Athnuachan ar Líne

Rinneadh an córas athnuachana clárúcháin ar líne a nuashonrú chun rochtain UAP (Uimhir Aitheantais Phearsanta) a chur san áireamh. Bunaíodh an t-athrú a rinneadh ar an gcóras ar aischothú a fuarthas ó úsáideoirí. Beidh an áis bhunaidh a d’oibrigh le pasfhocal – Mo Chlárú – go fóill ar fáil dóibh siúd ar mian leo an rogha sin a úsáid le haghaidh athnuachana.

Beidh uimhir UAP iniata le gach fógra athnuachana clárúcháin le haghaidh athnuachaintí a bheidh dlite ar nó i ndiaidh an 01 Samhain 2012. Mura bhfuil uimhir UAP clóbhuailte go soiléir ag barr an fhógra ar dheis, ní féidir leat ach an rogha Logáil isteach do Mhúinteoirí Cláraithe a úsáid.

Roghnaigh, le do thoil, an rogha chuí thíos.

Do Chlárú a Athnuachan ag úsáid do UAP

Is seirbhís slán í athnuachan le UAP atá curtha ar fáil ag an gComhairle Mhúinteoireachta ionas go mbeidh sé ar a gcumas ag múinteoirí athchlárú go tapa agus a gcuid táillí athnuachana bliantúla a íoc.

Chun rochtain a fháil ar an tseirbhís athnuachana le UAP beidh an t-eolas seo a leanas uait:

  • Uimhir Chlárúcháin
  • Uimhir UAP
  • Do Dháta Breithe

Tá d’uimhir chlárúcháin agus d’UAP araon clóbhuailte go soiléir ag barr an fhógra dar teideal “Fógra um Athnuachan Clárúcháin” a bheidh faighte agat sa phost le déanaí ón gComhairle Mhúinteoireachta.

Beidh ort do dháta breithe a chur isteach freisin, ar chúinsí slándála.

Athnuachan leis an áis Logáil isteach do Mhúinteoirí Cláraithe

Má tá d’athnuachan dlite agus nach bhfuil d'uimhir aitheantais phearsanta don bhliain reatha faoi láimh agat, is féidir leat athnuachan a dhéanamh tríd an áis Mo Chlárú.

Chun teacht ar an tseirbhís seo beidh an méid seo a leanas de dhíth ort:

  • Uimhir Chlárúcháin
  • Pasfhocal

Mura bhfuil do phasfhocal agat, is féidir ceann nua a chumadh ag baint leas as meascán de d’uimhir chlárúcháin, d’uimhir PPS, agus do dháta breithe.