Ócáidí BEACONS

Go dtí seo, bhí 8 n-imeacht de chuid BEACONS.

Baile Átha Cliath 10 

An 28 Aibreán 2021 (ar líne)

Ar an gCéadaoin, an 28 Aibreán 2021, reáchtáladh imeacht BEACONS le scoileanna i réigiún Bhaile  Átha Cliath 10. Agus an t-imeacht á éascú ag Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar, d’fhreastail tuairim is seasca a trí tuismitheoir, múinteoir, agus scoláire as trí bhunscoil agus ceithre iar-bhunscoil.  

Den dara huair (as na hocht n-imeacht BEACONS go dtí seo), reáchtáladh an próiseas via Zoom de bharr shrianta Covid-19 agus bhuail na rannpháirtithe le chéile ar feadh dhá sheisiún a mhair dhá uair an chloig roimh lón agus i ndiaidh lóin

Beidh tuarascáil faoin imeacht ar fáil anseo go luath.

BEACONS de chuid Phort Laoise:  Pobal Cómhuintearais a Fhorbairt

An 26 Samhain 2020 (ar líne)

Ar an Déardaoin, an 26 Samhain 2020, rinne Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise, i gcomhar leis an gComhairle Mhúinteoireachta, imeacht BEACONS a éascú le naoi bpobal scoile i mbaile Phort Laoise. I measc na rannpháirtithe bhí tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile, grúpaí pobail, agus scoláirí. Dhírigh an t-imeacht seo ar a gcuid taithí i gcúrsaí oideachais i bPort Laoise mar atá le feiceáil trí lionsa na héagsúlachta, an chuimsithe, agus an idirchultúrachais. Ba lá an-dearfach agus léirsteanach a bhí ann agus bhí oscailteacht agus fuinneamh na rannpháirtithe go léir dochreidte.

Tá an clár oibre don lá ar fáil chun breathnú air anseo.

Sa tuarascáil, atá ar fáil anseo, tugtar breac-chuntas ar an gcomhthéacs don imeacht agus do na téamaí a tháinig chun cinn a aithníodh mar théamaí tábhachtacha don phobal le tuilleadh iniúchta a dhéanamh amach anseo. 

Ar an Déardaoin, an 11 Márta 2020, bhí an Tuarascáil lainseáilte ag Rotimi Adebari, saoránach Éireannach a rugadh sa Nigéir atá ina chónaí i bPort Laoise a bhain clú agus cáil amach in 2007 nuair a d’éirigh leis a bheith mar an chéad Afracach a toghadh mar Mhéara i bPoblacht na hÉireann. Is féidir breathnú ar thaifeadadh de lainseáil na tuarascála thíos.

Taifeadadh de Lainseáil na Tuarascála

BEACONS maidir le hOideachas Ionchuimsitheach

An 27 agus an 28 Feabhra 2020

Ar an Déardaoin, an 27 Feabhra bhí imeacht BEACONS faoi Oideachas Ionchuimsitheach ar siúl in Óstán Old Ground, Inis.

Tá tuarascáil faoin imeacht ar fáil anseo.

Tá bailiúchán grafach ón imeacht ar fáil chun breathnú air thíos freisin.

Graphic-harvest-image

Lá Foghlama Comhroinnte

An 13 Nollaig 2019

Ar an Aoine, an 13 Nollaig 2019 reáchtáladh Lá Foghlama Comhroinnte d’ionadaithe pobail agus do na príomhpháirtithe leasmhara in oifigí na Comhairle Múinteoireachta.

Tá grianghraif ón imeacht seo ar fáil anseo. 

Inis Díomáin, Co. an Chláir

An 22 Samhain 2019

Ar an Déardaoin, an 22 Samhain 2019 bhí athimeacht BEACONS ar siúl leis an bpobal scoile in Inis Díomáin, Co. an Chláir.

Tá tuarascáil ar an gcéad sraith d’imeachtaí BEACONS ar fáil anseo.

Lárchathair Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh

An 13 agus an 14 Samhain 2019

 

Ar an gCéadaoin, an 13 Samhain bhí imeacht BEACONS ar siúl i gColáiste Pobail Lorcáin i mBaile Átha Cliath.

Tá tuarascáil faoin imeacht ar fáil anseo.

Bealach Conglais, Co. Chill Mhantáin

An 7 agus an 8 Samhain 2019

Bhí an dara himeacht de chuid BEACONS ar siúl i mBealach Conglais, Co. Chill Mhantáin ar an Déardaoin, an 7 Samhain 2019. 

Inis Díomáin, Co. an Chláir

An 16 agus an 17 Bealtaine 2019

Ar an Déardaoin, an 16 Bealtaine 2019, bhí an chéad imeacht de chuid BEACONS ar siúl in Inis Díomáin, Co. an Chláir.

Tá tuarascáil faoin imeacht píolótach in Inis Díomáin ar fáil le léamh anseo.