Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 09 Nollaig 2021
I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, bhí fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ar siúl ar an 11 Samhain 2021. Ag eascairt as seo, tiocfaidh an Painéal de Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta le chéile chun a chuid torthaí a fhógairt agus chun éisteacht le haighneachtaí maidir leis na smachtbhannaí a d’fhéadfaí a ghearradh, Déardaoin, an 09 Nollaig 2021, ag tosú ar 3.30pm.
Beidh an éisteacht ar siúl ó chian ar ardán ar líne.
Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an éisteacht faoi smachtbhanna ag dul ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go mbeidh an éisteacht ar fad nó cuid den éisteacht seo ar siúl go príobháideach. Is féidir a leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an éisteacht, lá na héisteachta san áireamh chomh maith.
Beidh srian ar líon na ndaoine a bheidh in ann freastal ar an éisteacht ar ardán ó chian agus ní féidir a dhearbhú go dtabharfar cead freastal uirthi. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail / na meán a bheith i láthair agus breathnú ar an éisteacht faoi smachtbhanna ar líne.
Más mian leat freastal ar líne, seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ionas gur féidir linn an nasc ar líne a sheoladh agus an chúis atá agat le breathnú a dhéanamh (mar shampla, na meáin). Ní mór Léirithe Spéise a bheith faighte faoi 5pm Dé Luain, an 06 Nollaig 2021.
Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 19 Samhain 2021
I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta ar siúl Dé hAoine, an 19 Samhain 2021, ag tosú ar 9.30am.
Beidh an fiosrúchán ar siúl ó chian ar ardán ar líne.
Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag leanúint ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir le finné ar bith a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán nó is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go ndéantar an fiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir lena leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.
Beidh líon na ndaoine ag freastal ar an bhfiosrúchán ar ardán ó chian teoranta agus ní féidir a chinntiú go dtabharfar cead freastal air. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail/na meán bheith rannpháirteach agus breathnú ar an bhfiosrúchán ar líne.
Más mian leat freastal air, cuir ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie le do thoil, agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ar féidir linn an nasc ar líne a sheoladh chuige agus an chúis a bhfuil tú ag déanamh iarratais chun breathnú air (mar shampla, na meáin). Ní mór léirithe spéise a bheith faighte faoi 5pm Dé Máirt, an 16 Samhain 2021.
Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 11 Samhain 2021
I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta ar siúl Déardaoin, an 11 Samhain 2021, ag tosú ar 9.30am.
Beidh an fiosrúchán ar siúl ó chian ar ardán ar líne.
Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag leanúint ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir le finné ar bith a dhéantar a ghairm le fianaise a thabhairt ag fiosrúchán nó is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go ndéantar an fiosrúchán uile nó cuid de a reáchtáil go príobháideach. Is féidir lena leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.
Beidh líon na ndaoine ag freastal ar an bhfiosrúchán ar ardán ó chian teoranta agus ní féidir a chinntiú go dtabharfar cead freastal air. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail/na meán bheith rannpháirteach agus breathnú ar an bhfiosrúchán ar líne.
Más mian leat freastal air, cuir ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie le do thoil, agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ar féidir linn an nasc ar líne a sheoladh chuige agus an chúis a bhfuil tú ag déanamh iarratais chun breathnú air (mar shampla, na meáin). Ní mór léirithe spéise a bheith faighte faoi 5pm Dé Luain, an 8 Samhain 2021.
Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 16 Meitheamh 2021
I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, bhí fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe ar siúl ar an 05 Bealtaine 2021. Ag eascairt as seo, tiocfaidh an Painéal de Choiste Araíonachta na Comhairle Múinteoireachta le chéile chun a gcuid torthaí a fhógairt agus chun éisteacht le haighneachtaí maidir leis na smachtbhannaí a d’fhéadfaí a ghearradh, Dé Céadaoin, an 16 Meitheamh 2021, ag tosú ar 10am.
De bharr Treoirlínte Sláinte Phoiblí, a bhaineann le paindéim COVID-19, beidh an éisteacht faoi smachtbhanna ar siúl ó chian ar ardán ar líne.
Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an éisteacht faoi smachtbhanna ag dul ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir leis an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go mbeidh an éisteacht ar fad nó cuid den éisteacht seo ar siúl go príobháideach. Is féidir a leithéid d’iarratais a dhéanamh uair ar bith sula dtosaíonn an éisteacht, lá na héisteachta san áireamh chomh maith.
Beidh srian ar líon na ndaoine a bheidh in ann freastal ar an éisteacht ar ardán ó chian agus ní féidir a dhearbhú go dtabharfar cead freastal uirthi. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail / na meán a bheith i láthair agus breathnú ar an éisteacht faoi smachtbhanna ar líne.
Más mian leat freastal ar líne, seol ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist (ionas gur féidir linn a dheimhniú má tugadh stádas breathnóra duit), an chúis atá agat le breathnú a dhéanamh (mar shampla, na meáin). Ní mór Léirithe Spéise a bheith faighte faoi 2pm Dé Luain, an 14 Meitheamh 2021.
Fiosrú um Fheidhmiúlacht chun Múineadh 5 Bealtaine 2021
I gcomhréir le Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015, beidh fiosrúchán maidir le múinteoir cláraithe á reáchtáil ag Painéal den Choiste Araíonachta de chuid na Comhairle Múinteoireachta Dé Céadaoin, an 5 Bealtaine, ag tosú ar 10am. Tá sé beartaithe go leanfaidh an fiosrúchán ar aghaidh Déardaoin, an 6 Bealtaine, má bhíonn gá le lá eile.
De bharr Threoirlínte Sláinte Phoiblí an Rialtais, a bhaineann le paindéim COVID-19, beidh an fiosrúchán ar siúl go cianda ar ardán ar líne.
Faoi láthair, táthar ag súil go mbeidh an fiosrúchán ag dul ar aghaidh go poiblí. Ach, is féidir le haon fhinné a dhéantar a ghairm chun fianaise a thabhairt ag fiosrúchán nó an múinteoir cláraithe, ábhar an fhiosrúcháin, iarratas a dhéanamh go mbeidh an fiosrúchán uile nó cuid de ar siúl go príobháideach. Is féidir a leithéid d’iarratais a dhéanamh am ar bith sula dtosaítear an fiosrúchán, lá an fhiosrúcháin san áireamh.
Beidh srian ar an líon a bheidh ag freastal ar an bhfiosrúchán ar ardán cianda agus ní féidir cead le freastal air a dheimhniú. Is féidir le líon teoranta de bhaill an phobail / na meán bheith rannpháirteach san fhiosrúchán agus breathnú air ar líne.
Más mian leat freastal ar líne, cuir ríomhphost chuig professionalstandards@teachingcouncil.ie agus cuir an t-eolas seo a leanas ar fáil: d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist ar féidir linn an nasc ar líne a sheoladh chuige agus an chúis atá agat le hiarratas a dhéanamh le breathnú air (mar shampla, mar chuid de na meáin). Ní mór léiriú spéise a bheith faighte faoi 2pm ar an 30 Aibreán 2021.