Conas Clárú?

Braitheann an próiseas clárúcháin do Bhealach 1 (Bunscolaíocht), Bealach 2 (Iarbhunscolaíocht), agus Bealach 4 (Eile) ar cé acu in Éirinn nó taobh amuigh d'Éirinn a bhain an t-iarratasóir cáilíocht amach. Ba chóir d'iarratasóirí faoi Bhealach 3 Breisoideachas na roghanna thíos do Cháilithe in Éirinn a leanúint (gan bheann ar an áit ar baineadh an cháilíocht amach).

Tá an próiseas clárúcháin do Bhealach 5 – Múinteoirí faoi Oiliúint oscailte do mhúinteoirí faoi oiliúint amháin ar éirigh leo an chéad dá bhliain a chur i gcrích de chlár Oideachas Tosaigh Múinteoirí fochéime, creidiúnaithe, in Éirinn.

  1. Ní mór do gach iarratasóir na riachtanais chlárúcháin a chomhlíonadh atá leagtha amach i Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú] 2016 agus Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú] (Leasú) 2016 (béarla).
  2. Mar chuid den phróiseas clárúcháin, déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta fianaise ar charachtar a bhreithniú. Ní mór do gach iarratasóir ar chlárú:
    • Foirm Teistiméireachta ar Charachtar a fháil deimhnithe ag duine atá cáilithe go cuí.
    • Próiseas grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a chur i gcrích. D’fhéadfadh sé seo suas le 6 seachtaine a thógáil, mar sin moltar d’iarratasóirí iarratas ar chlárú a dhéanamh ar a laghad sula bhfuil sé beartaithe acu filleadh ar an mhúinteoireacht (nó tús a chur léi).