An Cód Iompair Ghairmiúil Nuashonraithe

D’fhoilsigh an Chomhairle Mhúinteoireachta an 2ú heagrán den gCód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí ar an 20 Meitheamh 2012. Leagann an Cód amach na caighdeáin eolais, scileanna, cumais agus iompair ghairmiúil a mbeifí ag dréim leo ó mhúinteoirí. Tacaítear leis na caighdeáin seo le ceithre phríomhluach – meas, cúram, macántacht agus muinín, agus léiríonn siad coimpléascacht na múinteoireachta.  Bhí cóip den 2ú heagrán den gCód seolta chuig gach múinteoir cláraithe. Ba chóir do mhúinteoirí a chinntiú go bhfuil an Cód ar eolas acu.

Níor tháinig aon athrú sna príomhghnéithe den Chód nuashonraithe ón 2ú heagrán a foilsíodh in 2012. Tá seasamh tábhachtach aige freisin ó thaobh dlí de agus beidh sé in úsáid ag an gComhairle mar phointe tagartha sna fiosrúcháin um Fheidhmiúlacht chun Múineadh. Tá an 2ú heagrán den chód nuashonraithe ag an gComhairle le roinnt leasuithe a léiriú a rinneadh le déanaí ar na forálacha um Fheidhmiúlacht chun Múineadh d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001-2015, agus cuireadh isteach cuid nua, dar teideal ‘Gearáin a bhaineann le múinteoirí cláraithe.