Aistrigh:
Gaeilge
English

Conas rochtain a fháil ar do nochtadh grinnfhiosrúcháin

Chun rochtain a fháil ar do nochtadh grinnfhiosrúcháin, beidh ort logáil isteach nó cuntas a chruthú le Digitary chun féachaint ar do nochtadh.

Bain úsáid as an nasc sa ríomhphost ón gComhairle Mhúinteoireachta faoi do nochtadh grinnfhiosrúcháin a bheith ar fáil. Mura bhfuil sé i do bhosca isteach, iarrtar ort do chomhadlann turscair nó dramhaíola a sheiceáil.

Is féidir leat treoracha a léamh maidir le conas do chuntas Digitary a chlárú agus a ghníomhachtú ar a suíomh gréasáin: Conas Rochtain a fháil ar do Nochtadh Grinnfhiosrúcháin.

Mura bhfuil an ríomhphost bunaidh agat, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar vetting@teachingcouncil.ie agus a iarraidh go ndéanfar an teachtaireacht ríomhphoist a atheisiúint.

Conas a bhreathnaím ar mo dhoiciméad?

Logáil isteach ar Digitary agus ar an leathanach “Documents” (“Doiciméid”) cliceáil ar an nochtadh grinnfhiosrúcháin chun é a fheiceáil.

Logáil mé isteach in Digitary ach níl mo dhoiciméid le feiceáil, cad is ceart a dhéanamh?

Bí cinnte gur chláraigh tú do chuntas trí úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist céanna a seoladh an fógra chuige.  Chun do sheoladh ríomhphoist a sheiceáil:

  • Logáil isteach leis an soláthróir ón roghchlár anuas in aice le d’ainm.
  • Téigh go dtí do Profile Settings (Socruithe Próifíle).
  • Faoi Email Address (Seoltaí Ríomhphoist), cliceáil Fíoraigh.
  • Cuirfear teachtaireacht ríomhphoist chugat.
  • Lean na treoracha chun do sheoladh ríomhphoist a fhíorú.

Conas nochtadh grinnfhiosrúcháin a roinnt le fostóir

Beidh tú in ann do nochtadh a roinnt le fostóirí nó le fostóirí a d’fhéadfadh a bheith agat ar line ag baint úsáid as Digitary. Logáil isteach i do chuntas Digitary agus lean na treoracha le do nochtadh a roinnt.

Léigh ár Leathanach Digitary, le do thoil, chun tuilleadh eolais a fháil.