Aistrigh:
Gaeilge
English

Cúlra

Is sraith treoirlínte é Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú a cheadaigh an Rialtas i 2016. Leagan an Cód Cleachtais amach na treoirlínte um rialachas corparáideach nach mór do chomhlachtaí Stáit a ghlacadh.  

Cuimsíonn rialachas corparáideach na córais agus na nósanna imeachta trína ndéantar an Chomhairle Mhúinteoireachta a stiúradh agus a rialú. Ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht, tá sé tábhachtach go bhfeidhmeodh an Chomhairle Mhúinteoireachta, mar chomhlacht Stáit, de réir na gcaighdeán is airde.  

Tugtar faoi deara, sa chás go rialaíonn na forálacha san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 go 2015 (an tAcht) nithe atá ina n-ábhar don Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú, go leanfar de na nithe sin a rialú leis an Acht.  

Ceanglaítear leis an g Cód Cleachtais gur cheart go mbeadh ‘Cód Iompair Ghnó scríofa do gach stiúrthóir agus fostaí de chuid comhlachtaí stáit’ ag gach comhlacht Stáit.  

Cuirtear forálacha na nAchtanna seo a leanas san áireamh sa Chód Iompair seo do Chomhaltaí agus d’fhoireann na Comhairle Múinteoireachta (an Cód):  

  • An tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 go 2015  
  • Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 go 2001  
  • An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001  
  • Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 2014  
  • An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018  
  • An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas, 2005 
  • An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta 2000-2018  

Cuspóirí

Is iad cuspóirí an Chóid ná sraith de phrionsabail eiticiúla atá comhaontaithe a bhunú, a threoróidh an Chomhairle ina cuid oibre, ar mhaithe le Comhaltaí agus le foireann na Comhairle; a chinntiú go gcomhlíonann siad nó go sáraíonn siad na caighdeáin feidhmíochta seirbhíse poiblí a cheanglaítear le reacht; muinín agus iontaoibh an phobail sa Chomhairle agus ina cuid oibre a chur chun cinn agus a chothú agus an fhorbairt nó glacadh le cleachtas mí-eiticiúil a chosc.  

Ní chuirfidh aon ní sa Chód seo bac ar cheart na gComhaltaí labhairt ar son aon ábhair imní a gcomhlachtaí ainmniúcháin 

Prionsabail Ghinearálta

Déanann na prionsabail seo a leanas eolas don Chód Iompair seo do Chomhaltaí agus don fhoireann:  

  1. Ionracas  
  2. Eolas  
  3. Oibleagáidí  
  4. Dílseacht  
  5. Cothroime  
  6. Obair agus timpeallacht sheachtrach  
  7. Freagracht  
  8. Athbhreithniú  

 

1. Ionracas  

Déanfaidh an Chomhairle í féin a iompar go hionraic, trína chinntiú go bhfuil Comhaltaí agus foireann:  

  • a bhfuil poist ainmnithe acu, iad a nochtadh i gclár leasanna, lasmuigh de leasanna fostaíochta nó gnó atá i gcoimhlint nó a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint le gnó na Comhairle;  
  • atá fostaithe ag an gComhairle, nach gceadaítear dóibh a bheith páirteach i leasanna fostaíochta/gnó lasmuigh atá i gcoimhlint nó a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint le gnó na Comhairle Múinteoireachta;  
  • bronntanais chorparáideacha, fáilteachas, cóireáil fhabhrach, nó sochair a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, nó go bhfuil an chuma orthu go ndéanfadh siad difear, do chumas an deontóra nó an fhaighteora breithiúnas neamhspleách a dhéanamh ar idirbhearta gnó, a sheachaint nó a fháil;  
  • tiomanta d’oibriú go bríomhar agus go fuinniúil ach go heiticiúil agus go hionraic chomh maith;  
  • earraí nó seirbhísí a cheannach i gcomhréir leis an gcleachtas soláthair seirbhíse poiblí is fearr; 
  • costais a éileamh ach amháin de réir mar is cuí do riachtanais na Comhairle agus de réir dea-chleachtais san earnáil phoiblí i gcoitinne;  
  • tuarascálacha agus cuntais chruinne a chur ar fáil a léiríonn feidhmíocht ghnó na Comhairle agus nach bhfuil míthreorach ná ceaptha le go mbeadh siad míthreorach; 
  • nach n-úsáideann siad acmhainní ná am na Comhairle ar mhaithe le gnóthachan pearsanta, nó ar mhaithe le daoine/eagraíochtaí nach bhfuil baint acu leis an gComhairle ná lena gníomhaíochtaí;  
  • meas a léiriú ar rúndacht bhreithniú na Comhairle trí ghealltanas a thabhairt gan doiciméadacht a scaipeadh nó machnaimh agus breithnithe na Comhairle a nochtadh do thríú páirtithe ach amháin chun críocha comhairliúcháin atá ag luí le cineál ionadaíoch na Comhairle; 
  • cinntí a dhéanamh ar bhealach oibiachtúil ag féachaint do leas an phobail; 
  • nach gcuireann siad iad féin faoi aon oibleagáid airgeadais nó eile i dtaca le haon duine aonair nó eagraíocht a bhféadfaí a mheas le réasún go mbeadh tionchar acu ar chomhlíonadh a ndualgas; agus 
  • a bheith rannpháirteach in obair na Comhairle ar bhealach eiticiúil agus macánta i gcónaí.  

 2. Eolas  

Caithfidh an Chomhairle leis an bhfaisnéis atá ar fáil di de réir an dea-chleachtais trí:  

  • soláthar rochtana ar fhaisnéis ghinearálta a bhaineann le gníomhaíochtaí na Comhairle a chur chun cinn ar bhealach atá oscailte agus a fheabhsaíonn cuntasacht na Comhairle don phobal i gcoitinne;  
  • meas a léiriú ar rúndacht faisnéise íogaire atá i seilbh na Comhairle. Is éard atá san fhaisnéis seo ná ábhar amhail: faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de (lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, pleananna amach anseo nó sonraí faoi athruithe suntasacha beartais nó at eolas pearsanta agus eolas atá faoi rún a fhaigheann an Chomhairle;  
  • réamhchomhairliúchán iomchuí a dhéanamh le tríú páirtithe i gcás ina mbeartaítear, go heisceachtúil, faisnéis íogair a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail; agus  
  • forálacha reachtúla ábhartha a chomhlíonadh (amhail an reachtaíocht um Chosaint Sonraí, na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 2014. 

 3. Oibleagáidí  

Déanfaidh an Chomhairle a cuid oibleagáidí reachtúla agus rialála chomhlíonadh, ach:  

  • a chinntiú go gcomhlíonann Comhaltaí agus baill foirne nósanna imeachta mionsonraithe tairisceana agus ceannaigh chomh maith le leibhéil fhorordaithe údaráis chun aon chaiteachas ábhartha a cheadú; 
  • rialuithe a thabhairt isteach chun calaois a chosc, lena n-áirítear rialuithe leordhóthanacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar nósanna imeachta forordaithe i ndáil le costais a éileamh le haghaidh taistil ghnó; 
  • a chinntiú go n-úsáideann Comhaltaí a n-iarrachtaí réasúnta chun freastal ar chruinnithe uile na Comhairle agus na gcoistí;  
  • i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagtha síos ag an gComhairle i ndáil le cásanna coimhlinte leasa, lena n-áirítear maidir le glacadh le poist tar éis fostaíochta agus/nó rannpháirtíochta ag an gComhairle a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le coimhlintí leasa agus le hábhair imní rúndachta; agus aitheantas a thabhairt don dualgas atá ar gach duine cloí leis na caighdeáin eitice gnó is airde.  

4. Dílseacht  

Cuirfidh an Chomhairle dílseacht chun cinn, trí aitheantas a thabhairt: 

  • do fhreagracht 
  • Chomhaltaí agus foirne a bheith dílis don eagraíocht agus tiomanta go hiomlán dá cuspóirí agus do leasanna na Comhairle a chur chun cinn.  

 5. Cothroime  

Cuirfidh an Chomhairle an chóir chomhionann chun cinn trí:  

  • reachtaíocht um chomhionannas fostaíochta agus stádas comhionann a chomhlíonadh; agus  
  • cothrom na Féinne agus an chóir chomhionann a bhaint amach agus í i gcónaí ag déileáil leis an bpobal 

 6. Obair agus Timpeallacht Sheachtrach 

Beidh an Chomhairle freagrach agus í ag feidhmiú mar fhostóir agus mar chomhlacht: 

  • an tosaíocht is airde a thabhairt do shláinte agus sábháilteacht fostaithe a chur chun cinn agus a chaomhnú;  
  • a chinntiú go ndéantar ábhair imní an phobail a mheas go hiomlán; agus  
  • aon tionchar díobhálach a bhíonn ag a cuid oibríochtaí ar an gcomhshaol a íoslaghdú.  

 7. Freagracht  

Cuirfidh an Chomhairle an Cód Iompair seo chun cinn trí:  

  • an Cód seo a scaipeadh mar aon le doiciméad beartais maidir le nochtadh leasanna do gach Comhalta, don bhainistíocht agus d’fhostaithe le go mbeadh sé acu le coinneáil; 
  • a chinntiú go dtuigeann na faighteoirí thuas impleachtaí an Chóid go hiomlán agus go n-aithníonn siad go bhfuarthas agus go dtuigeann siad an Cód Iompair; agus  
  • threoir phraiticiúil a sholáthar maidir le réimsí amhail bronntanais agus siamsaíocht agus maidir le cúinsí eiticiúla eile a thagann chun cinn go rialta. 

 8. Athbhreithniú  

Déanfaidh an Chomhairle socrú chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCód Iompair do Chomhaltaí na Comhairle agus d’Fhoireann na Comhairle Múinteoireachta ó am go chéile.  

Íoslódáil an Cód Iompair - Comhaltaí agus Foireann na Comhairle Múinteoireachta

Cód Iompair – Comhaltaí agus Foireann na Comhairle Múinteoireachta