Aistrigh:
Gaeilge
English

Sula gcuireann tú tús le Foirm D, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil roinnt céimeanna sa phróiseas seo. Tá mionsonraí ar na céimeanna seo thíos:

  1. Logáil isteach i do chuntas tairsí Logáil isteach/Mo Chlárú
  2. Cliceáil ar Mo Choinníollacha
  3. Cliceáil ar Féach Sonraí in aghaidh do choinníoll Droichead
  4. Cliceáil ar Iarratas Foirm D

Iarrtar ort an t-iarratas ar Fhoirm D a chomhlánú san ord ina bhfuil sé ar an scáileán.

Agus d’iarratas ar Fhoirm D á chomhlánú agat, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil roinnt codanna den fhoirm líonta cheana féin le faisnéis a chuir tú ar fáil nuair a chuir tú d’iarratas Droichead isteach.

Seo a leanas miondealú ar na codanna d’Fhoirm D:

A. Sonraí Pearsanta – tá an chuid seo réamhlíonta, ach is féidir leat na sonraí teagmhála a uasdátú más gá.

B. Sonraí Fostaíochta – tagann an fhaisnéis seo tagtha ó d’iarratas Droichead . Tá an chuid seo réamhlíonta agus ní féidir é a athrú. Má tá an fhaisnéis mícheart, ní mór duit dul i dteagmháil leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí ríomhphost a sheoladh chuig conditions@teachingcouncil.ie nó trí ghlaoch a chur ar 01 651 7900.

C. Ionduchtú scoilbhunaithe – Snáithe A – ceanglaíonn an chuid seo ort na nithe seo a leanas a dhéanamh:

      1. An dáta a chríochnaigh tú do phróiseas Droichead a thabhairt– ní féidir leis an dáta seo a bheith sa todhchaí.
      2. A dheimhniú go bhfuil d’ionduchtú scoilbhunaithe críochnaithe thar thréimhse nach bhfuil níos lú ná 60 lá (bunscoil) nó 200 uair an chloig (iar-bhunscoil)

D. Gníomhaíochtaí Foghlama Gairmiúla – Snáithe B – ceanglaíonn an chuid seo ort eolas a sholáthar ar na nithe seo a leanas:

        1. Cnuaschruinnithe atá críochnaithe, lena n-áirítear Teasta(i)s C(h)ríochnaithe a uaslódáil
        2. Gníomhaíochtaí Foghlama Gairmiúla
        3. Cleachtas Athmhachnaimh

E. Dearbhú Comhpháirteach – Nuair a bheidh na sonraí ábhartha curtha isteach agat agus na doiciméid atá ag teastáil uaslódáilte i gcodanna A-D thuas, ní mór duit ansin an Dearbhú Comhpháirteach a íoslódáil agus a phriontáil (5 leathanach san iomlán). Déanfar do shonraí agus do dhoiciméid uaslódáilte a shábháil chuig an iarratas ar Fhoirm D. Is féidir leat dul ar ais chuig d’Fhoirm D tríd an chuid Iarratais ar do chuntas tairsí Mo Chlárúcháin. Féach Céim 3 thíos le haghaidh tuilleadh eolais.

Caithfidh tú féin agus baill do d’Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) athbhreithniú a dhéanamh ansin ar na 5 leathanach den Dearbhú Comhpháirteach chun a chinntiú go bhfuil sé go léir cruinn. A luaithe agus a bheidh gach duine sásta, caithfidh tú féin agus gach ball den FTG an Dearbhú Comhpháirteach a shíniú*. Más gá duit do Dhearbhú Comhpháirteach a leasú, féadfaidh tú é sin a dhéanamh trí dhul ar ais chuig d’Fhoirm D, ag uasdátú an réimse/na réimsí ábhartha ar an bhFoirm agus ag íoslódáil Dearbhaithe Chomhpháirtigh uasdátaithe.

Ní mór go mbeadh stampa* oifigiúil na scoile ar an Dearbhú Comhpháirteach agus ansin déan é a shíniú* agus a dhátú tú féin sula n-uaslódálann tú gach leathanach in aghaidh d’Fhoirm D. Is féidir leat dul ar ais chuig d’Fhoirm D tríd an rannán Iarratais de do chuntas tairsí Mo Chlárúcháin. Féach Céim 3 thíos.

*Tabhair faoi deara le do thoil: Ní leor sínithe digiteacha agus stampaí digiteacha. Tá gá le bunshínithe agus bunstampaí. Sa chás nach bhfuil stampa oifigiúil ag an scoil, féadfaidh tú, agus an dearbhú comhpháirteach á uaslódáil, ríomhphost ó do scoil lena ndearbhaítear an méid sin a chur leis.

Tabhair faoi deara le do thoil: Beidh sé de cheart ag an gComhairle Mhúinteoireachta gach doiciméad a fhaightear a fhíorú. Deimhnítear Foirmeacha D comhlánaithe ar bhonn rialta le baill den Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla. Glacann an Chomhairle Mhúinteoireachta go stuama le brionnú cáipéisí. Is éard atá i mbrionnú cáipéisí ná mí-iompar agus d’fhéadfadh gníomh smachtaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta a bheith mar thoradh air.

Lean na chéad chéimeanna eile seo chun do Dhearbhú Comhpháirteach sínithe agus stampáilte a uaslódáil in aghaidh d’Fhoirm D:

  1. Logáil isteach i do chuntas tairsí Logáil isteach/Mo Chlárú
  2. Cliceáil ar Iarratais
  3. Faoi m’Iarratais Idir Lámha, aimsigh d’Fhoirm D nár cuireadh isteach agus cliceáil ar Lean ar aghaidh. Osclóidh sé seo d’Fhoirm D le do shonraí sábháilte
  4. Cliceáil ar an táb/ar an den Dearbhú Comhpháirteach ag barr na foirme
  5. Faoi Uaslódáil do Dhearbhú Comhpháirteach, cliceáil ar an gcnaipe Roghnaigh Comhad agus uaslódáil na 5 leathanach de d’Fhoirm Dearbhaithe Chomhpháirtigh.
  6. Cuir isteach d’Fhoirm D