Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Nollaig 12, 2022

Tharla fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ar an 22 Lúnasa 2022. Tharla an fiosrúchán go príobháideach.

Chinn Painéal an Choiste Smachta gur cruthaíodh dhá líomhain, a bhain le dhá chás de theagmháil fhisiciúil le mac léinn 13 bliana d’aois sa bhliain 2018.

Chinn an Painéal go raibh mí-iompar gairmiúil agus sárú ar Chód Iompair na Comhairle Múinteoireachta ag an múinteoir cláraithe.

Chinn an Painéal an múinteoir cláraithe a cháineadh i scríbhinn.