Conas is féidir rochtain ar fháil ar mo nochtadh grinnfhiosrúcháin?
Caithfidh tú na céimeanna seo a leanas a dhéanamh chun do nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh) a rochtain:
- Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú
- Cliceáil ar an gcloch ghrinnfhiosrúcháin
- Faoi rannóg Rochtain ar do Nochtadh Grinnfhiosrúcháin, cliceáil ar an gcnaipe, Mo Nochtadh
Tógfaidh sé seo thú go dtí do réimse Nochtadh Grinnfhiosrúcháin áit ar féidir leat do dhoiciméad nochtadh grinnfhiosrúcháin a fheiceáil agus a roinnt.
Conas is féidir liom mo nochtadh grinnfhiosrúcháin a roinnt?
Caithfidh tú na céimeanna seo a leanas a dhéanamh chun do nochtadh grinnfhiosrúcháin (toradh) a roinnt:
- Logáil isteach i do chuntas Mo Chlárú
- Cliceáil ar an gcloch ghrinnfhiosrúcháin
- Faoi rannóg Rochtain ar do Nochtadh Grinnfhiosrúcháin, cliceáil ar an gcnaipe, Mo Nochtadh
Tógfaidh sé seo tú go dtí do réimse Nochtadh Grinnfhiosrúcháin.
- Cliceáil ar an gcnaipe, Roinn Nochtadh
Tógfar tú go dtí foirm ar líne áit ar féidir leat seoladh ríomhphoist an duine a theastaíonn uathu do nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil a chur isteach.
Seolfar ríomhphost le nasc chuig an duine ar mhaith leat go bhfaigheadh siad do nochtadh grinnfhiosrúcháin. Tabharfar 14 lá don duine chun rochtain a fháil ar do nochtadh. Tar éis 14 lá, beidh an nasc in éag agus, más gá, beidh ort an nochtadh a roinnt arís.
Slándáil
Chun do shonraí a chosaint, ní mór duit PIN sé dhigit a chur le do dhoiciméad roinnte. Is féidir leat PIN a chur isteach de láimh nó cliceáil ar “Gin PIN Randamach” agus cruthóidh an córas PIN duit.
Tábhachtach: Caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an duine a fhaigheann an nochtadh agus an PIN a chur ar fáil dóibh. Ar chúiseanna slándála, ní sheolfaidh an córas an PIN.
Más mian leat rochtain a bhaint den fhaighteoir seo sula dtéann an nasc in éag, téigh go dtí an leathanach “Féach ar liosta na ndaoine a raibh sé roinnte leo” agus cliceáil “Tarraing siar”.
Cén fáth nach bhfeicim ach nochtadh grinnfhiosrúcháin amháin?
Ní choinnímid ach nochtadh amháin duit ag am ar bith.
Má rinneadh áth-grinnfhiosrúchán ort, is é an nochtadh nua an t-aon nochtadh grinnfhiosrúcháin atá le feiceáil i do chuntas Mo Chlárú.
Níl aon nochtadh ann nuair a logálaim isteach i mo chuntas Mo Chlárú
Muna féidir leat do nochtadh a fheiceáil, déan teagmháil linn le do thoil trí ríomhphost a sheoladh chuig vetting@teachingcouncil.ie
Cá fhad a mhairfidh bailíocht mo ghrinnfhiosrúcháin?
Tá beartas ath-ghrinnfhiosrúcháin i bhfeidhm ag an gComhairle Mhúinteoireacht lena n-éilítear ar mhúinteoirí cláraithe an próiseas grinnfhiosrúcháin a dhéanamh gach trí bliana bunaithe ar an dáta a chláraigh siad. Mar sin, gheobhaidh tú fógra ón gComhairle gach trí bliana tuairim is sé mhí roimh dháta athnuachana do chláraithe lena gcuirfear in iúl duit go gcaithfidh tú ath-ghrinnfhiosrúcháin a dhéanamh ionas go mbeidh tú incháilithe chun do chlárú a athnuachan.
Leanfaidh do nochtadh grinnfhiosrúcháin de bheith bailí le haghaidh clárúcháin go dtí go mbeidh an próiseas ath-ghrinnfhiosrúcháin curtha i gcrích agat. Chun do chlárú a athnuachan, caithfidh tú ath-ghrinnfhiosrúchán a chur i gcrích.