Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Deireadh Fómhair 11, 2021

Chinn an Painéal gur cruthaíodh na líomhaintí mar fhiríc. Tá achoimre ar na líomhaintí mar seo a leanas: Gur ciontaíodh an tUasal Ó Baoill i gCúirt Chuarda an Chabháin ar an nó thart ar an 15 Márta 2018, ar chúig chúiseamh de chion intriailte ar díotáil de bhun alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001 mar gur ghoid sé airgead ón Roinn Coimirce Sósialaí agus ón Scoil ina raibh sé mar Phríomhoide ag an am agus; Gur ciontaíodh an tUasal Ó Baoill i gCúirt Chuarda an Chabháin ar an nó thart ar an 15 Márta 2018, ar dhá chúiseamh de chion intriailte ar díotáil de bhun alt 25 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001 mar go ndearna sé seic agus sonrasc a bhrionnú.

Tar éis an fhiosrúcháin, chinn an Painéal den Choiste Araíonachta ainm an Uasail Uí Bhaoill a bhaint de chlár na múinteoirí agus nach mbeadh an tUasal Ó Baoill i dteideal iarratas a dhéanamh le bheith curtha ar ais ar an gclár, faoi alt 31 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015, roimh an tréimhse éaga de chúig bliana déag.

Dheimhnigh an Ard-Chúirt cinneadh Phainéal an Choiste Araíonachta ar an 25 Lúnasa 2021.