Cáilithe Lasmuigh d´Éirinn

Bíonn múinteoirí láncháilithe, a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, i dteideal iarratas ar chlárú a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Déantar gach iarratas ó mhúinteoirí a cháiligh thar lear a phróiseáil de réir Threoir AE 2005/36/EC agus measúnaítear sa tslí chéanna iad, is cuma ar cháiligh na múinteoirí san AE nó lasmuigh de. Déantar gach iarratas a mheasúnú as féin.

Maidir le duine a mheasfar a bheith ina mhúinteoir láncháilithe, beidh cáilíocht oideachais múinteoireachta aitheanta mar aon le clár ionduchtúchán aitheanta curtha i gcrích aige/aici sa tír inar cháiligh sé/sí, agus é/í in ann litir oifigiúil a chur ar fáil ón gcomhlacht ábhartha clárúcháin múinteoirí/ ón Údarás Inniúil nó ón Aireacht Oideachais a dhearbhaíonn go n-aithnítear é/í mar mhúinteoir láncháilithe sa Stát/tír sin.

Maidir le duine a mheasfar a bheith ina mhúinteoir láncháilithe, beidh cáilíocht oideachais múinteoireachta aitheanta mar aon le:

  • cáilíocht aitheanta oideachais múinteoireachta agus clár ionduchtúchán aitheanta curtha i gcrích aige/aici sa tír inar cháiligh sé/sí agus 
  • litir oifigiúil a chur ar fáil ón gcomhlacht ábhartha clárúcháin múinteoirí/ ón Údarás Inniúil nó ón Aireacht Oideachais a dhearbhaíonn go n-aithnítear é/í mar mhúinteoir láncháilithe sa Stát/tír sin.

I gcomhréir le Treoir AE (EU Directive 2005/36/EC), déantar cáilíochtaí múinteoirí a cháiligh lasmuigh de PÉ a mheasúnú lena chinntiú go bhfuil siad ar chaighdeán inchomparáide le cáilíochtaí atá gnóthaithe ag céimithe clár creidiúnaithe in Éirinn. Más rud é go mbíonn difríochtaí suntasacha i gceist (easnaimh cháilíochtaí), cuirfear coinníollacha le clárú an mhúinteora.

Baineann trí chéim leis an bpróiseas measúnaithe. Is iad siúd (1) Iarratas a dhéanamh, (2) Measúnú agus (3) Clárú:

1. Iarratas a dhéanamh 

  • Sheol an fhoirm iarratais (thíos) mar aon leis na cáipéisí riachtanacha ar fad agus an táille chuig an gComhairle.
  • Beidh comhalta foirne i dteagmháil leis an iarratasóir má tá aon cháipéisí ar iarraidh ón iarratas, mar nach féidir an measúnú a thosú go dtí go bhfaightear na cáipéisí riachtanacha ar fad.
  • Déantar iarratais a phróiseáil laistigh d'amscála 12 sheachtain i ndiaidh an dáta a fuarthas na cáipéisí riachtanacha uile.

Bealach 1: Bunoideachas

Gheofar an fhoirm iarratais do Chonair 1: Bunoideachas (PRQA-01) anseo (béarla). Gheofar treoir ghinearálta don fhoirm anseo. (béarla)

Bealach 2: Iar-bhunoideachas

  • Gheofar treoir ghinearálta anseo. (béarla)
  • Chun clárú faoi Bhealach 2, Iar-bhunoideachas, agus de bhreis ar an gcáilíocht oideachais múinteoireachta ábhartha a bheith acu, ní miste d'iarratóirí na riachtanais a shásamh d'ábhar curaclaim Iar-bhunoideachais amháin, ar a laghad. Ní miste d'iarratasóirí Riachtanais na Comhairle d'Ábhair Curaclaim Iar-bhunscoile a cheadú sula gcinneann siad an t-ábhar/ na hábhair le hiarratas a dhéanamh ina leith. Gheofar na riachtanais anseo.
  • Caithfidh iarrathóirí ar ábhair teangacha curraclaim agus Gaeilge riachtanais infhíoraithe dá eispéireas tumoideachasúil (IEE) a shásamh. Tá nóta treorach ar an IEE ar fáil anseo.
  • Gheofar an fhoirm do Chonair 2: Iar-Bhunoideachas (PRQA-02) anseo. 

2. Measúnú

  • Is féidir go gcuirfear comhad iarratasóra faoi bhráid Comhairleora sheachtraigh lena mheasúnú.
  • Is iad Painéal na gCáilíochtaí, ar comhaltaí den Chomhairle Múinteoireachta iad, a dhéanann an t-iarratas a bhreithniú, moladh an Chomhairleora san áireamh.
  • Más rud é go n-aithnítear difríochtaí suntasacha idir cáilíochtaí an iarratasóra agus na riachtanais cháiliúcháin in Éirinn, cuirfear coinníollacha le clárúchán an iarratasóra.
  • Má chinneann an Painéal an t-iarratasóir a chlárú faoi réir coinníoll amháin nó níos mó, nó má chinneann siad clárú an iarratasóir a dhiúltú, cuirfear an cinneadh sin in iúl don iarratasóir i scríbhinn agus tabharfar an rogha dó/di athbhreithniú a lorg ar chinneadh an Ghrúpa Athbhreithnithe Clárúchán, laistigh de 21 lá ón lá a fhaightear cinneadh an Phainéil.
  • Is féidir le múinteoir a chláraítear le coinníollacha (easnaimh cháilíochtaí) na coinníollacha sin a chomhlíonadh le triail Inniúlachta (modúl/cúrsa staidéir) nó le tréimhse oiriúnaithe (múinteoireacht a dhéanamh i réimse an easnaimh) mar a leagtar amach i dTreoir 2005/36/EC ón AE, laistigh d'amscála áirithe. 3 bliana an gnáth-amscála ach is féidir cur leis, ar iarratas, i gcúinsí áirithe.
  • Maidir le gach iarratasóir faoi Bealach 1: Bunoideachas, cuirfear an coinníoll faoin Riachtanas Gaeilge lean gclárú.
  • Maidir le gach iarratasóir faoi Bealach 2: Iarbhunoideachas, cuirfear an coinníoll Stair & Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann lena gclárú.

3. Clárú

Tabharfar an clárú chun críche ar an gcoinníoll gur sasaíodh na riachtanais i ndáil le teistiméireacht charachtair, grinnfhiosrú agus inniúlacht ar an mBéarla.