Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Márta 06, 2023

Cruthaíodh na líomhaintí seo a leanas:

Gur rinne Colm McCarthy, mar mhúinteoir cáilithe, na míghníomhartha seo a leanas:

  1. Le linn an tréimhse idir an 12 Deireadh Fómhair 2018 agus an 23 Deireadh Fómhair 2018, i gcomhthéacs a iarratais le haghaidh poist mhúinteoireachta ag Scoil Idirnáisiúnta Udon Thani, An Téalainn;
    1. chuir sé curriculum vitae nó résumé isteach ina ndúirt sé go bréagach go raibh sé ag obair mar mhúinteoir ranga i mBliain a 4 ag Scoil Náisiúnta ‘Educate Together’, Carraig Uí Leighin, agus go raibh sé ag obair sa scoil sin ó Mheán Fómhair 2017; agus/nó
    2. chuir sé liosta moltóirí ar fáil trí ríomhphost dátaithe ón 22 Deireadh Fómhair 2018 ionas go mbeifí in ann dul i dteagmháil leo chun teistiméireacht a fháil, agus ar an dóigh seo, thug sé seoladh ríomhphost bréagach go feasach, agus/nó uimhir theileafóin bhréagach, do “phríomhoide Scoil Náisiúnta ‘Educate Together’ Carraig Uí Leighin, Éire“; agus/nó
    3. chuir sé/d’eagraigh sé soláthar teistiméarachta bréagaí i ríomhphost dátaithe ón 23 Deireadh Fómhair October 2018 ag maíomh gur scríobh príomhoide Scoil Náisiúnta ‘Educate Together’ Carraig Uí Leighin é; agus/nó
  2. Ar an nó timpeall an 19 Samhain 2018, chuir sé curriculum vitae nó résumé isteach trí ríomhphost chuig “Teach Anywhere”, chomhlacht a bhí ag earcú do phost múinteoireachta san Ísiltír, agus sa churriculum vitae nó résumé:
    1. dúirt sé go bréagach go raibh sé ag obair mar mhúinteoir ranga i mBliain a 4 ag Scoil Náisiúnta ‘Educate Together’, Carraig Uí Leighin, agus go raibh sé ag obair sa scoil sin ó Mheán Fómhair 2017; agus/nó
  3. Le linn an tréimhse idir an 12 Samhain 2020 agus an 23 Samhain 2020, i gcomhthéacs a iarratais chug comhlacht darb ainm “Teach Anywhere” le haghaidh poist mhúinteoireachta i Scoil Idirnáisiúnta Maenmar;
    1. chuir sé isteach agus/nó d’eagraigh sé aighneacht teistiméireachta bréagaí, ag maíomh gur scríobh príomhoide Scoil Náisiúnta ‘Educate Together’ Carraig Uí Leighin é; agus/nó
    2. ) chuir sé curriculum vitae nó résumé isteach ina ndúirt sé go bréagach go raibh sé ag obair mar mhúinteoir ranga i mBliain a 4 ag Scoil Náisiúnta ‘Educate Together’, Carraig Uí Leighin, agus go raibh sé ag obair sa scoil sin ó Mheán Fómhair 2017; agus/nó
    3. dúirt sé go bréagach go raibh sé ag obair ag Scoil Náisiúnta ‘Educate Together’, Carraig Uí Leighin, agus go raibh sé ag obair sa scoil sin ón 1 Meán Fómhair 2017; agus/nó
    4. nuair a bhí air sonraí an mholtóra a thabhairt, thug sé seoladh ríomhphoist bréagach go feasach, ag maíomh gurb é an “Leasphríomhoide i Scoil Náisiúnta ‘Educate Together’, Carraig Uí Leighin”.

Chinn an Painéal gurbh ionann iompar an mhúinteora cáilithe maidir le gach ceann de na fo-líomhaintí seo a glacadh ina n-aonar agus/nó i dteannta a chéile agus/nó go carnach agus mí-iompar gairmiúil.

I ndiaidh an fhiosrúcháin, chinn Painéal an Choiste Araíonachta ainm an mhúinteora chláraithe a bhaint de chlár na múinteoirí agus chinn sé nach mbeadh an múinteoir cláraithe i dteideal iarratas a dhéanamh go gcuirfí ar ais ar an gclár é, faoi Alt 31 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015, roimh dheireadh tréimhse ceithre bliana.

Dhearbhaigh an Ard-Chúirt cinneadh Phainéal an Choiste Araíonachta ar an 14 Samhain 2022 agus tháinig an smachtbhanna i bhfeidhm.