Aistrigh:
Gaeilge
English

Dáta Foilsithe: Nollaig 11, 2023

Cruthaíodh na líomhaintí os comhair an Phainéil Fiosrúcháin thar amhras réasúnach, is é sin gur chruthaigh an múinteoir cláraithe doiciméad bréagach a airbheartaíonn gur teastas ón Roinn Oideachais i Sasana é, ag dearbhú go raibh stádas mar mhúinteoir cáilithe bainte amach aici i Sasana, agus gur chuir sí an doiciméad bréagach seo isteach don Chomhairle Mhúinteoireachta, nuair b’eol di nó ba cheart gurbh eol di gur doiciméad falsaithe a bhí ann.

Rinne an múinteoir cláraithe cumarsáid mhímhacánta freisin leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar chúig ócáid ar leith le linn Mheán Fómhair 2020, lena n-áirítear cumarsáid ina mhaígh go ndearna sí oiliúint múinteoirí in Albain, agus go ndearna sí cuid dá cleachtas in Albain, nuair b’eol di nó ba cheart gurbh eol di nach raibh an méid sin fíor.

Chinn an Painéal gurbh ionann na líomhaintí a glacadh ina n-aonar agus/nó i dteannta a chéile agus/nó go carnach agus mí-iompar gairmiúil. Chinn an Painéal freisin gurbh ionann na líomhaintí a glacadh ina n-aonar, go carnach nó i dteannta a chéile agus iompar a bhí contrártha d’alt 2.1 agus 3.1 den Chód Iompair Gairmiúil do Mhúinteoirí, An 2ú hEagrán 2016 Nuashonraithe (an “Cód”). Chinn an Painéal freisin gurbh ionann na líomhaintí a glacadh ina n-aonar, go carnach nó i dteannta a chéile agus iompar a bhí contrártha d’alt 2.3 den Chód.

Tar éis an Fhiosrúcháin, chinn Painéal an Choiste Smachta ainm an mhúinteora chláraithe a bhaint de chlár na múinteoirí agus chinn siad nach mbeadh sí i dteideal iarratas a dhéanamh chun í a chur ar ais ar an gclár, faoi Alt 31 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015, roimh dheireadh tréimhse dhá bhliain.

Dheimhnigh an Ard-Chúirt cinneadh Phainéal an Choiste Smachta ar an 6 Deireadh Fómhair 2023 agus cuireadh an smachtbhanna i bhfeidhm.