1. Réamhrá
Tá sé forordaithe faoin Acht um Nochtadh Cosanta 2014 do Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta (“Stiúrthóir” anseo feasta) nochtadh cosanta a fháil i leith na nithe seo a leanas:
Na hábhair go léir a bhaineann le clár na múinteoirí a bhunú agus a chothabháil, caighdeáin a bhunú thar chontanam oideachais múinteoirí, athbhreithniú agus creidiúnú clár oiliúna tosaigh múinteoirí sa Stát, coimisiúnú agus stiúradh taighde, cur chun cinn foghlama gairmiúla leanúnaí múinteoirí agus imscrúdú ar ghearáin i gcoinne múinteoirí cláraithe mar a fhoráiltear san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 arna leasú.
Cosnaíonn an tAcht um Nochtadh Cosanta (“an tAcht”) oibrithe ó fhrithbheart má labhraíonn siad faoi éagóracha áirithe san ionad oibre. Tugtar san Acht cosaint do dhaoine a dhéanann nochtadh cosanta (uaireanta tugtar “sceithirí” orthu). Níor cheart go gcaithfear go héagórach leo nó go gcaillfidís a bpost toisc go bhfuil nochtadh cosanta déanta acu.
Is féidir le hoibrí roghnú tuairisciú go hinmheánach dá f(h)ostóir nó, má shásaítear coinníollacha áirithe, is féidir le hoibrí roghnú tuairisciú go seachtrach do dhuine forordaithe.
De réir an Achta, tá cainéal foirmiúil bunaithe ag an gComhairle Múinteoireachta d’oibrithe ar mian leo tuairisc sheachtrach a dhéanamh dóibh maidir leis na hábhair atá leagtha amach thuas.
Déanfaidh an Chomhairle Múinteoireachta:
- Céannacht an duine tuairiscithe agus aon duine a ainmnítear i dtuairisc a choinneáil faoi rún;
- Gach tuairisc a admháil laistigh de 7 lá ach amháin má iarrann an duine tuairiscithe a mhalairt;
- An fhaisnéis atá sa tuairisc a mheas agus, nuair is cuí, beart leantach a dhéanamh ina leith;
- Aiseolas a sholáthar don duine tuairiscithe; agus
- Faisnéis a sholáthar don duine tuairiscithe ar thoradh deiridh a t(h)uairisce.
Baineann an polasaí seo freisin le haon tuairiscí a tharchuireann duine forordaithe eile nó an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta chuig an gComhairle Múinteoireachta de réir an Achta.
Léigh an doiciméad seo go cúramach le do thoil sula ndéanann tú tuairisc. Is ortsa amháin atá an fhreagracht a chinntiú go gcomhlíonann tú na critéir um chosaint faoin Acht. Má tá aon cheist agat faoin bpolasaí seo, déan teagmháil le do thoil leis: An Dr. Lynn Ramsey, Stiúrthóir, protecteddisclosures@teachingcouncil.ie. Má theastaíonn comhairle rúnda, neamhspleách uait (le comhairle dlí san áireamh) maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh, féach le do thoil ar alt 10 den doiciméad seo.
2. Coinníollacha faoina gcáilíonn tuairisc chuig an gComhairle Múinteoireachta mar Nochtadh Cosanta
2.1 Cad is nochtadh cosanta ann?
Is éard is “nochtadh cosanta” ann ná nochtadh “faisnéis ábhartha” arna déanamh ag “oibrí” ar an modh a shonraítear san Acht. Ní mór go léireodh an fhaisnéis ábhartha, i dtuairim réasúnach an oibrí, “éagóir ábhartha” amháin nó níos mó agus go bhfuil sé tagtha ar aird an oibrí i “gcomhthéacs a bhaineann leis an obair”.
Chun tuairisc a thabhairt don Chomhairle Múinteoireachta nó d’aon duine forordaithe eile caithfidh oibrí a chreidiúint go réasúnach freisin:
- go dtagann an éagóir ábhartha faoin gcur síos ar na hábhair a bhfuil an Chomhairle Múinteoireachta forordaithe ina leith;
agus
- go bhfuil an fhaisnéis a nochtar, agus aon líomhain atá inti, fíor tríd is tríd.
Ní mór duit na ceanglais go léir atá leagtha amach san Acht a chomhlíonadh le go gcáileoidh do thuairisc mar nochtadh cosanta. Mínítear na ceanglais seo go mion thíos.
Mura bhfuil tú cinnte an gcáilíonn do thuairisc mar nochtadh cosanta, ba cheart duit comhairle ghairmiúil a lorg. Má theastaíonn comhairle rúnda, neamhspleách uait (le comhairle dlí san áireamh) maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh, féach le do thoil ar alt 10 den doiciméad seo.
2.2 Cé atá in ann nochtadh cosanta a dhéanamh?
Is féidir leat nochtadh cosanta a dhéanamh más “oibrí” thú. Is éard is “oibrí” ann ná duine aonair a fhaigheann faisnéis faoi éagóracha ábhartha i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair agus atá nó a bhí ina:
- fostaí;
- conraitheoir neamhspleách;
- oibrí gníomhaireachta;
- oiliúnaí;
- scairshealbhóir gnóthais;
- ball de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta gnóthais, baill neamhfheidhmiúcháin san áireamh;
- oibrí deonach;
- duine a fuair faisnéis ar éagóir ábhartha le linn próiseas earcaíochta;
- duine aonair a fuair faisnéis faoi éagóir ábhartha le linn idirbheartaíochtaí réamhchonarthacha (seachas próiseas earcaíochta).
Murab oibrí thú, ní féidir leat nochtadh cosanta a dhéanamh agus níl tú cosanta faoin Acht. Más mian leat éagóir a thuairisciú a bhaineann le rialáil ghairm na múinteoireachta agus le hiompar gairmiúil múinteora, is féidir gearán um Fheidhmiúlacht chun Múineadh a dhéanamh leis an gComhairle Múinteoireachta. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghearán a dhéanamh leis an gComhairle Múinteoireachta, tabhair cuairt le do thoil ar:
https://www.teachingcouncil.ie/fitness-to-teach/complaints-about-registered-teachers/how-to-make-a-complaint-about-a-registered-teacher/.
2.3 Cad is faisnéís ábhartha ann?
Is éard is faisnéis ábhartha ann ná faisnéis a léireodh éagóir ábhartha amháin nó níos mó, i dtuairim réasúnach an oibrí, agus a tháinig ar aird an oibrí i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair.
Ba cheart go nochtfadh an fhaisnéis a thuairiscíonn tú fíricí faoi dhuine nó rud éigin, seachas líomhain ghinearálta nach bhfuil bunaithe ar aon fhíricí.
Níor cheart duit líomhaintí faoi éagóir a fhiosrú nó faisnéis bhreise a bhailiú – níl le déanamh agat ach na fíricí atá ar eolas agat a insint dúinn.
2.4 Cad is tuairim réasúnach ann?
Caithfidh do thuairim a bheith bunaithe ar fhorais réasúnacha ach níl sé de riachtanas go mbeidh tú ceart ar deireadh. Níltear ag súil go gcruthóidh tú fírinne na líomhna. Nuair a bheidh ceanglais an Achta comhlíonta, fanann tú i dteideal cosaintí an Achta fiú sa chás go dtarlaíonn sé go bhfuil an fhaisnéis a thuairiscigh tú gan bhunús.
Níl an cuspóir atá agat chun tuairisc a dhéanamh ábhartha maidir le cibé acu an nochtadh cosanta é nó nach ea.
Ní nochtadh cosanta é tuairisc a dhéantar in éagmais tuairim réasúnach agus d’fhéadfadh d’fhostóir beart araíonachta a dhéanamh i do choinne. Is cion coiriúil é tuairisc a dhéanamh ina bhfuil aon fhaisnéis is eol duit a bheith bréagach. D’fhéadfadh aon duine a fhulaingíonn damáiste mar gheall ar thuairisc a thug tú a bhfuil a fhios agat a bheith bréagach caingean dlí a chur ort.
2.5 Cad is éagóir ábhartha ann?
Chun cáiliú mar nochtadh cosanta, ní mór go mbaineann an fhaisnéis a thuairiscíonn tú le “héagóir ábhartha”. Is éagóracha ábhartha iad seo a leanas:
- go bhfuil cion déanta, á dhéanamh nó gur dócha go ndéanfar é;
- gur theip ar dhuine, go bhfuil ag teip orthu nó gur dóigh go dteipfidh orthu aon oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, seachas ceann a eascraíonn as conradh fostaíochta an oibrí nó faoi chonradh eile trína ngeallann an t-oibrí aon obair nó seirbhísí a dhéanamh nó a chomhlíonadh go pearsanta;
- gur tharla iomrall ceartais, go bhfuil sé ag tarlú nó gur dócha go dtarlóidh sé;
- go bhfuil sláinte nó sábháilteacht aon duine curtha i mbaol nó á chur i mbaol nó gur dócha go gcuirfear é i mbaol;
- go ndearnadh dochar don chomhshaol, go bhfuiltear á dhéanamh nó gur dócha go ndéanfar é;
- gur tharla úsáid neamhdhleathach nó mhíchuí ar shlí eile as cistí nó acmhainní comhlachta phoiblí, nó as airgead poiblí eile, nó go bhfuil sé ag tarlú nó gur dócha go dtarlóidh sé;
- go bhfuil gníomh nó neamhghníomh ag comhlacht poiblí nó thar ceann comhlachta phoiblí leatromach, idirdhealaitheach nó fíor-fhaillíoch nó gur míbhainistíocht thromchúiseach é;
- gur tharla sárú ar dhlí an AE a leagtar amach sa Treoir, go bhfuil sé ag tarlú nó gur dócha go dtarlóidh sé; nó
- go bhfuil faisnéis a léireodh ábhar ar bith a thagann faoi réim aon cheann de na míreanna roimhe seo curtha faoi cheilt nó scriosta nó go bhfuiltear á chur faoi cheilt nó á scriosadh nó go bhfuil iarracht déanta nó á déanamh é a chur faoi cheilt nó a scriosadh, nó gur dócha go ndéanfar iarracht é sin a dhéanamh.
Chun tuairisc a thabhairt don Chomhairle Múinteoireachta, ní mór go mbaineann an fhaisnéis is mian leat a thuairisciú le héagóir ábhartha agus ní mór di teacht faoi raon na n-ábhar a bhfuil an Chomhairle Múinteoireachta forordaithe ina leith faoin Acht. Féach cuid 2.8, thíos, le haghaidh tuilleadh eolais ar cad is féidir a thuairisciú dúinn.
2.6 Nithe nach éagóracha ábhartha iad
Ní éagóir ábhartha é ábhar a bhfuil sé mar fheidhm ag an oibrí nó ag fostóir an oibrí é a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus ní gníomh nó neamhghníomh ar thaobh an fhostóra é nó ní bhaineann sé le gníomh nó neamhghníomh ar thaobh an fhostóra.
Ní éagóir ábhartha é ábhar a bhaineann le casaoidí idirphearsanta a bhfuil tionchar acu ar oibrí amháin, agus ní dhéileálfar leis faoin nós imeachta seo. Ba cheart casaoidí den sórt sin a ardú le d’fhostóir de réir a bpolasaí ar ábhair den sórt sin.
Ní éagóir ábhartha é mainneachtain cloí le hoibleagáid dhlíthiúil a eascraíonn go hiomlán as do chonradh fostaíochta nó as aon chonradh eile ina ngeallann tú aon obair nó seirbhísí a dhéanamh nó a chomhlíonadh go pearsanta. Ba cheart nithe den sórt sin a ardú le d’fhostóir de réir a bpolasaí sa réimse seo.
Ní féidir ach le hoibrithe nochtadh cosanta a dhéanamh agus caithfidh siad ceanglais an Achta a chomhlíonadh (féach an chéad chuid eile). I gcás nach gcomhlíonann tuairisc ar éagóir na critéir seo ach go mbaineann sé le rialáil ghairm na múinteoireachta agus iompar gairmiúil múinteora, is féidir gearán um Fheidhmiúlacht chun Múineadh a chur faoi bhráid na Comhairle Múinteoireachta. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghearán a dhéanamh leis an gComhairle Múinteoireachta, tabhair cuairt le do thoil ar:
https://www.teachingcouncil.ie/fitness-to-teach/complaints-about-registered-teachers/how-to-make-a-complaint-about-a-registered-teacher/.
2.7 Cad is comhthéacs a bhaineann le hobair ann?
Ciallaíonn “comhthéacs a bhaineann le hobair” gníomhaíochtaí oibre reatha nó san am atá caite san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach trína bhfaigheann tú, beag beann ar chineál na ngníomhaíochtaí sin, faisnéis a bhaineann le héagóir ábhartha agus a bhféadfaí pionós a ghearradh ort laistigh de dá dtuairisceofá faisnéis den sórt sin.
2.8 Cé dó ar féidir nochtadh cosanta a dhéanamh?
Féadfaidh tú tuairisciú go hinmheánach do d’fhostóir agus, má tá tú ar do chompord leis seo, moltar duit é sin a dhéanamh. Déantar an chuid is mó de nochtaí cosanta go hinmheánach ar an gcéad dul síos.
Ní gá duit tuairisc a thabhairt do d’fhostóir sular féidir leat tuairisc a thabhairt do dhuine forordaithe.
D’fhéadfadh beartas nochta cosanta nó sceithireachta a bheith ag d’fhostóir. Ceanglaítear faoin Acht ar gach comhlacht san earnáil phoiblí, beag beann ar a mhéid, agus ar gach fostóir a bhfuil 50 fostaí nó níos mó acu, bealaí agus nósanna imeachta foirmiúla a bheith acu chun go bhféadfaidh a n-oibrithe éagóir ábhartha a thuairisciú.
Mura dteastaíonn uait tuairisc a thabhairt do d’fhostóir nó nár oibrigh sé tuairisc a thabhairt do d’fhostóir, b’fhéidir go mbeadh an rogha agat tuairisc a thabhairt do dhuine forordaithe.
Is duine forordaithe é Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta.
Chun tuairisc a thabhairt dúinn, caithfidh an t-eolas is mian leat a thuairisciú a bheith tagtha ar d’aird i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair agus ní mór duit a chreidiúint go réasúnach:
- Go léiríonn an fhaisnéis éagóir ábhartha amháin nó níos mó;
- Go bhfuil an fhaisnéis, agus aon líomhain atá inti, fíor den chuid is mó;
agus
- go dtagann an fhaisnéis sin faoi chur síos na n-ábhar a bhfuil an Chomhairle Múinteoireachta forordaithe ina leith. Is iad na nithe seo ná:
Na hábhair go léir a bhaineann le clár na múinteoirí a bhunú agus a chothabháil, caighdeáin a bhunú thar chontanam oideachais múinteoirí, athbhreithniú agus creidiúnú clár oiliúna tosaigh múinteoirí sa Stát, coimisiúnú agus stiúradh taighde, cur chun cinn foghlama gairmiúla leanúnaí múinteoirí agus imscrúdú ar ghearáin i gcoinne múinteoirí cláraithe mar a fhoráiltear san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 arna leasú.
Más éagóir ábhartha an t-ábhar is mian leat a thuairisciú ach nach dtagann sé faoin gcur síos ar na hábhair atá leagtha amach thuas, is féidir go bhféadfadh duine forordaithe eile déileáil le do thuairisc. Tá liosta iomlán de na daoine forordaithe go léir agus na nithe is féidir a thuairisciú dóibh le fáil ag: www.gov.ie/prescribed-persons/.
Mura bhfuil tú cinnte cé hé/hí an duine forordaithe ceart le tuairisciú dó nó mura ndealraíonn sé go bhfuil duine forordaithe ann don ábhar is mian leat a thuairisciú, is féidir leat tuairisc a thabhairt don Choimisinéir um Nochtadh Cosanta. Tá sonraí maidir le conas tuairisc a thabhairt don Choimisinéir le fáil anseo.
Má bhaineann an éagóir ábhartha is mian leat a thuairisciú le sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh (AE), mar atá leagtha amach i dTreoir AE 2019/1937 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, féadfaidh tú tuairisc a thabhairt d’institiúid, do chomhlacht, d’oifig ábhartha. nó gníomhaireacht de chuid an AE, ar choinníoll:
- go gcreideann tú go bhfuil an fhaisnéis is mian leat a thuairisciú fíor ag am an tuairiscithe; agus
- tagann an fhaisnéis faoi raon feidhme Threoir 2019/1937 ón AE.
Mura n-oibríonn tuairisciú do d’fhostóir agus/nó tuairisciú do dhuine forordaithe nó má tá forais inchosanta gan tuairisc a thabhairt do d’fhostóir nó do dhuine forordaithe, forálann an tAcht gur féidir leat tuairisc a thabhairt do:
- Aire ábhartha Rialtais, má tá tú fostaithe ag comhlacht poiblí; nó
- Aon tríú páirtí eile.
Tá na coinníollacha maidir le tuairisciú trí na bealaí seo níos troime ná iad siúd a bhaineann le tuairisciú chuig d’fhostóir nó chuig duine forordaithe nó chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta. B’fhéidir gur mhaith leat comhairle ghairmiúil a lorg roimh úsáid a bhaint as na bealaí seo. Déan tagairt le do thoil do chuid 10 den doiciméad seo le haghaidh faisnéise maidir le cá háit le tuilleadh comhairle a lorg ina leith seo.
3. Conas tuairisc a dhéanamh
Ba chóir tuairiscí a dhéanamh don Stiúrthóir arb é an Duine Ainmnithe é chun tuairiscí a fháil faoin mbeartas seo.
Is féidir tuairiscí a dhéanamh i scríbhinn nó ó bhéal. agus is féidir é a chur isteach ar na modhanna seo a leanas:
- Trí ríomhphost chuig protecteddisclosures@teachingcouncil.ie
- Trí phost chuig an seoladh seo a leanas:
Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A,
Campas Gnó Mhaigh Nuad
Maigh Nuad,
Co. Chill Dara,
W23 Y7X0
Marcáil do chlúdach le do thoil mar “PRÁINNEACH – le léamh láithreach”
Moltar go mbeadh an t-eolas atá leagtha amach in Aguisín A ar a laghad sna tuairiscí.
Sa chás go bhfaigheann an Duine Ainmnithe tuairiscí curtha ar aghaidh chugainn faoin Acht ag daoine forordaithe eile nó ag an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta, beidh feidhm ag an mbeartas seo maidir leis na tuairiscí sin.
Cuirfear aon tuairiscí a thabharfar dúinn ar bhealaí seachas na bealaí atá leagtha amach sa chuid seo a d’fhéadfadh, inár dtuairim, a bheith cáilithe mar nochtadh ar aghaidh go pras agus gan athrú chuig an Duine Ainmnithe agus bainfidh an beartas seo leis na tuairiscí sin.
4. Tuairiscí gan ainm
Is féidir tuairiscí a dhéanamh gan ainm. Má roghnaíonn tú tuairisciú gan ainm a dhéanamh agus má chomhlíonann do thuairisc ceanglais an Achta, fanann tú i dteideal cosaintí an Achta má aithnítear ina dhiaidh sin thú agus má ghearrtar pionós ort as do thuairisc a dhéanamh.
Déanfar obair leantach ar thuairiscí gan ainm a oiread agus is féidir, ach molann an Chomhairle Múinteoireachta d’oibrithe a dhéanann nochtadh sonraí iomlána a sholáthar faoina gcéannacht, a bpost agus/nó a ról agus gan aon nochtadh gan ainm a dhéanamh. D’fhéadfadh sé nach mbeifear in ann measúnú iomlán a dhéanamh agus gníomhaíochtaí leantacha iomlána a dhéanamh i dtaca le tuairisc gan ainm. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta gnéithe áirithe den bheartas seo a chur i bhfeidhm – ar nós tuilleadh faisnéise a lorg, cumarsáid a choinneáil agus céannacht an duine tuairiscithe a chosaint nó iad a chosaint ar phionósú.
5. Próiseas tar éis tuairisc a fháil
5.1 Aitheantas
Admhóimid gach tuairisc i scríbhinn laistigh de 7 lá tar éis é a fháil seachas:
a. má iarrann tú nach dtabharfar admháil;
nó
b. má chreidimid go réasúnach go gcuirfí cosaint do chéannachta i gcontúirt dá n-eiseofaí admháil.
Áireofar san admháil:
- Cóip de na nósanna imeachta seo;
- Dearbhú go bhfuil dualgas reachtúil ar an gComhairle Múinteoireachta gach beart réasúnach a ghlacadh chun céannacht an oibrí tuairiscithe agus céannacht aon duine dá dtagraítear ina dtuairisc a chosaint. Tá sé seo faoi réir ag cásanna sonracha ceadaithe nochta mar atá leagtha amach in alt 16(2) den Acht, mar shampla trí fhíorearráid dhaonna nó nuair a éilítear nochtadh eile de réir an dlí.
- Dearbhú go bhfuil cosaintí reachtúla ag oibrithe ar phionós nuair a bhíonn tuairisc déanta acu a cháilíonn mar nochtadh cosanta faoin Acht.
- Eolas ginearálta maidir le haiseolas a sholáthrófar don oibrí ar ghníomhartha a bheartófar a dhéanamh nó a dhéanfar ag eascairt as tuairisc an oibrí. Cuirfear in iúl don oibrí san fhaisnéis freisin go bhféadfaidh sé aiseolas breise a iarraidh i scríbhinn gach trí mhí.
- Sonraí na dtacaíochtaí ábhartha mar atá leagtha amach in alt 13.
5.2 Measúnú
Déanfaimid measúnú:
a. má bhreithnímid go bhfuil fianaise prima facie ann gur féidir gur tharla éagóir ábhartha;
agus
b. ar cibé an mbaineann an tuairisc le hábhair a thagann faoi raon feidhme na n-ábhar a bhfuilimid forordaithe faoin Acht ina leith, mar atá leagtha amach in alt [x] den bheartas seo.
D’fhéadfaimis, más gá, teagmháil a dhéanamh leat, faoi rún, chun tuilleadh faisnéise nó soiléirithe a lorg maidir leis an ábhar/na hábhair a thuairiscigh tú.
Éilíonn an tAcht go gcomhoibreoidh tú linn maidir le comhlíonadh ár bhfeidhmeanna faoin Acht. Áirítear leis seo aon fheidhmeanna a dhéanaimid mar chuid den phróiseas measúnaithe.
B’fhéidir go mbeidh sé riachtanach dúinn an fhaisnéis atá i dtuairisc a idirdhealú. D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh go gcinneann ár measúnú nach gcáilíonn gach ábhar a thuairiscítear mar éagóracha ábhartha faoin Acht nó nach dtagann siad faoi na hábhair a bhfuilimid forordaithe ina leith. D’fhéadfaimis déileáil go héagsúil le codanna éagsúla de thuairisc de réir cad é, dar linn, an rud is oiriúnaí le déanamh i ngach cás.
D’fhéadfaimis cinneadh a dhéanamh nach bhfuil aon fhianaise prima facie ann go bhféadfadh go ndearnadh éagóir ábhartha. Má dhéantar an cinneadh seo, dúnfaimid an nós imeachta agus cuirfimid an cinneadh seo in iúl duit i scríbhinn a luaithe is indéanta agus na cúiseanna atá leis.
D’fhéadfaimis cinneadh a dhéanamh go bhfuil fianaise prima facie ann gur féidir gur tharla éagóir ábhartha ach gur léir gur beag an éagóir ábhartha agus nach gá obair leantach a dhéanamh ina leith. Má dhéantar an cinneadh seo dúnfar an nós imeachta agus cuirfear an cinneadh in iúl duit i scríbhinn a luaithe is indéanta agus na cúiseanna atá leis.
D’fhéadfaimis cinneadh a dhéanamh gur tuairisc atriallach í tuairisc iomlán nó cuid di nach bhfuil aon fhaisnéis nua fhiúntach inti i gcomparáid le tuairisc a rinneadh roimhe seo. Má dhéantar an cinneadh seo dúnfar an nós imeachta agus cuirfear an cinneadh in iúl duit i scríbhinn a luaithe is indéanta agus na cúiseanna atá leis.
Féadfaimid cinneadh a dhéanamh go mbaineann tuairisc iomlán nó cuid de le hábhair nach bhfuil laistigh de raon feidhme na n-ábhar a bhfuilimid forordaithe ina leith faoin Acht. Má dhéantar an cinneadh seo, cuirfimid do thuairisc ar aghaidh – go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is cuí – chuig cibé duine nó daoine forordaithe eile a mheasaimid a bheith cuí nó, sa chás, inár dtuairim, nach bhfuil aon duine forordaithe eile den sórt sin ann, chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta. Cuirfear an cinneadh in iúl duit i scríbhinn a luaithe is indéanta agus na cúiseanna atá leis.
5.3 Gníomhaíocht leantach
Más rud é, inár dtuairim, go bhfuil fianaise prima facie ann go bhféadfadh gur tharla éagóir ábhartha, cinnfimid cén gníomh leantach atá ag teastáil, ag féachaint dár gcumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla maidir le cineál agus le tromchúis an ábhair.
Éilíonn an tAcht go gcomhoibreoidh tú linn maidir le comhlíonadh ár bhfeidhmeanna faoin Acht. Cuimsíonn sé seo aon fheidhmeanna a dhéanaimid mar chuid den phróiseas leantach.
Cuimsíonn príomhfheidhmeanna na Comhairle Mhúinteoireachta (agus níl siad teoranta dóibh seo a leanas):
- Freagracht as clár a choinneáil de mhúinteoirí cáilithe agus grinnfhiosraithe in Éirinn. Cinntíonn sé seo go gcomhlíonann múinteoirí na ceanglais cháilíochta, caighdeáin, inniúlachtaí agus carachtair riachtanacha don chlárú.
- Caighdeáin arda a bhunú agus a chaomhnú do mhúinteoirí in Éirinn trí phróisis ar a dtugtar feidhmiúlacht chun múineadh. Bunaíonn an Chomhairle caighdeáin do mhúinteoirí feadh a dtréimhse gairme iomlán lena n-áirítear treoirlínte agus cóid a bhaineann lena n-iompar gairmiúil, eolas, scil agus inniúlacht.
- Cáilíocht na gclár oideachais tosaigh múinteoirí a sholáthraíonn institiúidí ardoideachais in Éirinn a chinntiú. Áirítear leis seo próisis athbhreithnithe agus creidiúnaithe chun ardchaighdeáin oideachais tosaigh múinteoirí a choinneáil, rud a chuireann le caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa tír.
- Caighdeáin a bhunú chun treoir a thabhairt agus tacú le próisis ionduchtaithe atá riachtanach ar bhonn reachtúil agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do mhúinteoirí cláraithe. Cruthaíonn sé seo tagarmharcanna córasacha a thacaíonn leis na céimeanna tosaigh de ghairm bheatha an mhúinteora agus spreagann sé foghlaim ghairmiúil leanúnach ar feadh a ngairme.
- Taighde a choimisiúnú agus a sheoladh, ag baint úsáide as sonraí agus fianaise chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht agus forbairt beartais. Soláthraíonn sé seo moltaí atá bunaithe ar fhianaise agus cuireann sé leis an bplé ar bheartais, cleachtais agus athchóirithe oideachais, d’fhonn ardchaighdeáin a chinntiú i ngairm na múinteoireachta.
Tá liosta iomlán feidhmeanna leagtha amach in alt 7 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 (arna leasú teachingcouncil.ie
5.4 Aiseolas
Cuirfear aiseolas ar fáil duit laistigh de thréimhse réasúnta ama agus tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis chéad admháil do thuairisce a fháil nó, murar seoladh admháil ar bith, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis do thuairisc a fháil. Baineann an tréimhse ama seo le cibé acu ar cuireadh do thuairisc díreach chugainn ar dtús nó ar dtús chuig duine forordaithe eile nó chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta agus gur cuireadh í chugainn ansin.
I gcúinsí bailí mar is ceart, féadfar an tréimhse ama chun aiseolas a sholáthar a shíneadh go sé mhí, ag brath ar chineál agus castacht na tuairisce. Cuirfimid in iúl duit, i scríbhinn, aon chinneadh chun síneadh a chur leis an tréimhse aiseolais a luaithe is indéanta tar éis an cinneadh a dhéanamh.
Is féidir leat iarraidh orainn, i scríbhinn, go gcuirfimid aiseolas breise ar fáil ag gach 3 mhí go dtí go mbeidh an próiseas leantach críochnaithe.
Cuirtear aon aiseolas a thugaimid ar fáil faoi rún agus níor cheart é a nochtadh d’aon duine eile seachas:
- mar chuid den phróiseas comhairle dlí a lorg maidir le do thuairisc ó aturnae nó abhcóide nó oifigeach ceardchumainn; nó
- más tá gá leis chun tuairisc bhreise a dhéanamh tríd an modh seo nó trí mhodh tuairiscithe eile dá bhforáiltear faoin Acht.
Áireofar san aiseolas faisnéis ar an ngníomh a rinneadh nó a beartaíodh a dhéanamh mar ghníomhaíocht leantach ar an tuairisc sin agus freisin na cúiseanna atá leis an ngníomhaíocht leantach sin.
Ní chuirfear san aiseolas aon fhaisnéis a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thoradh imscrúdaithe nó aon ghníomh eile a d’fhéadfadh teacht ina dhiaidh.
Ní chuirfear san aiseolas aon fhaisnéis a bhaineann le tríú páirtí aitheanta nó inaitheanta.
Ní sháraíonn an ceanglas maidir le haiseolas a sholáthar aon oibleagáidí reachtúla nó dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm maidir le rúndacht.
Má chinntear sa phróiseas leantach nár tharla aon éagóir ábhartha, cuirfear é seo in iúl duit i scríbhinn.
Mura bhfuil gá le gníomh breise, cuirfear é seo in iúl duit i scríbhinn.
Tabharfaimid faisnéis duit maidir le toradh deiridh aon imscrúduithe a tionscnaíodh mar gheall ar do thuairisc, faoi réir aon srianta dlíthiúla a bhaineann le rúndacht, pribhléid dhlíthiúil, príobháideacht agus cosaint sonraí nó aon oibleagáid dhlíthiúil eile.
6. Rúndacht agus cosaint aitheantais
Tá an Chomhairle Múinteoireachta tiomanta do chéannacht na n-oibrithe go léir a ardaíonn imní faoi na nósanna imeachta seo a chosaint agus do rúndacht aon fhaisnéise a nochtar a chosaint.
Déanfar tuairisc an oibrí a shábháil i bhfillteán slán agus ní thabharfaidh ach an Stiúrthóir rochtain air. Ní dhéanfaidh aon chumarsáid ríomhphoist a bhaineann le tuairisc an oibrí tagairt d’ainm an oibrí, ná d’aon 3ú páirtí atá ainmnithe sa tuairisc. Déanfar aon cháipéisíocht a bhaineann leis an tuairisc a chaithfear a roinnt idir páirtithe éagsúla a roinnt trí shuíomh slán um chomhroinnt comhad na Comhairle Múinteoireachta, Microsoft SharePoint.
Faoi réir na n-eisceachtaí thíos, ní dhéanfar céannacht an duine tuairiscithe nó aon fhaisnéis óna bhféadfaí a chéannacht a fhionnadh go díreach nó go hindíreach a roinnt le haon duine seachas daoine atá údaraithe chun tuairiscí a fháil, a láimhseáil nó a fhiosrú faoin mbeartas seo gan toiliú soiléir an duine tuairiscithe.
Forálann an tAcht um Nochtadh Cosanta d’eisceachtaí áirithe nuair is féidir céannacht an duine tuairiscithe nó faisnéis óna bhféadfaí an duine tuairiscithe a aithint a nochtadh le toiliú an duine tuairiscithe nó gan é. Is iad:
a. I gcás inar oibleagáid riachtanach agus comhréireach é an nochtadh a fhorchuirtear le dlí an AE nó le dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe nó imeachtaí breithiúnacha, le cearta cosanta daoine a bhfuil baint acu leis an éagóir líomhainte a chosaint san áireamh;
b. I gcás ina léiríonn an duine ar tugadh an tuairisc dó/di nó ar cuireadh ar aghaidh chuige nó chuici í go ndearna sé/sí gach beart réasúnach chun céannacht an duine tuairiscithe nó aon fhaisnéis óna bhféadfaí an duine tuairiscithe a aithint a sheachaint;
c. I gcás ina gcreideann an duine dá ndearnadh an tuairisc nó ar cuireadh í ar aghaidh chuige nó chuici go réasúnach go bhfuil gá le nochtadh chéannacht an duine tuairiscithe nó faisnéis óna bhféadfaí an duine tuairiscithe a aithint chun riosca tromchúiseach do shlándáil an Stáit, do shláinte an phobail, do shábháilteacht an phobail nó don timpeallacht a chosc; agus
d. I gcás ina n-éilítear an nochtadh taobh amuigh de sin de réir an dlí.
Sa chás go nochtfar d’aitheantas nó faisnéis lena bhféadfaí tú a aithint faoi cheann amháin nó níos mó de na heisceachtaí seo, cuirfear in iúl duit i scríbhinn roimh ré na cúiseanna leis an nochtadh, ach amháin má chuireann an fógra seo an méid seo a leanas i mbaol:
- Imscrúdú éifeachtach ar an éagóir ábhartha a tuairiscíodh;
- Riosca tromchúiseach do shlándáil an Stáit, do shláinte an phobail, do shábháilteacht an phobail nó don chomhshaol a chosc; nó
- Cion a chosc nó cion coiriúil a ionchúiseamh.
D’fhéadfadh imthosca teacht chun cinn ina bhfuil sé deacair nó dodhéanta céannacht a chosaint – m.sh. má chiallaíonn ábhar na faisnéise a nocht tú go bhfuil tú inaitheanta go héasca. Má tharlaíonn sé seo, leagfar amach na rioscaí agus na gníomhartha féideartha a d’fhéadfaí a dhéanamh chun iad a mhaolú agus pléifear iad leat.
Sa chás go gcreideann oibrí gur nochtadh a c(h)éannacht go míchuí, is féidir leis/léi gearán a dhéanamh de réir Bheartas Príobháideachta na Comhairle Múinteoireachta.
Coinneofar taifid ar gach tuairisc, lena n-áirítear tuairiscí gan ainm, i gcomhréir leis na beartais infheidhme maidir le taifid a choinneáil, cosaint sonraí agus saoráil faisnéise. Féach Aguisín B le haghaidh tuilleadh eolais.
7. Cosaint ar phionós
Soláthraíonn an tAcht raon cosaintí reachtúla d’oibrithe a ngearrtar pionós orthu as nochtadh cosanta a dhéanamh.
Is éard is pionós ann ná aon ghníomh nó neamhghníomh díreach nó indíreach a tharlaíonn i gcomhthéacs a bhaineann le hobair, a spreagtar de bharr nochtadh cosanta a rinneadh atá ina chúis leis nó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dochar gan údar d’oibrí.
Cuimsíonn pionós an méid seo a leanas, ach níl sé teoranta dó:
- Fionraí, leagan as nó dífhostú;
- Ísliú céime, cailliúint deiseanna d’ardú céime nó ardú céime a choinneáil siar;
- Aistriú dualgas, athrú ar shuíomh na háite oibre, laghdú pá nó athrú ar uaireanta oibre;
- Aon smacht, iomardú nó pionós eile a ghearradh nó a riar (pionós airgeadais san áireamh);
- Comhéigean, imeaglú, ciapadh nó dúdhiúltú
- Idirdhealú, míbhuntáiste nó cóir éagórach;
- Gortú, damáiste nó caillteanas;
- Bagairt díoltais;
- Oiliúint a choinneáil siar;
- Measúnú feidhmíochta nó teistiméireacht fostaíochta dhiúltach;
- Mainneachtain conradh fostaíochta sealadach a thiontú ina chonradh buan, i gcás ina raibh ionchas dlisteanach ag an oibrí go ndéanfaí fostaíocht bhuan a thairiscint dó nó di;
- Mainneachtain conradh fostaíochta sealadaí a athnuachan nó a fhoirceannadh go luath;
- Dochar, do chlú an oibrí san áireamh, go háirithe ar na meáin shóisialta, nó caillteanas airgeadais, caillteanas gnó agus caillteanas ioncaim san áireamh;
- Ag cur daoine ar an liosta dubh ar bhonn comhaontaithe neamhfhoirmiúil nó foirmiúil ar fud na hearnála nó ar fud an tionscail, a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis nach bhfaighidh an duine fostaíocht san earnáil nó sa tionscal amach anseo;
- Foirceannadh luath nó cealú conartha le haghaidh earraí nó seirbhísí;
- Cealú ceadúnais nó ceada; agus
- Atreoruithe síciatracha nó leighis.
Forálann an tAcht gur féidir le hoibrí a ngearrtar pionós orthu mar thoradh ar nochtadh cosanta rinne sé/sí acu éileamh ar shásamh a dhéanamh ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre nó ag na cúirteanna, de réir mar is cuí.
Ní mór éileamh maidir le pionósú nó dífhostú a thabhairt chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre laistigh de 6 mhí ó dháta ar gearradh an pionós nó dáta an dífhostaithe lena mbaineann an t-éileamh.
Ní mór éileamh ar fhaoiseamh eatramhach imeachtaí ar feitheamh ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre nó ag na cúirteanna a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda laistigh de 21 lá ó dháta deiridh an phionóis nó dáta an dífhostaithe.
Is cion coiriúil é pionós a ghearradh nó pionósú a bhagairt nó a chur faoi deara nó a cheadú d’aon duine eile pionós a ghearradh nó pionósú a bhagairt i gcoinne aon duine díobh seo a leanas:
- An duine tuairiscithe;
- Éascaitheoir (duine a chuidíonn leis an duine tuairiscithe sa phróiseas tuairiscithe);
- Duine atá bainteach leis an duine tuairiscithe, a d’fhéadfadh frithbheart a fhulaingt i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair, amhail comhghleacaí nó gaol; nó
- Aonán ar leis an duine tuairiscithe, a oibríonn dó nó a bhfuil baint eile aige nó aici i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair.
Ní féidir leis an gComhairle Múinteoireachta cinneadh an bhfuil tuairisc cáilithe le haghaidh cosanta faoin Acht ná ní féidir léi idirghabháil a dhéanamh nó comhairle dlí a thairiscint in aon achrann fostaíochta nó aon achrann eile a bhaineann le líomhaintí faoi phionós faoin Acht. Féach le do thoil ar chuid 10 den doiciméad seo maidir le conas tuilleadh eolais agus comhairle neamhspleách, rúnda a fháil maidir leis na cearta reachtúla seo.
8. Cosaint ar dhliteanas dlíthiúil
Go ginearálta, forálann an tAcht nach n-éireoidh le caingean dlí sibhialta ar bith i do choinne as nochtadh cosanta a dhéanamh. Is í clúmhilleadh an t-aon eisceacht amháin air seo.
Is féidir go gcuirfear dlí ort mar gheall ar chlúmhilleadh ach tá tú i dteideal cosanta ar bhonn “phribhléid shrianta”. Ciallaíonn sé seo gur chóir go mbeadh sé an-deacair do dhuine cás a bhuachan i do choinne más féidir leat a thaispeáint go ndearna tú nochtadh cosanta de réir an Achta agus nár ghníomhaigh tú go mailíseach.
Níl aon bhunús eile faoinar féidir dlí a chur ort má tá nochtadh cosanta déanta agat de réir an Achta – m.sh. as sárú rúndachta.
Má dhéantar tú a ionchúiseamh as faisnéis a nochtadh atá toirmiscthe nó srianta, is cosaint é a thaispeáint, ag am an chiona líomhainte, gur chreid tú le réasún go raibh nochtadh cosanta á dhéanamh agat.
Forálann an tAcht freisin go bhfuil aon fhoráil in aon chomhaontú ar neamhní sa mhéid is a dhéanfadh sé:
- Cosc nó srian a chur ar nochtadh cosanta a dhéanamh;
- Aon fhoráil den Acht a fhágáil amach nó a theorannú;
- Cosc ar dhuine aon imeachtaí a thionscnamh faoin Acht nó de bhua an Achta; nó
- Cosc ar dhuine imeachtaí a thionscnamh mar gheall ar shárú conartha maidir le haon ní a dhéantar mar thoradh ar nochtadh cosanta a dhéanamh.
Cuimhnigh, má dhéanann tú tuairisc a bhfuil a fhios agat go bhfuil sé bréagach, nach nochtadh cosanta é. D’fhéadfá a bheith faoi lé rioscaí dlíthiúla, ar nós an dlí á chur ort mar gheall ar chlúmhilleadh nó sárú rúndachta. D’fhéadfaí ionchúiseamh coiriúil a chur ort.
Má tá aon amhras ort faoi cibé an mbaineann na cosaintí seo leat, ba cheart duit comhairle ghairmiúil a lorg. Déan tagairt le do thoil do chuid 10 den doiciméad seo maidir le conas tuilleadh faisnéise agus comhairle neamhspleách, rúnda a fháil ina leith seo.
9. Cosaint na nDaoine lena mBaineann
Is éard is “duine lena mbaineann” ann duine dá dtagraítear i dtuairisc arna déanamh faoin Acht mar dhuine a bhfuil an éagóir chuí curtha ina leith nó lena bhfuil baint ag an duine sin.
Tá na daoine lena mbaineann i dteideal a gcéannacht a chosaint chomh fada agus atá aon imscrúdú a spreagtar de bharr tuairisc a rinneadh faoin mBeartas seo ar siúl.
Ní chuireann an chosaint céannachta seo bac ar nochtadh na céannachta sin i gcás ina measann an Chomhairle Múinteoireachta le réasún go bhfuil gá le nochtadh den sórt sin chun críocha an Achta nó i gcás ina n-údaraítear a leithéid de nochtadh nó go bhfuil sé riachtanach de réir an dlí.
Tá sé de cheart ag na daoine lena mbaineann caingean dlí a thionscnamh i gcoinne duine a thugann tuairisc bhréagach ina choinne go feasach, má dhéantar dochar dóibh mar thoradh ar an tuairisc bhréagach.
10. Tacaíochtaí agus faisnéis
Feidhmíonn Transparency International Éireann Líne Chabhrach Speak-Up saor in aisce a thairgeann tacaíocht agus comhairle atreoraithe (a d’fhéadfadh atreorú chuig comhairle dlí a bheith san áireamh) d’oibrithe a thuairiscigh nó a bheartaíonn éagóir a thuairisciú. Is féidir sonraí teagmhála na líne cabhrach Speak-Up a fháil ar shuíomh gréasáin Transparency International Éireann.
I gcás oibrithe atá ina mbaill de cheardchumann, cuireann go leor ceardchumann seirbhísí comhairle dlí ar fáil saor in aisce ar ábhair a bhaineann le fostaíocht, lena n-áirítear nochtadh cosanta.
Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an Acht ar fáil ó Fhaisnéis do Shaoránaigh.
Tá faisnéis maidir le gearán faoi phionós a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre le fáil ar shuíomh gréasáin n gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.
Aguisín A – Cad atá le cur san áireamh i nochtadh
Moltar go mbeadh ar a laghad an t-eolas seo a leanas sna tuairiscí:
- gur nochtadh cosanta í an tuairisc agus go bhfuil sí á déanamh faoi na nósanna imeachta atá leagtha amach sa pholasaí seo;
- ainm an duine tuairiscithe, post san eagraíocht, ionad oibre agus sonraí rúnda teagmhála;
- dáta na héagóra líomhainte (más eol duit) nó an dáta ar thosaigh nó ar aithníodh an éagóir líomhainte;
- an bhfuil nó nach bhfuil an éagóir líomhainte fós ar siúl;
- an bhfuil an éagóir líomhainte nochta cheana féin agus má tá, cé dó, cathain, agus cén beart a rinneadh;
- faisnéis maidir leis an éagóir líomhainte (cad atá ag tarlú / a tharla agus conas) agus aon fhaisnéis tacaíochta;
- ainm aon duine/daoine a líomhnaítear go raibh baint acu leis an éagóir líomhainte (má tá aon ainm ar eolas ag an oibrí agus go measann sé/sí gur gá duine a ainmniú chun an éagóir a nochtadh a thuairisciú); agus
- aon fhaisnéis ábhartha eile.
Aguisín B – Coimeád taifead, cosaint sonraí agus saoráil faisnéise
Coimeád Taifead
Coinneofar taifead ar gach tuairisc – gach tuairisc gan ainm san áireamh.
I gcás ina dtabharfar tuairisc trí chruinniú fisiceach le ball foirne údaraithe, déanfar an tuairisc a dhoiciméadú mar mhiontuairiscí cruinne ar an gcomhrá tógtha ag an duine a fhaigheann an tuairisc. Tabharfar deis don duine tuairiscithe na miontuairiscí seo a sheiceáil, a choigeartú agus a fhaomhadh.
Déanfar na miontuairiscí seo a shábháil ar an mbealach céanna leis an tuairisc.
Cosaint Sonraí
Déanfar na sonraí pearsanta go léir a phróiseáil i gcomhréir leis an dlí cosanta sonraí is infheidhme, an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS) san áireamh.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhforchuireann alt 16B den Acht um Nochtadh Cosanta srianta áirithe ar chearta na n-ábhar sonraí, mar a cheadaítear faoi Airteagal 23 den RGCS.
I gcás ina gceanglaítear le feidhmiú cirt faoi RGCS faisnéis a nochtadh óna bhféadfaí céannacht an duine nó na daoine tuairiscithe lena mbaineann a aithint, nó a dhéanfadh dochar do ghníomhaíocht leanúnach éifeachtach ar thuairisc, féadfar srian a chur le feidhmiú an chirt sin.
Is féidir le cearta a bheith teorannaithe freisin a mhéid agus is gá, agus chomh fada agus is gá, chun iarrachtaí a chosc nó aghaidh a thabhairt orthu lena bhféachtar le bac a chur ar obair leantach nó cur isteach uirthi nó moill a chur uirthi, nó iarrachtaí a chosc lena bhféachtar le céannacht daoine tuairiscithe nó daoine lena mbaineann a fhionnadh.
Má chuirtear srian le ceart faoin RGCS, tabharfar na cúiseanna leis an srianadh don ábhar sonraí, seachas más rud é go n-aithneofaí an duine nó na daoine tuairiscithe lena mbaineann dá dtabharfaí cúiseanna den sórt sin, nó dá ndéanfadh sé dochar don obair leantach éifeachtach ar thuairisc nó dá ndéanfadh sé dochar do bhaint amach aon chuspóirí tábhachtacha ar mhaithe le leas an phobail i gcoitinne mar atá leagtha amach san Acht.
Is féidir le duine a bhfuil srian ar a chearta ábhar sonraí gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí nó leigheas breithiúnach a lorg i leith an tsriain.
Saoráil Faisnéise
Níl feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 maidir le haon taifid a bhaineann le nochtadh a dhéantar de réir an Achta um Nochtadh Cosanta, is cuma cén uair a rinneadh iad.
Rialú Doiciméad
Teideal an Doiciméid | Leagan | Ullmhaithe ag | Dáta Ullmhaithe |
Beartas um Nochtadh Seachtrach Cosanta na Comhairle Múinteoireachta | 0.1 | Ceann Gnóthaí Corparáideacha agus Acmhainní Daonna | Feabhra 2024 |
Athbhreithnithe ag | Dáta Athbhreithnithe | Formheasta ag | Dáta Formheasta |
An Coiste Iniúchta agus Riosca | 19 Feabhra 2024 | Comhairle | 04 Márta 2024 |
Dáta i bhFeidhm | An Chéad Dáta Athbhreithnithe Eile | ||
04 Márta 2024 | Márta 2027 |