Aistrigh:
Gaeilge
English

Clárú a athnuachan

Ní mór do gach múinteoir cláraithe a gclárúchán a athnuachan gach bliain. Mar mhúinteoir cláraithe, gheobhaidh tú ríomhphost meabhrúcháin roimh do dháta athnuachana.

Ag athnuachan do chlárú

Faigh tuilleadh eolais ar athnuachan a dhéanamh ar do chlárúchán.

Coinníollacha Clárúcháin

Deonófar clárúchán le coinníollacha ort mura bhfuil gach riachtanas clárúcháin comhlíonta ag d’iarratas.

Mínítear sa mhír seo cad é an coinníoll/cad iad na coinníollacha, cad é gur gá duit a dhéanamh chun iad a chomhlíonadh agus an tréimhse ama faoina bhfuil siad le comhlíonadh. Tá an coinníoll/na coinníollacha taifeadta ar an gClár agus ar do Dheimhniú Clárúcháin.

Mura gcomhlíonann tú do choinníollacha go léir faoin tréimhse ama agus mura mbronnfar síneadh ama ort, rachaidh do chlárúchán i léig.

Droichead

Faigh tuilleadh eolais ar Droichead, an próiseas ionduchtaithe do mhúinteoirí nuacháilithe agus do mhúinteoirí nach bhfuil an tréimhse riachtanach de chleachtas gairmiúil críochnaithe acu roimhe seo.

Riachtanas na Gaeilge (RG)

Faigh tuilleadh eolais ar conas ar féidir leat an coinníoll Riachtanas na Gaeilge a chomhlánú.

Scrúdú Staire & Struchtúir (S&S)

Faigh tuilleadh eolais ar an Scrúdú Staire agus Struchtúir, lena n-áirítear Páipéir Shamplacha agus Nótaí Míniúcháin.

Easnaimh Cháilíochta (EC)

Faigh tuilleadh eolais faoi easnaimh Cháilíochta a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar do chlárúchán más múinteoir láncháilithe thú lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.

Ionduchtú Thar Lear

Faigh tuilleadh eolais faoi phróiseas measúnaithe na Comhairle Múinteoireachta, má tá próiseas foirmiúil ionduchtaithe críochnaithe agat lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.

Fostaíocht iarcháilíochta (FIC)

Faigh tuilleadh eolais faoi fhostaíocht iarcháilíochta, is infheidhme más múinteoir iar-bhunscoile thú a cláraíodh roimh an 1 Meitheamh 2020, faoi chúinsí áirithe.

Clár Ceardlainne Ionduchtúcháin (bunscoil agus iar-bhunscoil)

Faigh tuilleadh eolais faoin gClár Ceardlainne Ionduchtúcháin, atá infheidhme má chríochnaigh tú Droichead roimh an 1 Meán Fómhair 2016, nó na próisis thraidisiúnta Promhaidh nó PQE ach go bhfuil coinníoll Chlár na gCeardlann Ionduchtúcháin fós le déanamh.

Ag comhlánú do phromhaidh

Faigh tuilleadh eolais faoi cad is féidir leat a dhéanamh mura raibh ach cuid de do phromhadh críochnaithe.

Clárúchán iomlán a dheonú do mhúinteoirí ar phromhadh i suíomh srianta

Faigh tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar chlárú iomlán san earnáil sin, más múinteoir thú ar promhadh i suíomh srianta.

Síneadh ar thréimhse clárúcháin choinníollaigh

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar shíneadh sé mhí roimh dháta éaga an choinníll.

Iarratas ar shíneadh ar thréimhse clárúcháin choinníollaigh

Faigh tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar shíneadh, mura bhfuil tú in ann ceanglais an choinníll clárúcháin a chomhlíonadh laistigh den fhráma ama sonraithe.

Athrú Sonraí

Faigh tuilleadh eolais ar eagarthóireacht a dhéanamh ar d'fhaisnéis phearsanta tríd an tairseach Mo Chlárúchán.

Athrú Sonraí