Tá iarratas á dhéanamh agam ar chlárúchán
Is ceanglas dlíthiúil é do mhúinteoirí clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta chun tuarastal a fháil ón Stát. Cinntíonn sé seo go bhfuil gach múinteoir ina ngairmí cáilithe, cumasach agus eiticiúil. Aimsigh eolas anseo faoi phróisis na Comhairle chun iarratas ar chlárú a dhéanamh, lena n-áirítear an próiseas Filleadh ar an gClár, táillí agus creataí ama próiseála iarratais.
Is múinteoir cláraithe mé
Má tá tú fostaithe mar mhúinteoir, is ceanglas dlíthiúil é do chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta a choinneáil ar bun chun tuarastal a fháil ón Stát. Aimsigh eolas anseo faoi do chlárú a athnuachan, faoi do shonraí pearsanta a athrú agus faoi na coinníollacha cláraithe.