisce, mar chuid de phróiseas Droichead, ghlac mé an rogha an iPad a úsáid le taifead a dhéanamh ar chuid de na hamanna múinte a ndeachaigh muid i ngleic leo. D’amharc muid go gearr ar an dóigh gur féidir leis an gclár Aistear scileanna páiste áirithe amháin a fhorbairt. Labhair mé leis an Múinteoir Tacaíocht Foghlama, an múinteoir acmhainne, CSRanna sa scoil, leis an bealach is fearr a oibriú amach chun dul chun cinn an pháiste áirithe a fhorbairt. Tharraing an pháiste siar ar bhonn leanúnach ó mhúineadh príomhshrutha, mar sin chuir muid an clár i bhfeidhm ar leas imeascadh an pháiste sa seomra ranga, agus le bheith níos muiníní agus compordaí sa suíomh i measc a phiaraí. Trí húsáid a bhaint as réimse áiseanna thart an seomra ranga, go háirithe bhí bó 3T ann, Daisy, mar sin ghlac muid an rogha go mbainfeadh muid úsáid as an téama sin le cuidiú leis an bpáiste dul i mbun an phróisis foghlama. D’oibrigh sé, go mór, dá dhul chun cinn le cúpla seachtain anuas. Maidir le mo mhúineadh féin sa seomra ranga, agus an dóigh le cianfhoghlaimeoirí a spreagadh le teacht chun tosaigh, bhí sé ina chuidiú iontach, mar bhí mé ag glacadh na céimeanna beaga agus ag baint an-chuid amach sa seomra ranga.” 

Mar sin, mar achoimre, is bealach é Taisce le tacú leat, mar mhúinteoir nuacháilithe, machnamh a dhéanamh ar do fhoghlaim le linn do thuras Droichead. Ná déan dearmad: machnamh a dhéanamh ar do phríomhfhoghlaim, machnamh a dhéanamh ar do smaointí, agus roghnaigh rudaí le roinnt le do Fhoireann Tacaíochta Gairmiúil le cuidiú leat pleanáil a dhéanamh ar an rud le díriú air amach anseo. 

Taisce: do mhachnaimh, do fhoghlaim, do thuras, agus is agatsa a bhíonn an smacht. 

Conas Foirm D Droichead a líonadh ar líne

  1. Logáil isteach ar do chuntas Mo Chlárú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta: www.teachingcouncil.ie. 
  2. Roghnaigh ‘Mo Choinníollacha’. 
  3. Faoi Choinníoll Droichead, roghnaigh ‘Féach ar shonraí’. 
  4. Roghnaigh ‘Tosaigh Iarratas Foirm D’. 
  5. Cuir tú féin ar an eolas faoin doiciméad tábhachtach agus na fógraí thuas sula roghnaíonn tú ‘Tosaigh ar Iarratas Foirm D’ 
  6. Beidh an eolas a chur tú ar fáil roimhe seo, nuair a rinne tú d’iarratas ar Droichead ar fáil sa roinn Eolas Pearsanta agus Eolas Fostaíochta. 
  7. Beidh an eolas a chur tú ar fáil roimhe seo, nuair a rinne tú d’iarratas ar Droichead ar fáil sa roinn Ionduchtaithe Scoilbhunaithe (Snáithe A). Caithfidh tú tic a chur le dearbhú gur chríochnaigh tú an riachtanas íosmhéid ama agus líonann tú an dá réimse éigeantach. 
  8. Ní mór duit anois an leathanach Imeacht Foghlama Gairmiúil a líonadh: 
    1. Maidir le Cnuaschruinnithe, caithfidh tú an rogha a bhaineann leat a roghnú: 
      1. Dearbhaíonn tú gur chríochnaigh tú cnuaschruinniú amháin in aghaidh an téarma do fhad do thréimhse Droichead dearbhaíonn tú gur chríochnaigh tú cheana féin an 20 uair iomlán den Chlár Ceardlainne Ionduchtaithe agus Cnuaschruinniú Uimhir 1. 
      2. Ó do fhillteáin féin, caithfidh tú Teastas Críochnaithe do gach Cnuaschruinniú a fhreastalaíonn tú orthu a uaslódáil ansin don tairseach. Brú ar ‘Roghnaigh Fillteán, roghnaigh na Teastais ó do fhillteán féin agus uaslódáil.
    2. Anois, maidir le do Imeachtaí Foghlama Gairmiúil, caithfidh tú an rogha a bhaineann leat a roghnú:
    3. Dearbhaíonn tú gur chríochnaigh tú cheana féin an 20 uair iomlán den Chlár Ceardlainne Ionduchtaithe agus mar sin de ní chaithfidh tú an Imeacht Foghlama Gairmiúil eile dearbhaíonn tú gur ghlac tú páirt in imeacht amháin eile de Imeacht Foghlama Gairmiúil maidir le do riachtanais féin agus mar atá aitheanta le do FTG. Sa chás seo, ní mór duit ainm céanna agus an dáta nó dátaí ar tharla sé a thabhairt chomh maith le fad an imeachta. 
      1. Faoin Roinn Cleachtais Machnamhach, cuir tic le tabhairt le fios gur ghlac tú páirt i gcleachtas machnamhach agus go ‘gcreideann tú go bhfuil tú réidh bogadh ar aghaidh chuig an chéad chéim eile de do fhoghlaim ghairmiúil. Ansin tabhair eolas ar ghné(anna) suime do d’fhoghlaim ghairmiúil sa todhchaí. 
  9. Anois, caithfidh tú do Fhoirm Chomhdhearbhaithe a íoslódáil agus a phriontáil. 
  10. Ní mór duit agus do gach baill de do Fhoireann Tacaíochta Gairmiúil athbhreithniú a dhéanamh ar an 5 leathanach den Fhoirm Chomhdhearbhaithe le haghaidh cruinnis sula síníonn tú agus go gcuireann tú stampa uirthi. 
    1. Ní ghlactar le sínithe digiteacha nó stampaí digiteacha. Caithfidh tú a chinntiú go síníonn tú agus do Fhoireann Tacaíochta Gairmiúil an fhoirm ag baint úsáid as peann agus go bhfuil stampa curtha ar an bhfoirm le stampa oifigiúil na scoile. Sa chás nach bhfuil stampa na scoile ag an scoil, is féidir leat ríomhphost/ráiteas ón scoil a mhíníonn é seo a chur ar fáil agus é a uaslódáil chomh maith le do Fhoirm Chomhdhearbhaithe. 
    2. Chomh luath agus atá an fhoirm sínithe agus stampa curtha léi caithfidh tú gach leathanach den 5 leathanach uile a shábháil i do fhillteáin féin. 
    3. Anois, nuair atá tú réidh do Fhoirm Chomhdhearbhaithe (an 5 leathanach uile) sínithe agus le stampa uirthi a uaslódáil, logáil isteach chuig do thairseach agus brú ar ‘Iarratas’ agus faoi ‘M’Iarratas atá idir lámha go fóill’ brú ar ‘Lean ar aghaidh’ faoi do ‘Fhoirm D. 
    4. Brú ar Chomhdhearbhú. Brú ar bharr an scáileáin agus uaslódáil do Fhoirm Chomhdhearbhaithe trí bhrú ar ‘Roghnaigh Fillteán, ansin faigh an Fhoirm Chomhdhearbhaithe ar ais agus a bhfuil gach leathanach den 5 leathanach ó do fhillteáin féin agus tabhair faoi uaslódáil. 
    5. Brú ar ‘Cuir Isteach’. 
    6. Gheobhaidh tú láithreach teachtaireacht agus ríomhphost ina dhiaidh ag gabháil buíochas leat as do Fhoirm D a chur isteach. Beidh an Fhoirm D próiseáilte in ord an dáta a fhaightear í. 
    7. Nuair a bhfuil sí próiseáilte, agus go bhfuil gach rud in ord, beidh an Coinníoll Droichead bainte agus gheobhaidh tú féin agus gach ball de do Fhoireann Tacaíochta Gairmiúil fógra a thugann é seo le fios duit.