Mo Chlárú

Fáilte chuig Mo Chlárú. Beidh d’uimhir chlárúcháin agus pasfhocal de dhíth ort leis an áis seo a úsáid. Mura bhfuil pasfhocal agat is féidir leat ceann a chlárú má chuireann tú na sonraí seo a leanas ar fáil:

  1. Uimhir Chlárúcháin
  2. Uimhir PPS
  3. Do Dháta Breithe

Tabhair faoi deara: Mura bhfuil na sonraí thuas ar taifead cheana ar Chlár na Múinteoirí, ní bheidh tú in ann do phasfhocal a chlárú.

Sonraí do Cháilíochtaí a Athrú

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta cáilíochtaí a chur le taifead múinteora gan bunleaganacha na dtras-scríbhinní do gach cháilíocht a fheiceáil. Dá réir sin, ní féidir le baill cáilíochtaí a chur lena dtaifid tríd an gComhéadan Gréasáin chuig an gClár.

Más mian leat cáilíocht a chur le do thaifead, seol tras-scríbhinní na cáilíochta sin chuig an gComhairle leis an bpost cláraithe. Nuair atá an cháilíocht curtha le do thaifead, seolfar na tras-scríbhinní ar ais chugat leis an bpost cláraithe.