Féadfaidh múinteoirí cláraithe an fhaisnéis phearsanta seo a leanas a choinnítear ar Chlár na Múinteoirí a chur in eagar. Is féidir é a líonadh isteach ar líne trí Mo Chlárú. Tá an leagan Gaeilge den tairseach ar líne á fhorbairt faoi láthair ach is féidir do sonraí a chuir isteach sa tairseach béarla as gaeilge.
- Ainm
- Inscne
- Seoladh
- Uimhir PPS
- Uimhir theileafóin
- Seoladh ríomhphoist
- Sonraí fostaíochta
- Nuashonruithe cumarsáide (Glac leis an rogha)
Féadfaidh tú cáilíocht bhreise a chur le do Chlárú freisin (leibhéal 6 nó níos airde ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ)). Sa chás go bhfuil cúrsaí breise staidéir curtha i gcrích agat a chúitíonn easnaimh a aithníodh agus do cháilíochtaí á measúnú, ba cheart duit an fhianaise a chur isteach tríd an tairseach ar líne, trí rannóg Mo Choinníollacha.
Más múinteoir iar-bhunscoile thú agus gur mhaith leat ábhar teagaisc breise a chur le do chlárú, cuir iarratas isteach trí Mo Chlárú, le do thoil.
Ó am go chéile beidh an Chomhairle ag iarraidh leas a bhaint as seachadadh taifeadta /post cláraithe agus comhfhreagras á sheoladh, i gcomhlíonadh na nAchtanna um an gComhairle Mhúinteoireachta. Is den riachtanas ar an ábhar sin go ndéanfadh múinteoirí a sonraí teagmhála a choinneáil suas chun dáta. Ós rud é go bhféadfadh an Chomhairle doiciméid thábhachtacha a sheoladh le linn na laethanta saoire scoile, is den riachtanas freisin an seoladh cónaithe/ seoladh baile a thugtar a bheith cruinn.