Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Deireadh Fómhair 10, 2022

Tionóladh fiosrúchán os comhair Painéil den Choiste Araíonachta i leith an Uas. Seamus Walsh, an 10 Márta 2022. Chinn an Painéal gur cruthaíodh na líomhaintí i dtaca le fíorais. Seo a leanas achoimre ar na líomhaintí:

Ar an 26 Samhain 2019 nó timpeall an dáta sin gur ciontaíodh an tUas. Walsh sa Chúirt Choiriúil Chuarda in thart ar ocht (8) scór is intriailte ar díotáil, eadhon gadaíocht contrártha d’alt 4(1) den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001 sa mhéid gur ghoid sé airgead óna iarpháirtnéir. Ar an 26 Samhain 2019 nó timpeall an dáta sin gur ciontaíodh an tUas.

Walsh sa Chúirt Choiriúil Chuarda in thart ar dhá (2) scór is intriailte ar díotáil, eadhon gur úsáid sé ionstraim bhréagach contrártha d’alt 26 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001 sa mhéid gur bhrionnaigh sé dhá (2) sheic. Tar éis an Fhiosrúcháin, chinn Painéal Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta ainm an Uas.

Walsh a bhaint de chlár na múinteoirí agus nach mbeadh an tUas. Walsh i dteideal iarratas a dhéanamh a ainm a chur ar ais ar an gclár, faoi alt 31 de na hAchtanna um an Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015, roimh dheireadh thréimhse cúig bliana.

Deimhníodh an cinneadh ó Phainéal an Choiste Araíonachta san Ard-Chúirt an 30 Bealtaine 2022.

Dáta an Fhógra 10 Deireadh Fómhair 2022