Cad is fiosrúchán ann?
I gcuid mhór cásanna, is é a bheidh i gceist le fiosrúchán ná éisteacht ó bhéal os comhair painéil den Choiste Araíonachta. Tá sé cosúil le héisteachta os comhair cúirte nó binse. Tugann na finnéithe fianaise faoi mhionn.
Má bhíonn éisteacht ó bhéal ar siúl, an mbeidh sé ar siúl go poiblí nó go príobháideach?
Bíonn na héisteachtaí ar siúl go poiblí ach amháin má iarrann an múinteoir nó finné a bhféadfaí cúrsaí pearsanta a nochtadh faoi/fúithi ar an bpainéal an éisteacht nó cuid den éisteacht a bheith ar siúl go príobháideach, agus go bhfuil an painéal sásta go mbeadh sé oiriúnach a leithéid a dhéanamh. Má bhíonn éisteacht ar siúl go poiblí, féadfaidh an painéal aitheantas na ndaoine atá i gceist, an múinteoir san áireamh, a choimeád faoi rún.
Mar sin féin, is féidir leis an múinteoir iarraidh go dtabharfaí faoin bhfiosrúchán trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn seachas é a bheith mar éisteacht ó bhéal. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh painéal an Choiste Araíonachta iarraidh ar an múinteoir aontú go mbeidh an fiosrúchán ar siúl trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid agus aighneachtaí ábhartha i scríbhinn.
Déanfaidh painéal an Choiste Araíonachta cinneadh faoi cad é an cur chuige is oiriúnaí. Sa chuid is mó de na cásanna, is é éisteacht ó bhéal a bheidh ar siúl, go háirithe má bhíonn easaontas ann faoi na fíricí, nó má bhíonn siad faoi chaibidil.
Má bhíonn éisteacht ó bhéal ar siúl, cad é ról na scoile nó an fhostóra?
B’fhéidir go n-iarrfaimid ar ionadaí den scoil fianaise a thabhairt mar fhinné. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le ról finné agus cad a mbeifeá ag súil leis ag éisteacht, féach ar ár leabhrán eolais d’Fhinnéithe.
Conas a ullmhaítear éisteacht ó bhéal?
Beidh Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta freagrach as an bhfianaise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an phainéil ag an éisteacht. Ní mór don Stiúrthóir an gearán a chruthú ag an éisteacht. De ghnáth beidh dlíodóirí ag an Stiúrthóir mar chuidiú. Baileoidh an Stiúrthóir agus na dlíodóirí fianaise ar nós tuairiscí, comhfhreagras agus ráitis finnéithe i scríbhinn.
Déanfaidh painéal an Choiste Araíonachta a fhéachann ar an ngearán cinneadh an bhfuil an gearán cruthaithe agus cad iad na cúiseanna (mar shampla, mí-iompar gairmiúil, drochfheidhmíocht ghairmiúil, gan a bheith ábalta teagasc a dhéanamh ó thaobh na sláinte de, agus araile). De ghnáth, ní mór na gearáin a chruthú gan aon amhras réasúnta.
Cá mbeidh an éisteacht ó bhéal ar siúl?
Bíonn an chuid is mó d’éisteachtaí ar siúl in oifigí na Comhairle Múinteoireachta ag Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Anois is arís, bíonn na héisteachtaí ar siúl in áiteanna eile. Roimh an éisteacht, scríobhfaimid chuig daoine ábhartha, dáta agus am inar chóir dóibh a bheith i láthair.
Cé a bheidh i láthair sa seomra éisteachta?
Painéal an Choiste Araíonachta – san áireamh anseo beidh idir triúr agus cúigear, atá mar bhaill den Choiste Araíonachta. Beidh ball amháin den phainéal ag feidhmiú mar Chathaoirleach.
An Measúnóir Dlí – Is abhcóide atá i gceist anseo a shuífidh leis an bpainéal agus a chuirfidh comhairle orthu faoi na saincheisteanna dlí nó nós imeachta. Ní dhéanann an Measúnóir Dlí cinneadh ar cruthaíodh an gearán. Baineann sé seo leis an bpainéal amháin.
Ionadaí dlí an Stiúrthóra – san áireamh anseo d’fhéadfadh dlíodóirí nó abhcóidí a bheith i gceist a chuirfidh an cás i láthair thar ceann an Stiúrthóra.
Foireann na Comhairle Múinteoireachta – san áireamh anseo beidh an fhoireann iomchuí den Chomhairle Mhúinteoireachta.
An múinteoir cláraithe – an duine a bhfuil an fiosrúchán á dhéanamh air nó uirthi.
Ionadaithe an mhúinteora – san áireamh anseo d’fhéadfadh ionadaithe dlí, ceardchumainn nó ionadaithe eile a bheith i gceist, a d’fhéadfadh gníomhú agus labhairt ar son an mhúinteora. Cuirfidh siad staid an mhúinteora faoi bhráid an phainéil agus cuirfidh siad ceisteanna ar na finnéithe maidir lena bhfianaise. B’fhéidir nach mbeidh ionadaithe ag múinteoirí áirithe agus go ndéanfaidh siad a gcás féin a chosaint.
An Luathscríbhneoir – déanann an duine seo an fhianaise ar fad a thugtar ag éisteacht a thaifeadadh.
An pobal – Má bhíonn an fiosrúchán ar siúl go poiblí, d’fhéadfadh baill den phobal a bheith i láthair, lena n-áirítear iriseoirí, chun féachaint ar na himeachtaí agus éisteacht leo. De ghnáth, suíonn siad ar chúl an tseomra éisteachta.