Aistrigh:
Gaeilge
English

Is faoi chóipcheart na Comhairle Mhúinteoireachta an t-eolas uile atá ar ár láithreán gréasáin mura sonraítear a mhalairt.

Comhlíonann an Chomhairle Mhúinteoireachta na Rialacháin um Athúsáid eolais ón Earnáil Phoiblí agus is mian linn go ndéanfaí an t-eolas a chuirimid ar fáil a athúsáid.

Féadfar eolas agus doiciméid a fhaightear ón láithreán gréasáin seo a chur ar fáil arís agus/nó a athúsáid in aon fhormáid saor in aisce faoi réir an cheadúnais PSI is déanaí atá ar fáil ar www.psi.gov.ie.

Tá an athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. Ní mór duit

  • Aitheantas a thabhairt don fhoinse agus dár gcóipcheart i gcásanna ina gcuireann tú an t-eolas ar fáil do dhaoine eile
  • An t-eolas a chur ar fáil arís go cruinn
  • Gan an t-eolas a úsáid in aon bhealach míthreorach
  • Gan an t-eolas a úsáid go príomha chun táirge nó seirbhís ar leith a fhógairt nó a chur chun cinn
  • Gan an t-eolas a úsáid chun críche neamhdhleathaí, mímhorálta, calaoisí nó mímhacánta ná chun tacú leo
  • Gan an t-eolas a úsáid ar bhealach ina dtabharfar le tuiscint go raibh na Coimisinéirí Ioncaim á fhaomhadh nó go ginearálta ar bhealach a bheadh míthreorach do dhaoine eile
  • Gan aon suaitheantas, lógó nó marc de na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil arís, ach amháin sa chás go bhfuil a leithéid suaitheantais, lógó nó mairc mar chuid lárnach den doiciméad atá in athúsáid.

Tabhair faoi deara, le do thoil, gur leaganacha leictreonacha d’fhoilseacháin phriontáilte cuid mhór de na doiciméid ar an láithreán gréasáin seo agus dá bhrí sin ní gá go mbeidís suas chun dáta. Ní ghlacann an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an Stát agus a sheirbhísigh nó a ghníomhairí aon fhreagracht as ná ní thugann siad dearbhuithe, gealltanais ná barántaí maidir leis an gcineál cruinnis nó críochnúlachta den eolas nó an bhfuil sé suas chun dáta ar an láithreán gréasáin ag an bpointe seo agus ní ghlacann siad aon dliteanas ar chor ar bith mar gheall ar earráidí nó easnaimh.

Le haghaidh fiosruithe a dhéanamh maidir le hathúsáid an eolais atá á choimeád ag an gComhairle Mhúinteoireachta cuir ríomhphost chuig info@teachingcouncil.ie

Féach freisin Saoráil Faisnéise agus léarscáil den tsuíomh.

Ní chlúdaíonn an cead le heolas a chur ar fáil arís ón láithreán gréasáin seo aon ábhár atá ar an láithreán seo a d’fhéadfadh a bheith faoi sheilbh tríú páirtí. Ní mór údarú a fháil ó shealbhóirí an chóipchirt atá i gceist lena leithéid ábhair a chur ar fáil arís.