Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Márta 04, 2024

Cruthaíodh seacht líomhain maidir leis na nithe seo a leanas:

Go ndearna an múinteoir cláraithe, tar éis dó nó di a bheith ag obair mar mhúinteoir faoi oiliúint i meánscoil ar feadh an tréimhse thart timpeall ar mí Mheán Fómhair 2019 go dtí thart timpeall ar mí na Samhna 2019, agus mar mhúinteoir ionaid sa scoil chéanna ar feadh an tréimhse thart timpeall mí na Samhna 2019 go dtí thart timpeall ar mí na Nollag 2019, an méid seo a leanas:

  1. Ar dhátaí anaithnide idir Meán Fómhair 2019 agus Iúil 2020, nó timpeall air, rinneadh cairdeas le triúr scoláire (Scoláire 1, 2 & 3) ar Snapchat, feidhmchlár meán sóisialta, nuair a bhí na scoláirí sin sna déaga luatha agus ina scoláirí sa scoil, a bhí neamhoiriúnach; agus/nó seoladh teachtaireacht neamhoiriúnach amháin nó níos mó chuig gach ceann acu; agus/nó
  2. I mí an Mheithimh 2020 nó timpeall air, rinneadh cairdeas le (Scoláire 4) ar Snapchat, feidhmchlár meán sóisialta nuair a bhí an scoláire sin ina déaga luatha, rud a bhí neamhoiriúnach; agus/nó seoladh teachtaireacht neamhoiriúnach amháin nó níos mó chuici; agus/nó
  3. Ar dháta idir Meán Fómhair 2019 agus Márta 2020 nó timpeall air, rinneadh cairdeas nó rinneadh iarracht cairdeas a dhéanamh le scoláire (Scoláire 5) ar Snapchat, feidhmchlár meán sóisialta, nuair a bhí an scoláire sin sna déaga luatha agus ina scoláire sa scoil, a bhí neamhoiriúnach; agus/nó
  4. Ar dhátaí anaithnide idir Meán Fómhair 2019 agus Iúil 2020 nó thart air, rinneadh cairdeas nó rinne iarracht cairdeas a dhéanamh le beirt scoláire bhaineanna (Scoláire 6 & 7) ar Snapchat, feidhmchlár meán sóisialta, nuair a bhí na scoláirí sin ina ndéagóirí agus ina scoláirí sa scoil, a bhí neamhoiriúnach.

Chinn an Painéal gurb ionann gach ceann de na líomhaintí cruthaithe thuas agus mí-iompar gairmiúil.

Rinne an Painéal cinntí freisin maidir le sáruithe ar an gCód Iompair Gairmiúil do Mhúinteoirí 2ú heagrán nuashonraithe, 2016 (“an Cód”) mar a leanas:

  • Is ionann gach líomhain chruthaithe agus sárú ar alt 3.1 den Chód a deir gur cheart do mhúinteoirí “clú agus céimíocht na gairme a sheasamh”.
  • Is ionann gach líomhain chruthaithe agus sárú ar alt 3.7 den Chód a deir gur chóir do mhúinteoirí “a chinntiú go bhfuil aon chumarsáid le daltaí/scoláirí, comhghleacaithe, tuismitheoirí, bainistíocht scoile agus daoine eile oiriúnach, le cumarsáid trí mheáin leictreonacha ar nós téacsáil trí ríomhphost, agus láithreáin ghréasáin mheáin sóisialta san áireamh”.

Tar éis an fhiosrúcháin, chinn Painéal an Choiste Araíonachta ainm an mhúinteora chláraithe a bhaint de chlár na múinteoirí agus chinn siad nach mbeadh an múinteoir cláraithe i dteideal iarratas ar athbhunú ar an gclár a dhéanamh ar feadh tréimhse chúig bliana déag, ag tosú leis an dáta a baineadh é den Chlár.

Dheimhnigh an Ard-Chúirt cinneadh Phainéal an Choiste Araíonachta ar an 6 Samhain 2023 agus tháinig an smachtbhanna i bhfeidhm.