Aistrigh:
Gaeilge
English

Mar chomhlacht reachtúil Stáit, a fheidhmíonn faoi chuimsiú na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015 agus an tAcht Oideachais 1998 tá dualgas ar an gComhairle Mhúinteoireachta an reachtaíocht seo a chomhlíonadh. Mar an comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla do ghairm na múinteoireachta, fáiltímid roimh na caighdeáin nua, atá á chur i bhfeidhm ag an GDPR agus leanaimid ag glacadh ár bhfreagrachtaí go han-dáiríre.

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta i gcónaí do bheith gairmiúil, oscailte agus trédhearcach sa chaoi a bpróiseálaimid sonraí pearsanta trínár gcuid oibre ar fad a sheachadadh. Ar cheann de na ceanglais faoin reachtaíocht nua seo go bhfoilseoidh eagraíochtaí conas a chomhlíonaimid na caighdeáin atá riachtanach maidir le conas a dhéanaimid sonraí a bhailiú, a úsáid agus a chosaint.

Forbraíodh an Beartas seo ag teacht leis an gcur chuige seo agus leagtar amach leis an bonn ar a bpróiseálfar aon sonraí pearsanta a sholáthraíonn an Chomhairle. Baineann sé seo le gach sonraí pearsanta, beag beann ar an meán nó ar an modh trína bailíodh é.

Féadfar an Beartas seo a nuashonrú ó am go chéile de réir mar a thugtar isteach reachtaíocht nua um Chosaint Sonraí.

1. Réamhrá agus Bunús Dlí maidir le Sonraí Pearsanta a Bhailiú

1.1 Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht reachtúil (an “Chomhairle” nó “muidne”) a dhéanann rialú ar ghairm na múinteoireachta in Éirinn. Cuireann sí caighdeáin ghairmiúla don mhúinteoireacht chun cinn agus feidhmíonn ar mhaithe le leas an phobail, agus seasann le cáil agus le stádas ghairm na múinteoireachta trí rialáchán atá cothrom agus trédhearcach.

1.2 Ar mhaithe lena sainordú a chomhlíonadh ceanglaítear ar an gComhairle do chuid sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil (tá sainmhíniú atá thar a bheith leathan ag gabháil le próiseáil, lena n-áirítear, bailiú, rochtain, úsáid, stóráil agus scrios sonraí), agus is é an bunús dlí trína ndéanaimid sin ná Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001 go 2015. Tá sé sin de réir airteagal 6.1 (c) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), ina luaitear “an gá atá ann an oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, ar oibleagáid í a bhfuil an rialaitheoir faoina réir”. Tugtar mionsonraí freisin sa pholasaí (an “Polasaí”) seo maidir leis na hócáidí an namha a mbailímid do chuid sonraíar chúiseanna eile i ndáil le hoibleagáid dhlíthiúíl. Ní dhéanaimid do chuid sonraí a phróiseáil ach amháin nuair atáimid i dteideal é sin a dhéanamh go dlíthiúil.

1.3 Baintear úsáid as an “Reachtaíocht Cosanta Sonraí” ar fud an doiciméid le tagairt a dhéanamh do na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 agus Treoir 95/46/EC, agus as dlí nó as rialacháin infheidhme eile a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus le príobháideachas (lena n-áirítear an Treoir um Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach), mar go ndéanfar reachtaíocht den sórt sin a leasú nó a athsholáthar ó thráth go chéile, lena n-áirítear, trí oibrí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 (“GDPR“) (agus dlíthe a fheidhmíonn nó a dhéanann forlíonadh an GDPR).

1.4 Ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí a bhaineann le duine aonair beo is féidir a aithint óna shonraí nó óna shonraí i dteannta faisnéise eile atá inár seilbh nó a d’fhéadfadh a theacht faoinár seilbh. Sainmhíntear é in Airteagal 4 den GDPR mar “aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádurtha (ábhar sonraí”) sainaitheanta nó insainatheanta, is ionann duine in atheanta agus duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantas sonraí suíomh, aitheantóir ar líne no ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádurtha sin”.

1.5 Tá sé i gceist go ndéanfar nochtadh ar bhealach trédhearcach sa Pholasaí seo ar an mbealach ina bhfaigheann an Chomhairle sonraí agus ar an mbealach a ndéanann sí próiseáil ar shonraí pearsanta, ionas go mbeidh tuiscint shoiléir le fáil acu súid go léir a chuireann sonraí pearsanra ar fáil (lena n-áirtear sonraí a ndéantar próiseáil orthu trí láithreán gréasáin na Comhairle Múinteoireachta) ar na cleachtais agus ar na nósanna imeachta. Tabhair ar aird le do thoil go leagtar amach sa Pholasaí seo an bunús lena ndéanfaimid próiseáil ar aon sonraí pearsanta go léir beag beann ar an meán nó ar an modh a bhfuarthas do chuid sonraí pearsanta. Ba chóir duit a thabhairt ar aird freisin nach bhfuil ach na sonraí pearsanta a bhaineann le feidhmiú á cuid dualgas reachtúil amháin á lorg ag an gComhairle. Níl leighéil iomaracha sonraí nach mbaineann leis na dualgais sin á lorg ag an gComhairle agus ní mian léi a leithéid a fháil.

2. Na Sonraí Pearsanta atá á mBailiú Againn

2.1 Sonraí Pearsanta: Ginearálta

Braitheann na sonraí atá á mbailiú againn ar an gcúis a bhfuil na sonraí sin á mbailiú againn (féach an chuid ar ‘an Fáth a bhfuil do chuid Sonraí á mBailiú Againn’. Éileofar ort, nuair a chláraíonn tú linn mar mhúinteoir, d’ainm, do sheoladh, d’uimhir ghutháin, PPSN, inscne, dáta breithe, seoladh ríomhphoist, stair agus cáilíochtaí acadúla agus gairmiúla agus sonraí eile den chineál sin a chur ar fáil dúinn.  Nuair a bheidh tú cláraithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sonraí eile riachtanach sna cásanna seo a leanas:

  1. sa chás go n-eascraíonn saincheist dlí, d’fhéadfadh sé nach mór dúinn an comhad gearáin iomlán a roinnt lenár ndlíodóirí agus lenár n-abhcóidí, agus le luathscríbhneoirí agus le cásbhainistiú agus le soláthróirí eile córais bogearraí;
  2. chun críocha toghcháin, catagóir toghcháin (lena n-áirítear toghcheantar geografach) agus, nuair is infheidhme, uimhir rolla scoile gach múinteoir incháilithe;
  3. mionsonraí maidir leis an ngearán don Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, na torthaí agus na smachtbhannaí;
  4. mionsonraí bainc, tuarastail agus mionsonraí eile airgeadais do sheirbhísí párolla, do na Coimisinéirí Ioncaim agus do chomhairleoirí pinsin agus aoisliúntais, an dáta ar chláraigh tú leis an gComhairle, mionsonraí seirbhíse agus aicme ÁSPC; agus
  5. Chun críocha deimhnithe tréimhse promhaidh agus ionduchtaithe, bailíonn agus cuireann Ionad Oideachais Luimnigh (promhadh) agus Ionad Oideachais Dhún na nGall (ionduchtú) sonraí ar fáil.
  6. sa chás go n-éiríonn múinteoir as nó go mbriseann a f(h)ostóir as a p(h)ost é/í, sonraí pearsanta áirithe a bhaineann leis an múinteoir cláraithe agus sonraí faoi na cúinsí ina ndífhostaíodh é/í nó inar éirigh sé/sí as (sonraí a bhféadfadh sonraí pearsanta bainteach le tríú páirtithe a bheith mar chuid díobh), mar a cheanglaítear faoi na Rialacháin um an gComhairle Mhúinteoireachta (Faisnéis atá le cur ar fáil ag an bhfostóir i gcás go ndífhostaítear múinteoir cláraithe nó go n-éiríonn múinteoir cláraithe as), 2023.

Maidir le tuataí, beidh na sonraí a bheidh á mbailiú againn i ngach cás beagnach comhdhéanta de ghnáthfhaisnéis pearsanta a bhaineann le do chuid mionsonraí teagmhála, ach amháin sa chás go bhfuil tú ag tabhairt gearáin in aghaidh múinteora, beidh na mionsonraí iomlána á lorg againn, sa chás sin, maidir le hábhar agus leis na himthosca ar bhain an gearán leo.

2.2 Sonraí maidir le Cáilíochtaí

2.2.1 Tá sé de dhualgas ar an gComhairle cáilíochtaí gach aon mhúinteoir atá ar an gclár a thaifeadadh. I gcás múinteoirí a bhí ann cheana féin (a chuaigh isteach 28/03/2006) agus a cuireadh ar an gclár faoi ailt 31(2) agus (3) d’Acht na Comhairle Múinteoireachta, 2001, dheimhnigh formhór na múinteoirí sin na cáilíochtaí ar fhoirm fíoraithe sonraí.  Níl na tras-scríbhinní bunaidh feicthe ag an gComhairle agus dá bhrí sin níl ar chumas na Comhairle a gcruinneas a dheimhniú.

2.2.2 Tá an Chomhairle ag brath ar thras-scríbhinní bunaidh do mhúinteoirí atá cláraithe faoi alt 31(5) (i ndiaidh an bhunaithe), nó ar mhionsonraí a aistrítear ó choláistí agus ó ollscoileanna atá ag cur cáilíochtaí oideachais múinteora ar fáil in Éirinn agus thar lear. Tá gach iarracht á dhéanamh ag an gComhairle lena chinntiú go bhfuil gráid na gcáilíochtaí á dtaifeadadh go cruinn.  (m.sh., Onóracha den Chéad Ghrád, Pas le Gradam, 2.1 Onóracha, Pas, srl.). Tá sé de dhualgas ar an gComhairle, áfach, a chinntiú go sásaíonn na cáilíochtaí na riachtanais chláraithe agus níl an Chomhairle freagrach as a chinntiú go bhfaigheann múinteoir an luach saothair ceart ó fhostóir nó ó phámháistir.

2.2.3 I gcásanna nach bhfuil suil fáil ar ghrád na cáilíochta, tá sé de pholasaí ag an gComhairle an toradh a bronnadh a chuir isteach. I gcásanna eile nach léir an grád ó thras-scríbhinn cáilíochta, déanfaidh an Chomhairle iarracht an toradh mar a cuireadh ar fáil ar an tras-scríbhinn a thaifeadadh, m.sh. an meán-ghrádphointe (GPA) atá sna nótaí a bhaineann leis an gcuid ar cháilíocht. I gcásanna den sórt sin, ní bhreithneoidh an Chomhairle cibé an gciallaíonn an toradh atá curtha ar fáil pas nó onóracha. Ní rachaidh an Chomhairle i mbun plé le múinteoirí maidir le léirmhíniú ó thaobh a gcuid torthaí agus a liúntas cáilíochta cuí. Ar an gcaoi chéanna, ní dhéanfaidh an Chomhairle aicmiú ar cháilíocht (m.sh. céim Mháistir nó a chomhionann) nó ní fhéachfaidh an Chomhairle leis an gcáilíocht a chur ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochta.

2.3 Catagóirí Speisialta Sonraí Pearsanta

2.3.1 Mar a leagtar amach san GDPR, tá toirmeasc ginearálta ar phróiseáil sonraí bithmhéadracha nó géiniteacha nó ar shonraí a léiríonn bunadh ciníoch nó bunadh eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumainn, gnéaschlaonadh nó údar imní maidir le saol gnéis duine nó cúrsaí sláinte. Tá eisceachtaí ann, áfach: mar shampla, d’fhéadfadh nochtadh sonraí a bhaineann le cionta coiriúla roimhe seo nó ionchúisimh atá ag teacht aníos a bheidh mar thoradh ar nósanna imeachta ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, nó d’fhéadfadh daoine den phobal saincheisteanna maidir le sláinte, folláine nó iompar múinteora a thuairisciú don Chomhairle.

2.3.2 De réir Airteagal 9 agus 10 den GDPR, ní dhéanfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil ach amháin nuair a thugann an t-ábhar sonraí toiliú soiléir, nó sa chás go bhfuil an phróiseáil údaraithe le dlí nó ceadaithe ar bhealach eile faoin Reachtaíocht Cosanta Sonraí.  Áirítear ar na himthosca breise sin, freagairt d’iarratais ón Ombudsman agus nuair a bhíonn an phróiseáil riachtanach chun críocha comhairle dlí a fháil nó bainteach le himeachtaí dlíthiúla, nó imeachtaí dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann, agus sa chás an phróiseáil a bheith riachtanach do bhunú, d’fheidhmiú, nó do chosaint éilimh dlí nó nuair a bhíonn cúirteanna ag feidhmiú ina gcumas breithiúnach. (Airteagal 9).

3. An Chúis go bhfuil do chuid Sonraí Pearsanta á mBailiú Againn

3.1 Clárú: Forfheidhmíonn Alt 30 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001-2015 ceanglas dlíthiúil ar mhúinteoirí clárú leis an gComhairle ar mhaithe le tuarastal a fháil ón Stát. Tá foirmeacha iarratais do chlárúchán le fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle. Coinníonn an Chomhairle an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar na foirmeacha seo, déantar an fhaisnéis a phróiseáil agus déanann an Chomhairle an fhaisnéis a nochtadh chun críocha a cuid oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh a dtugtar míniú breise ina leith sa Pholasaí seo.

3.2 Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána: Cuireann na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016 oibleagáidí ar fhostóirí fostaithe atá i dteagmháil le leanaí agus le daoine soghonta a ghrinnfhiosrú. Maidir le múinteoirí, roinneann an Chomhairle faisnéis leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin chun críocha clárú den chéad uair mar mhúinteoir agus athnuachan an chlárúcháin faoi Ailt 31 agus 33 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001-2015. Is í an Chomhairle an comhlacht a dhéanann comhordú ar ghrinnfhiosrúchán múinteoirí d’fhostóirí scoile freisin, agus dá réir sin, roinneann an Chomhairle faisnéis leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin chun na críche sin. Tá mionsonraí maidir le nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin na Comhairle agus leis an reachtaíocht ghaolmhar leagtha amach ar láithreán gréasáin na Comhairle.

3.3 Gearáin, Fógraí agus Fiosruithe: Baineann Cuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta le feidhm na Comhairle Múinteoireachta um fheidhmiúlacht chun múineadh. Tá an chumhacht tugtha don Chomhairle sonraí a fháil agus a phróiseáil (a bhaineann le múinteoirí cláraithe agus leis na tríú páirtithe cuí) chun fiosruithe a dhéanamh agus tabhairt faoi fhiosrúcháin maidir le hiompar gairmiúil múinteoirí faoina bpróisis. D’fhéadfaí na sonraí seo a bhailiú mar gheall ar ghearán foirmiúil, fógra neamhfhoirmiúil chuig an gComhairle Mhúinteoireachta nó ó fhoinsí a bhfuil fáil phoiblí orthu, ar nós ailt na meán. Coimeádfar aon sonrai pearsanta a fhaightear, a dhéantar a phróiseáil nó a nochtar i gcomhthéacs gearáin, fiosrúcháin nó fiosraithe ar leith agus úsáidfear iad chun na críche sin i gcomhréir le polasaithe agus nósanna imeachta na Comhairle Múinteoireachta um fheidhmiúlacht chun múineadh.

3.4 An Roinn Oideachais agus Scileanna agus na Boird Oideachais agus Oiliúna: Ceanglaíonn an tAcht Oideachais (Leasú), 2012 ar an gComhairle eolas atá á choinneáil aici maidir le múinteoirí cláraithe a roinnt ar bhonn rialta leis an Roinn Oideachais agus Scileanna (“ROS”) nó leis na Boird Oideachais agus Oiliúna (“BOO’nna”).  Baintear úsáid as na sonraí seo lena dheimhniú cibé an bhfuil múinteoir cláraithe nó nach bhfuil. Tá comhaontú aistrithe sonraí i bhfeidhm ag an gComhairle le ROS agus leis na BOO’nna le haistriú na sonraí seo a rialú, ach níl an Chomhairle freagrach as cleachtais sonraí ROS nó na BOO’nna mar go bhfuil siadsan faoi réir ag a gcuid polasaithe agus nósanna imeachta féin.

3.5 Pámháistí Múinteora: Feidhmíonn an Chomhairle comhéadan pámháistir do Chlár na Múinteoirí.  Cuireann sé seo ar chumas na bpámháistrí (m.sh. ROS/BOO’nna, a fheidhmíonn párolla múinteoirí) múinteoirí cláraithe a aithint chun críocha párolla agus cuidíonn sé leis na pámháistrí ó thaobh deimhniú cáilíochtaí agus le liúntas cáilíochta a ríomh.

3.6 Oibleagáidí maidir le hAitheantas Frithpháirteach: Baineann Treoir 2005/36/EC ó Pharlaimint na hEorpa le haitheantas frithpháirteach cáilíochtaí idir Bhallstáit an AE agus forálann do shaoirse gluaiseachta agus d’aitheantas gairmithe láncháilithe laistigh de Bhallstáit an AE.  Déanann an Chomhairle próiseáil agus roinneann sonraí pearsanta de réir cheanglais na Treorach agus mar a cheanglaítear faoi Alt 46A d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta. Feidhmíonn an Chomhairle cur chuige cosúil leis sin i gcás próiseáil sonraí d’iarratasóirí múinteora ó chríocha lasmuigh den AE/an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).

3.7 Toghcháin: Déanann an Chomhairle próiseáil ar shonraí pearsanta freisin chun críocha a cuid oibleagáidí a fheidhmiú faoi Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Na Comhaltaí a Thoghadh) 2015. Ullmhaíonn an Chomhairle, faoi na Rialacháin seo, rolla toghthóirí a thugann mionsonraí maidir le hainm, inscne, uimhir chláraithe múinteora, catagóir toghcheantair (lena n-áirítear, toghcheantar geografach) agus sa chás gur infheidhme, uimhir rolla na scoile do gach múinteoir incháilithe.  Mar go bhfuil oibleagáid reachtúil ann an rolla toghthóirí a chur ar fáil do gach múinteoir incháilithe, tá cinneadh déanta ag an gCeann Comhairimh, ag teacht le rialachán 7(1)(a) de na Rialacháin, go bhfoilseofar rolla na dtoghthóirí ar láithreán gréasáin na Comhairle ar feadh tréimhse teoranta.

3.7.1 Liostaítear sa rolla toghthóirí na daoine siúd go léir atá cláraithe leis an gComhairle ar an dáta ábhartha a bheidh i dteideal vóta a chaitheamh agus/nó a bheidh ainmnithe chun seasamh do thoghchán. Tugann foilsiú an rolla toghthóirí an deis do mhúinteoirí cláraithe a dheimhniú go bhfuil an chatagóir vótála toghcháin agus an toghcheantar atá sannta dóibh ceart agus má tá earráidí nó easnaimh ann tá ar a gcumas iarradh ar an gComhairle an t-ábhar a leasú ar nó roimh an spriocdháta infheidhme don toghchán.

3.7.2 Déanfaigh an Chomhairle sonraí pearsanta maidir leis na Rialacháin a phróiseáil. Mar shampla, sa chás uimhir fón póca a bheith faighte ag an gComhairle ón mhúinteoir, d’fhéadfadh an Chomhairle teachtaireacht SMS a sheoladh chuid múinteoir chun a mheabhrú dó/di vóta a chaitheamh.

3.8 Saoráil Faisnéise: Tá rialacha agus cleachtais an Achta um Shaoráil Faisnéise, atá le fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle, á gcomhlíonadh ag an gComhairle. Déanann an Chomhairle sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs freastal ar a hoibleagáidí saorála faisnéise.

3.9 An Láithreán Gréasáin: Tá cineálacha difriúla faisnéise á bailiú againn maidir lenár gcuid úsáideoirí tríd an láithreán gréasáin mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas:

  1. an bealach ina bhfuil ábhar á chur i láthair againn a chur in oiriúint ar an mbealach is éifeachtaí d’úsáideoirí agus do ríomhairí/gairis;
  2. chun cuidiú linn monatóireacht a dhéanamh agus feabhas a chur ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil againn, lena n-áirítear an láithreán gréasáin.  Mar chuid de sin, d’fhéadfadh go mbainfimid úsáid agus go ndéanfaimid faisnéis a nochtadh de réir bailiúcháin (ionas nach féidir duine aonair a aithint);
  3. chun tabhairt faoi aon oibleagáid dhlíthiúil a eascraíonn as d’idirghníomhaíocht ar an láithreán gréasáin; agus
  4. chun deis a thabhairt duit a bheith rannpháirteach i ngnéithe idirghníomhacha na seirbhíse, sa chás gur mhian leat sin a dhéanamh.

3.10 Éirí asnó Dífhostú: Faoi na Rialacháin um an gComhairle Mhúinteoireachta (Faisnéis atá le cur ar fáil ag an bhfostóir i gcás go ndífhostaítear múinteoir cláraithe nó go n-éiríonn múinteoir cláraithe as), 2023, ceanglaítear orainn roinnt sonraí pearsanta a bhailiú faoi chúinsí inar éirigh múinteoir cláraithe as nó inar bhris a f(h)ostóir é nó í as p(h)ost.

4. An Bealach ina bhfuil do chuid Sonraí á mBailiú Againn

4.1 Clárú/ROS: Is múinteoirí a chuireann formhór na sonraí a fhaigheann an Chomhairle ar fáil iad féin nó faightear iad tríd an ROS de bhun Achtanna na Comhairle Múinteoireachta.

4.2 CCTV: D’fhéadfaí d’íomhá a thaifeadadh trí theilifís chiorcaid iata (CCTV), atá suiteáilte i bhfoirgneamh na Comhairle. Tá an córas comhdhéanta de líon ceamaraí atá suiteáilte ag an deasc fáilte agus i ngach aon phasáiste ardaitheora agus ar an tríú hurlár a dhéanann taifeadadh ar íomhánna físeáin gan fuaim. Is é an bunús atá againn le sonraí pearsanta a bhailiú ar an mbealach seo ná leas dlisteanach (Airteagal 6.1(f) den GDPR) ó thaobh slándáil don fhoireann agus don áitreabh; ábhar fianaise a chur ar fáil d’imeachtaí cúirte coiriúla. Tá comharthaíocht curtha suas le daoine a chur ar an eolas go bhfuil CCTV ag feidhmiú.

4.3 Glaonna Teileafóin: Tá córas taifeadta glaonna gutháin suiteáilte ag an gComhairle ina chuid oifigí i Maigh Nuad.  Tá an cumas ag an gcóras glaonna isteach agus amach a thaifeadadh ó gach teileafón in oifigí na Comhairle.  Is í an réasúnaíocht atá taobh thiar den chóras taifeadta glao gutháin ná deis a thabhairt don Chomhairle feabhas a chur ar chaighdeán agus ar éifeachtúlacht a seirbhíse teileafóin trí úsáid a bhaint as glaonna a bhfuil taifeadadh déanta orthu chun críocha oiliúna foirne agus fíoraithe. Ní bhaintear úsáid as glaonna taifeadta ach amháin chun na gcríoch seo agus le bailíochtú a dhéanamh ar threoracha/fhaisnéis a chuirtear ar fáil agus a fhaightear, agus ní bhainfear úsáid as chun aon chríocha eile.

4.3.1 Ní cheadaítear rochtain ar na taifid d’fhoireann na Comhairle ach amháin le riachtanais gnó atá sainmhínithe go soiléir a shásamh agus ní mór údarás foirmiúil a fháil ón mbainisteoir rannóige ábhartha do na cúiseanna le rochtain a iarraidh. Ní mór go n-áireodh gach iarratas ar thaifeadadh glaonna an méid seo a leanas: (a) an chúis atá leis an iarratas; (b) dáta agus am an ghlao; (c) an fholíne teileafóin ar baineadh úsáid aistí chun glao a dhéanamh/an glao a thógáil; (d) an uimhir sheachtrach atá i gceist más eol; agus (e) sa chás gur indéanta, ainm na bpáirtithe go léir a raibh baint acu leis an nglao teileafóin.

4.3.2 Seolfaidh Riarthóir an Chórais IT, ar iarratas ceadaithe a fháil ar thaifeadadh glao, cóip den taifeadadh ar ríomhphost chuig an gcomhalta foirne ábhartha. Ba chóir cóipeanna de thaifid a scrios tar éis úsáid a bheith bainte astu. Ní cheadaítear brabhsáil a dhéanamh ar thaifid gan sainchuspóir

4.4 Seoladh IP: Bailímid seoltaí IP ó chuairteoirí chuig an láithreán gréasáin (is ionann seoladh IP agus uimhir lenar féidir ríomhaire sonrach nó gaireas líonra eile a aithint go huathúil ar an idirlíon). Tugann sé seo an deis dúinn suíomh úsáideoirí a aithint le húsáid toirmeascach a bhlocáil agus líon na gcuairteanna ó thíortha difriúla a fháil amach. Déanaimid anailís ar na sonraí seo ar chúrsaí treochta agus staidrimh, ar nós cén chuid den láithreán gréasáin a bhfuil úsáideoirí ag tabhairt cuairte orthu agus cén t-achar a chaitheann siad ansin.

4.5 Fianáin: Is ionann fianán agus téacschomhad beag a chuireann freastalaí gréasáin ar do dhiosca crua agus a chuireann ar chumas láithreán gréasáin agus/nó ar chumas aip móibíleach úsáideoirí arís agus arís eile aithint, éascú a dhéanamh ar rochtain leanúnach úsáideora chuig agus úsáid láithreán gréasáin agus/nó aip móibíleach agus a thugann an deis don láithreán gréasáin agus/nó aip móibíleach iompar úsáide a rianú agus sonraí comhiomlána a chur le chéie agus a chuirfidh an deis ar fáil le feabhas a chur ar ábhar agus ar fhógraíocht spriocdhírithe

4.5.1 Déanaimid sainscagadh ar an fhaisnéis maidir leis an trácht láithreáin gréasáin go léir atá curtha i láthair i bhfoirm chomhiomlán trí fhianáin. Bainimid úsáid as tríú páirtithe ar nós Google Analytics le faisnéis úsáideora a bhailiú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as fianáin (flais agus neamh-fhlais) agus as spéicéir gréasáin. Cuidíonn siad linn ó thaobh feabhas a chur ar an láithreán gréasáin agus formhór na bhfeidhmeanna a chur ar fáil a dhéanann a d’eispéireas brabhsálaí níos cairdiúla.

4.5.2 Ba chóir duit a thabhairt ar aird freisin go bhfuil fianáin ann atá le fáil in uirlisí idirlín cuideachtaí eile atá á n-úsáid againn le feabhas a chur ar an láithreán gréasáin. Feicfidh tú ‘cnaipí sóisialta’ ar an láithreán gréasáin, lena n-áirítear, ach nach bhfuil teoranta do Twitter, YouTube agus Facebook, a chuireann ar do chumas leathanaigh gréasáin áirithe a roinnt nó a leabharmharcáil. Tá a gcuid fianáin féin ag na láithreáin gréasáin seo agus tá na fianáin sin á rialú ach.

4.5.3 Trí úsáid a bhaint as an láithreán gréasáin, comhaontaíonn tú úsáid a bhaint as fianáin mar a ndéantar cur síos orthu sa Pholasaí seo (m.sh. comhaontaíonn tú fianáin a chur ar do ghaireas mura roghnaíonn tú go sonrach gan fianáin a fháil, sa chás go mbíonn fianáin den sórt sin ar chineál a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach a bheith le fáil ar láithreán gréasáin ar nós an láithreáin gréasáin atá againne). Tabhair ar aird le do thoil, áfach, nach gcuirfidh fianán sonraí pearsanta ar fáil dúinn; mar sin, mura bhfuil aon sonraí pearsanta curtha ar fáil agat dúinn, fós is féidir leat brabhsáil ar an láithreán gréasáin go hanaithnid.

4.5.4 Inseoidh an ‘Roghchlár Cabhair’ ar bharra roghchláir fhormhór na mbrabhsálaithe duit conas cosc a chur ar do bhrabhsálaí ó ghlacadh le fianáin, conas do bhrabhsálaí a shocrú chun fógra a thabhairt duit nuair a fhaigheann tú fianán nua agus conas fianáin a chasadh as ar fad. Tá ar do chumas freisin sonraí den chineál céanna a chasadh as nó a scrios trí fhorlíontáin brabhsálaí ar nós flaisfhianáin, tríd na socruithe maidir le forlíontáin a athrú nó trí chuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin an déantúsóra.

4.5.5 Le tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin agus maidir le fianáin a bhainistiú, lena n-áirítear, conas iad a chasadh as, tabhair cuairt le do thoil ar www.cookiecentral.com. Ach mar gheall go gcuireann fianáin ar do chumas, áfach, leas a bhaint as gnéithe ríthábhachtacha láithreán gréasáin, molaimid duit iad a fhágáil casta air mar nach bhfaighidh tú eispéireas iomlán ghnéithe idirghníomhacha an Láithreáin Gréasáin ná láithreáin gréasáin eile a dtugann tú cuairt orthu gan iad.

5. Láithreáin Gréasáin Tríú Páirtithe

5.1 Níl feidhm ag an bPolasaí maidir le haon nasc ar ár láithreán gréasáin le láithreáin gréasáin tríú páirtithe agus/nó seirbhísí ar nós feidhmchlár tríú páirtí a bhféadfá teacht trasna orthu agus tú ag baint úsáid as ár láithreán gréasáin. Ba chóir duit a thabhairt ar aird go bhféadfadh an tseirbhís atá á chur ar fáil againn cur ar do chumas nó cuidiú leat ábhar láithreán gréasáin a rochtain, comhfhreagras a bheith agat leo agus íoc as seirbhísí trí láithreáin gréasáin tríú páirtithe agus go bhfuil an méid sin á dhéanamh agat as do stuaim féin. Ar shampla sonrach tá íocaíochtaí cártaí creidmheasa a dhéantar leis an gComhairle.

5.2 Níl aon dliteanas nó oibleagáid ar an gComhairle maidir le hábhar nó úsáid ábhair, nó comhfhreagras le, aon láithreáin gréasáin tríú páirtí den sórt sin, nó maidir le haon idirghníomhaíocht a rinneadh, nó aon chonradh a rinneadh le haon tríú páirtí den sórt sin, agus úsáid do chuid sonraí pearsanta ag tríú páirtí den sórt sin. Ní dhéanaimid formhuiniú nó ní cheadaímid aon láithreán gréasáin de chuid an tríú páirtí nó ábhar aon láithreán gréasáin de chuid an tríú páirtí a chuirtear ar fáil trínár láithreán gréasáin. Molaimid duit a bheith chomh heolach agus atá ar do chumas a bheith le coinníollacha úsáide agus le polasaithe príobháideachais a bhaineann le haon láithreán gréasáin agus/nó le seirbhísí atá á bhfeidhmiú ag tríú páirtí. Tabhair ar aird le do thoil nach bhfuilimid freagrach as cleachtais príobháideachais aon tríú páirtí.

6. An Bealach ina bhfuil do chuid Sonraí Pearsanta á gCosaint Againn

6.1 Tá córas IT atá fairsing agus slán á fheidhmiú ag an gComhairle le sonraí a stóráil. Ceadaítear rochtain chuig codanna áirithe den chóras ag teacht le róil agus le freagrachtaí na Comhairle: tá srian ar an eolas pearsanta a thugtar d’fhostaithe, conraitheoirí agus gníomhairí a gcaitheann na sonraí sin a bheith acu d’fhonn na seirbhísí atá againn a fheidhmiú, a fhorbairt nó a fheabhsú. Déanaimid cinnte go bhfuil bearta slándála cuí fisiciúil agus teicneolaíochta i bhfeidhm againn chun do chuid faisnéise a chosaint; agus cinntímid agus aon phróisis á chur amach againn go bhfuil bearta cuí slándála i bhfeidhm ag an soláthróir seirbhíse. Feidhmíonn an Chomhairle Polasaí Slándála Faisnéise agus Polasaí Úsáid Inghlactha a bhfuil baint acu leis an fhoireann go léir, le comhaltaí na Comhairle agus le haon úsáideoir eile a nascann le líonra na Comhairle. Déantar na doiciméid agus na taifid go léir a stóráil go slán ar an láthair. Tá conradh ag an gComhairle le soláthróir seirbhíse seachtrach do stóráil fadtéarmach seachtrach atá slán.

6.2 Feidhmeoimid bearta eagraíochtúla agus teicniúla cuí lena chinntiú go bhfuil leibhéal slándála cuí ann ó thaobh riosca a chuireann próiseáil do chuid sonraí pearsanta i láthair. Breithneoimid, go háirithe, an riosca a chuireann scrios trí thimpiste nó scrios neamhdhleathach, caillteanas, athrú, nochtadh neamhúdaraithe nó rochtain ar shonraí pearsanta atá tarchurtha, stóráilte nó próiseáilte ar shlí eile.

6.3 Tabhair ar aird le do thoil nach bhfuil tarchur faisnéise tríd an idirlíon slán go hiomlán. Cé go bhfuil ár ndícheall á dhéanamh againn le do chuid sonraí pearsanta a chosaint, níl ar ár gcumas ráthaíocht ó thabhairt ó thaobh aon sonraí atá á dtarchur ar ár láithreán agus is ar do phriacal féin atá aon tarchur den sórt sin. Ach an fhaisnéis a bheith faighte againn uait, bainfimid úsáid as dianghnáis agus as gnéithe slándála le hiarracht a dhéanamh rochtain neamhúdaraithe a chosc. Nílimid freagrach as aon mhoill, cliseadh ó thaobh seachadadh a dhéanamh, nó aon chaillteanas nó damáiste eile mar thoradh air (i) aistriú sonraí thar líonraí agus saoráidí cumarsáide, lena n-áirítear an t-idirlíon, nó (ii) aon mhoill nó cliseadh ó thaobh seachadadh a dhéanamh ó thaobh soláthróir seirbhíse eile nach bhfuil faoi chonradh againn, agus admhaíonn tú go bhféadfadh ár láithreán gréasáin a bheith faoi réir ag teorainneacha, moill agus aon fhadhb eile a théann le húsáid saoráidí cumarsáide den sórt sin. Beidh léirthuiscint agat nach mbeidh ar ár gcumas cosc iomlán a chur ar chibear-ionsaithe ar nós haiceáil, earraí spiaireachta agus víris. Dá réir sin, ní mheasfaidh tú muid a bheith faoi dhliteanas as aon nochtadh, caillteanas nó scrios neamhúdaraithe do chuid sonraí pearsanta a eascraíonn as riosca den sórt sin. Tabhair ar aird le do thoil go bhfuil hipearnaisc ar ár láithreán gréasáin chuig láithreáin gréasáin atá faoi úinéireacht agus á bhfeidhmiú ag tríú páirtí, agus tá úsáid á bhaint agat as aon cheann de na láithreáin sin ar do phriacal féin (féach ‘Láithreáin Gréasáin Tríú Páirtithe’).

6.4 Sa chás go bhfostaíonn an Chomhairle tríú páirtithe chun sonraí pearsanta a phróiseáil thar a ceann, cinnteoidh an Chomhairle go mbíonn tríú páirtithe den sórt sin faoi réir ag conradh dleathach a chuireann ar a laghad an leibhéal cosanta sonraí atá leagtha amach sa Reachtaíocht Cosanta Sonraí ar fáil.

7. Na Daoine a bhfuilimid ag Roinnt do chuid Sonraí Leo

7.1 De bhun Alt 29 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta, foilsíonn an Chomhairle clár agus is féidir le duine ar bith den phobal cuardach a dhéanamh do mhúinteoir cláraithe trí luach a chur isteach i gceann amháin de na réimsí seo a leanas:

  • Céadainm;
  • Sloinne;
  • Uimhir Chlárithe;
  • Earnáil na Scoile; agus
  • Uimhir Rolla na Scoile.

Nuair a fhaightear torthaí ar an gcuardach, taispeántar liosta na dtorthaí ar an scáileán. Is féidir leathnú a dhéanamh ar an toradh trí chliceáil ar réimse an tsloinne. Taispeántar na réimsí faisnéise seo a leanas do gach aon mhúinteoir cláraithe:

  • Céadainm;
  • Sloinne
  • Cláraithe faoi Rialachán;
  • Ainm na Scoile; agus
  • Seoladh na Scoile.

Tá an clár fisiciúil le fáil freisin lena iniúchadh in oifigí na Comhairle faoi Alt 29(6) d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta. Mura mbíonn múinteoir cláraithe faoi láthair nó mura mbíonn seasamh maith ag an múinteoir leis an gComhairle, ní bheidh a thaifead/a taifead le fáil.

7.2 Roinneann an Chomhairle sonraí pearsanta a bhaineann lena foireann le tríú páirtithe ar nós riarthóirí pinsin nó soláthróirí párolla a dteastaíonn faisnéis den sórt sin uathu ar mhaithe le párolla na foirne a riaradh. Cuirtear an fhoireann ar an eolas sa chonradh fostaíochta maidir leis an nochtadh agus trí thuairiscí suas chun dáta don fhoireann ar bhonn rialta.

7.3 Sa chás múinteoir a bheith faoi réir ag gearán, is féidir an comhad gearáin iomlán a roinnt leis an gcomhlacht imscrúdaithe ábhartha agus leis na comhairleoirí dlí ábhartha; féach le do thoil an roinn ar ‘Na Sonraí Pearsanta atá á mBailiú Againn’ le tuilleadh mionsonraí a fháil maidir leis an gcúis a bhfuil sonraí á roinnt againn le tríú páirtithe ar nós na nGardaí, an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin agus na Cigirí Ioncaim. Tá ceart ar cosaint againn agus muid ag comhlíonadh na Reachtaíochta Cosanta Sonraí, sonraí pearsanta a rochtain agus a nochtadh. Mar riail ginearálta, tá gach tríú páirtí a bhfuil rochtain acu ar do chuid sonraí pearsanta le linn dóibh a bheith ag soláthar seirbhísí thar a gceann faoi réir ag diansrianta conartha lena chinntiú go bhfuil do chuid sonraí pearsanta á gcosaint, agus an Reachtaíocht Cosanta Sonraí á comhlíonadh.

8. Do Chuid Cearta

8.1 Iarratais an Ábhair Sonraí:

8.1.2 Baineann iarratais rochtana faoi Airteagal 15 den GDPR le sonraí pearsanta atá i seilbh na Comhairle i bhfoirm ríomhairithe agus i bhfoirm láimhe araon (sa chás go ndéantar iarratas ar bhealach leictreonach, cuirfear an freagra ar fáil san fhoirm leictreonach is coitianta). Sa chás go mbíonn doiciméad dúbailte ann, áfach, m.sh. nuair a dhéantar an comhfhreagras a scanadh isteach i gcóras bainistíochta cáis na Comhairle, níl gá dhá chóip a chur ar fáil den doiciméad céanna mar fhreagra ar iarratas. Go hiondúil, cuirfear cóip nó prionta de na sonraí pearsanta ar fáil. Sa chás go gcomhaontaíonn an duine leis, áfach, is féidir an fhaisnéis a sholáthair i bhfoirm leictreonach, m.sh. trí ríomhphost nó ar mhéaróg chuimhne.

8.1.3 Déanfaidh an Chomhairle iarratais rochtana an ábhair sonraí a phróiseáil a fhreastalaíonn ar fhoirmiúlachtaí áirithe:

  1. ní mór iad a bheith i scríbhinn;
  2. tá an Chomhairle i dteideal fiosrúcháin réasúnacha a dhéanamh chun í féin a shásamh maidir le céannacht an duine atá ag déanamh an iarratais lena chinntiú nach bhfuilimid ag nochtadh sonraí pearsanta le páirtí nach bhfuil ina dteideal faoin GDPR;
  3. tá mór don iarratasóir leibhéal réasúnach faisnéise cuí a sholáthar chun cuidiú leis an fhaisnéis atá á iarraidh a aimsiú (sa chás go mbaineann sé le híomhá taifeadta, ba chóir dóibh grianghraif ar mhéid pas a sholáthar); ní gá, áfach aon chúis a thabhairt leis an iarratas; agus
  4. beidh an Chomhairle ag déileáil le rochtain iarratais an ábhair sonraí saor in aisce, ach amháin sa chás go mbíonn iarratais gan bhunús nó iomarcach, agus sa chás sin, beidh táille réasúnach á gearradh ag an gComhairle le costais riaracháin a thógáil san áireamh, nó diúltóidh an Chomhairle an t-iarratas.

8.1.4 Comhlíonfar iarratais bailí agus rochtana an ábhair sonraí atá íoctha suas chun dáta (sa chás go mbíonn sé riachtanach) laistigh d’aon mhí amháin den iarratas a bheith faighte, cé go bhféadfaí síneadh de dhá mhí eile a chur leis an tréimhse seo, sa chás é a bheith riachtanach, ag tógáil castacht agus líon na n-iarratas (Airteagal 12 GDPR) san áireamh.

8.1.5 Ba chóir iarratais go léir an ábhair sonraí a threorú chuig Oifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle, a dhéanfaidh measúnú orthu i bhfianaise forálacha an GDPR. Ní bheidh na cineálacha faisnéise seo a leanas á nochtadh ag an gComhairle de ghnáth mar fhreagra ar iarratas rochtana an ábhair sonraí:

  1. sonraí nach sonraí pearsanta iad;
  2. sonraí pearsanta a thógann faisnéis faoi dhaoine eile san áireamh, mura bhfuil toiliú againn ón duine eile sin (de réir mar is gá). Mura bhfuil ar a gcumas toiliú a fháil, d’fhéadfadh sé go mbeadh orainn an fhaisnéis sin a choinneáil siar nó eagarthóireacht a dhéanamh ar na sonraí le céannacht an duine sin a bhaint amach, más féidir.
  3. tuairimí a tugadh faoi rún;
  4. iarratais atá neamhiata;
  5. núiseanna/ iarratais arís agus arís eile; agus
  6. doiciméid atá faoi phribhléid.

8.1.6 Sa chás go ndiúltaíonn an Chomhairle iarratas rochtana ón ábhar sonraí, beidh an diúltú sin i scríbhinn agus leagfar amach na cúiseanna leis an diúltú.

8.1.7 Forálann Airteagal 23 den GDPR go bhféadfadh sé nach mbeadh sé de cheart ag daoine aonair faisnéis a bhaineann leo a fheiceáil sa chás srianta comhréireacha a bheith glactha ar na cúiseanna seo a leanas (cé nach mbaineann formhór na n-imthosca seo leis an gComhairle de ghnáth, tá siad leagtha amach thíos ar mhaithe le hiomláine):

  1. an tslándáil náisiúnta;
  2. an chosaint;
  3. an tslándáil poiblí;
  4. cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;
  5. cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;
  6. neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;
  7. chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;
  8. feidhm  faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);
  9. an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint; agus
  10. éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.

8.1.8 D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le roinnt doiciméid a “cur in eagar” le sonraí nach gá a nochtadh a bhaint amach.

8.2 Ceart chun Ceartú

8.2.1 Má iarrann duine a bhfuil iarratas rochtana ábhar sonraí déanta aige/aici aon sonraí pearsanta dá chuid/dá chuid a cheartú, déanfar é sin laistigh de 40 lá den iarratas a bheith déanta, ar an gcoinníoll go bhfuil fianaise réasúnach ann a thacaíonn leis an ngá le ceartú nó le scrios a dhéanamh. Ní mór duit a chur in iúl dúinn cén fhaisnéis atá mícheart agus cad ba chóir a chur ina háit. Cuirfimid faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh (más ann dóibh) ar an eolas, mura mbíonn sé sin dodhéanta nó go bhfuil iarracht díréireach i gceist.

8.2.2 Is ortsa atá an fhreagracht na sonraí pearsanta go léir atá curtha ar fáil agat dúinn a bheith cruinn agus iomlán. Má thagann athrú ar aon fhaisnéis a thugann tú dúinn, cuir é sin in iúl dúinn chomh luath agus is féidir le do thoil. Ceanglaíonn Alt 36(3) d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta ar mhúinteoirí cláraithe an Chomhairle a chur ar an eolas i scríbhinn maidir le: (a) aon earráidí sa chlár a bhfuil sé/sí ar an eolas fúthu maidir lena clárú/lena chlárú; agus, (b) aon athrú ar an fhaisnéis atá curtha isteach sa chlár maidir leis/léi. Tabharfaidh an Chomhairle an Clár cothrom le dáta ar fhógra bailí Alt 36 a bheith faighte.

8.3 An ceart chun próiseáil sonraí pearsanta a shrianadh nó a chosc

8.3.1 D’fhéadfá, de réir na Reachtaíochta Cosanta Sonraí, iarraidh orainn stop a chur le próiseáil do chuid sonraí pearsanta go sealadach má tá tú den tuairim:

  1. nach bhfuil do chuid sonraí pearsanta cruinn (ach cuirfimid tús le próiseáil arís ar an bpointe ach na sonraí pearsanta a bheith seiceáilte againn agus é a bheith deimhnithe againn go bhfuil siad cruinn);
  2. go bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach ach ní theastaíonn uait go ndéanaimid do chuid sonraí a scrios;
  3. ní theastaíonn na sonraí pearsanta uainn níos mó ó thaobh próiseála, ach teastaíonn na sonraí uait le héilimh dlí a chruthú, a fheidhmiú nó a chosaint; nó
  4. chuir tú i gcoinne na próiseála mar go gcreideann tú gur chóir go sáródh do chuid leasa an bunús ar a ndéanaimid do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil.

8.3.2 Má fheidhmíonn tú do chuid cearta srian a chur orainn do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil, leanfaimid orainn leis an bpróiseáil, má:

  1. thugann tú do thoiliú do phróiseáil den sórt sin;
  2. tá bunús dlí ann do phróiseáil den sórt sin;
  3. tá an phróiseáil riachtanach le héilimh dlí a fheidhmiú nó a chosaint;
  4. tá an phróiseáil riachtanach le cearta daoine aonair nó duine dlítheanach a chosaint
  5. tá an phróiseáil riachtanach ar chúiseanna leas an phobail.

8.4 A Ceart chun Scriosadh a Dhéanamh:

8.4.1 Is féidir leat, de réir na Reachtaíochta Cosanta Sonraí, iarraidh orainn do chuid sonraí pearsanta a scrios sa chás:

  1. nach gcreideann tú go dteastaíonn do chuid sonraí pearsanta uainn ar mhaithe lena phróiseáil chun na críocha a leagtar amach sa Pholasaí seo;
  2. má thug tú toiliú dúinn le do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil, agus gur tharraing tú siar an toiliú sin agus ní féidir linn, thairis sin, do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil de réir dlí;
  3. go gcuireann tú i gcoinne na próiseála agus nach bhfuil aon bhunús dlí againn le leanúint ar aghaidh ag próiseáil do chuid sonraí;
  4. go bhfuil do chuid sonraí próiseáilte go neamhdhleathach nó nár scriosadh na sonraí nuair ba chóir iad a scrios; nó
  5. go bhfuil na sonraí pearsanta scriosta leis an dlí a chomhlíonadh.

8.4.2 D’fheadfaimis leanúint ar aghaidh ag próiseáil do chuid sonraí in imthosca áirithe de réir na Reachtaíochta Cosanta Sonraí.

8.4.3 Sa chás gur iarr tú orainn do chuid sonraí pearsanta a scrios, cuirfimid na faighteoirí ar an eolas maidir le cé leis ar nochtadh na sonraí pearsanta, mura mbíonn sé sin dodhéanta nó go bhfuil iarracht díréireach i gceist. Cuirfimid ar an eolas tú freisin maidir leis na faighteoirí sin, sá chás go n-éilíonn tú sin.

8.4.4 Tabharfar faoi d’iarratas do chuid sonraí a scrios laistigh de 40 lá.

8.5 Cearta maidir le cinnteoireacht uathoibríoch:

8.5.1 Má táimid ag déanamh meastóireachta ort, is féidir leat a iarraidh orainn gan an cinneadh a bhunú ar phróiseas uathoibríoch amháin agus go ndéanaimid cinnte go ndéanann comhalta foirne athbhreithniú ar aon chinneadh.

8.5.2 Níl feidhm leis na cearta seo sna himthosca go léir, mar shampla, sa chás go bhfuil an cinneadh (i) údaraithe nó ina cheangal dlí, (ii) riachtanach d’fheidhmiú an chonartha idir tú féin agus an Chomhairle, nó (iii) bunaithe go soiléir ar do thoiliú. I ngach cás, déanfaimid iarracht céimeanna a thógáil le do chuid leasa a chosaint.

8.6 An ceart chun iniomparthacht sonraí:

Is féidir leat, de réir na Reachtaíochta Cosanta Sonraí, cóip leictreonach do chuid sonraí pearsanta a chuir tú ar fáil dúinn agus atá á gcoinneáil againn go leictreonach a iarraidh, nó a iarraidh orainn cóip a chur ar fáil go díreach do pháirtí eile. Níl feidhm leis an gceart seo ach amháin i leith sonraí pearsanta a chuir tú ar fáil dúinn – ní chlúdaíonn sé na sonraí atá cruthaithe againn. Níl feidhm leis an gceart chun iniomparthacht sonraí ach oiread, ach amháin:

  1. tá an phróiseáil bunaithe ar do thoiliú nó ar fheidhmiú an chonartha; agus
  2. tá an phróiseáil á dhéanamh trí bhealaí uathoibríocha.

8.7 An Ceart chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéirum Chosaint Sonraí (DPC):

Mura gceapann tú go bhfuil próiseáil déanta againn ar do chuid sonraí pearsanta de réir an Pholasaí seo, déan teagmháil linn ar an gcéad dul síos (féach Alt 15). Mura mbíonn tú sásta, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an DPC nó aon cheann do do chuid cearta a fheidhmiú de bhun na Reachtaíochta Cosanta Sonraí. Tá eolas le fáil maidir le conas é sin a dhéanamh ar láithreán gréasáin an DPC ag https://www.dataprotection.ie.

9. Cén fhaid a bheidh do chuid sonraí Pearsanta á stóráil againn:

9.1 Beidh an Chomhairle ag coimeád sonraí pearsanta ar an gClár an fhaid is atá duine cláraithe. Ina dhiaidh sin, beidh sonraí pearsanta á gcoimeád ag an gComhairle de ghnáth ar feadh 12 bliain le cur ar chumas na Comhairle múinteoirí a athchlárú, mar shampla tar éis tréimhse shabóideach. D’fhéadfadh sé go mbeadh tréimhse coimeádta níos faide riachtanach le fianaise a choimeád ó thaobh aon fhiosrúcháin, éilimh nó imeachtaí a bhaineann le Clár na Múinteoirí nó a bhaineann le daoine sonracha a bhí san áireamh nó a bhí fágtha as an gClár. Beidh faisnéis staidrimh fhíorasach á coimeád ag an gComhairle ar feadh tréimhse gan chríoch.

9.2 Coimeádfar sonraí pearsanta a bhaineann le foireann na Comhairle ar feadh tréimhse an chaidrimh fostaíochta agus ar feadh seacht mbliana ina dhiaidh sin. Coimeádfar fíorais a bhaineann le fostaíocht duine leis an Chomhairle gan chríoch chun críocha pinsean/sochair agus le hiarratais mholtóra ina dhiaidh sin a fhíorú.

9.3 Sa chás do chuid sonraí a bheith tógtha ar CCTV san áitreabh, ní choinneofar na híomhánna ar feadh achar nach faide ná 30 lá. Déanann an Chomhairle cothabháil ar loga rochtana taifid CCTV seachas sa chás go mbíonn na sonraí riachtanach d’fhíorú sonrach agus do chríocha fianaise.

9.4 Níl i gceist leis an tréimhse coimeádta a bhaineann le glaonna gutháin a bhfuil taifeadadh déanta orthu ach 30 lá, seachas sa chás go mbíonn an glao riachtanach d’fhíorú sonrach agus do chríocha fianaise.

10. Ábhar Ionsaitheach

10.1 Tabhair ar aird le do thoil, má sheolann tú ábhar a d’fhéadfaí a mheas go réasúnach a bheith ionsaitheach, míchuí nó gránna áit ar bith ar an Láithreán Gréasán nó má bhíonn tú bainteach ar an tslí sin in aon iompar suaiteach ó thaobh aon seirbhís de chuid na Comhairle Múinteoireachta, d’fhéadfaimis ábhar den sórt sin a bhaint amach.

10.1.1 Sa chás go gcreidimid go réasúnach go bhfuil tú nó go bhféadfá a bheith ag sárú aon dlí is infheidhme, mar shampla, fuathchaint, féadfaimid do chuid faisnéise pearsanta a nochtadh do thríú páirtithe ábhartha, lena n-áirítear, gníomhaireachta forfheidhmithe dlí nó do sholáthróir idirlín. Ní dhéanfaimid é sin ach amháin in imthosca a bhfuil nochtadh den sórt sin ceadaithe faoi dhlíthe infheidhme, lena n-áirítear an Reachtaíocht Cosanta Sonraí.

11. Ag Tuairisciú Sárú

11.1 Ceanglaíonn Airteagal 33 den GDPR orainn an Coimisinéir um Chosaint Sonraí a chur ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí maidir le sáruithe tromchúiseacha sonraí, agus nuair is indéanta laistigh de thráth nach déanaí ná 72 uair tar éis eolas a fháil faoin sárú sin. Mura dtugtar fógra laistigh de 72 uair, déanfaimid taifeadadh ar fhírinniú réasúnaithe maidir leis an mhoill; ní gá, áfach, fógra a thabhairt don DPC sa chás nach dóigh go mbeidh riosca ann do chearta agus do shaoirse duine nádúrtha mar thoradh ar shárú na sonraí pearsanta.

11.2 Ciallaíonn sárú sonraí pearsanta sa chomhthéacs seo sárú slándála a bhféadfadh scrios trí thimpiste nó scrios neamhdhleathach, caillteanas, athrú, nochtadh neamhúdaraithe, nó rochtain chuig sonraí pearsanta tarchurtha, stóráilte nó próiseáilte ar shlí eile, a bheith mar thoradh air.

11.3 Coinneoimid taifid d’aon sárú sonraí, lena n-áirítear na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, agus cuirfimid ar an eolas tú maidir le haon sárú sonraí a bhfuil éifeacht aige ar do chuid sonraí pearsanta (a chruthaíonn ardriosca duit) nuair a cheanglaítear orainn é sin a dhéanamh faoin Reachtaíocht Cosanta Sonraí. Ní cheanglófar orainn tú a chur ar an eolas maidir le sárú sonraí sa chás:

  1. go bhfuil bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm againn a chiallaíonn go bhfuil na sonraí pearsanta neamh-intuigthe do dhuine ar bith nach bhfuil údaraithe lena rochtain, ar nós criptiú; nó
  2. tá bearta tógtha againn ina dhiaidh sin lena chinntiú nach dtarlóidh ardriosca don ábhar sonraí; nó
  3. bheadh iarracht díréireach i gceist, agus sa chás sin, d’fhéadfaimis cumarsáid phoiblí a dhéanamh ina áit.

12. Nochtadh Sonraí Pearsanta Lasmuigh den EEA

12.1 De ghnáth, ní aistreoidh an Chomhairle sonraí pearsanta chuig tíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (EEA) (mura, mar shampla, bhfuilimid i gcumarsáid le múinteoir atá ag cónaí thar lear nó sa chás go bhfuilimid ag déileáil le saincheist Alt 46A a bhaineann le gníomhaíochtaí múinteoireachta thar lear). Sa chás go dtagann athrú ar an staid sin, beidh a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 46 den GDPR a chomhlíonadh ag an gComhairle trí ghlacadh le bearta cuí atá ceadaithe ag an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí agus ag an gCoimisiún Eorpach lena chinntiú go bhfuil aistriú den sórt sin dleathach. Beidh baint ag na socruithe sin freisin le nochtadh sonraí pearsanta a eascraíonn faoi Alt 7(2)(o) d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta.

13. Dírmhargaíocht

13.1 De ghnáth, ní thabharfaidh an Chomhairle faoi ghníomhaíochtaí dírmhargaíochta, ach sa chás go dtagann athrú air sin, dhéanfadh an Chomhairle é sin de réir a cuid oibleagáidí faoin Reachtaíocht Cosanta Sonraí, go sonrach Airteagal, 6, 7 agus 21 den GDPR, an Treoir um Ríomhphríobháideachas agus na rialacháin um Ríomhphríobháideachas gaolmhara.

13.2 D’fhéadfadh an Chomhairle, áfach, sonraí teagmhála a phróiseáil chun críocha neamh-mhargaíochta sa ghnáthchúrsa, mar shampla trí fhógraí athnuachana a sheoladh trí SMS nó ríomhirisí a sheoladh trí ríomhphost.

14. Athruithe ar an bPolasaí seo

14.1 D’fhéadfaí an Polasaí seo a thabhairt cothrom le dáta ó thráth go chéile, mar sin d’fhéadfadh sé gur mhian leat é a sheiceáil gach uair a sheolann tú faisnéis phearsanta chugainn. Cuirfear aon athruithe ábhartha ar an bPolasaí seo suas ar láithreán gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.

15. Faisnéis Dhlíthiúil agus Conas Teagmháil a Dhéanamh Linn

15.1 Mar rialaitheoir sonraí (arna shainmhíniú sa Reachtaíocht Cosanta Sonraí) maidir le do chuid sonraí pearsanta a bailíodh mar a leagtar amach sa Pholasaí seo, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta lonnaithe i mBloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

15.2 Má theastaíonn uait teagmháil a dhéanamh linn maidir le haon cheann do do chuid cearta mar a leagtar amach sa Pholasaí seo, ba chóir gach iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an gComhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0, nó trí ríomhphost chuig customerrelations@teachingcouncil.ie.

15.3 Ceapfaimid agus déanfaimid cothabháil ar Oifigeach Cosanta Sonraí de réir na Reachtaíochta Cosanta Sonraí. Tá mionsonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí reatha mar a leanas:

Ms Ruth Flynn,,

Uimhir theileafóin 01-6517900.

R-phoist: DPO@teachingcouncil.ie

Aguisín 1 - Reachtaíocht agus Rialacháin Ábhartha is Infheidhme maidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta

Le cois an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, feidhmíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta laistigh de chomhthéacs roinnt Achtanna agus Ionstraimí Reachtúla. Liostaítear iad seo thíos mar aon le tuilleadh sonraí faoi na hailt is ábhartha.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil an cur síos ar an reachtaíocht ceaptha a bheith ina léirmhíniú cuimsitheach ar an reachtaíocht sin ná nach ionann é agus athbhreithniú cuimsitheach ar an reachtaíocht. Moltar go dtéitear i gcomhairle le gairmí dlí sa chás go dtagann ceisteanna maidir le reachtaíocht nó Ionstraimí Reachtúla ar leith aníos.

An tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001–2015

Is reachtaíocht uileghabhálach é an tAcht seo ó thaobh feidhmeanna, rialachas agus raon feidhme na Comhairle Múinteoireachta de. Pléann Cuid 3 den Acht (arna leasú) le clárú múinteoirí agus forálann sí don bhunús reachtach lena bpróiseáiltear agus lena gcoinnítear sonraí. Is iad seo a leanas na príomh-ailt:

  • 29. An clár – Le hAlt 29, tugtar reachtaíocht isteach chun clár múinteoirí a bhunú agus údaraítear don Chomhairle an fhaisnéis a choinneofar ar an gclár maidir le gach múinteoir cláraithe a shainiú. Ceadaíonn sé iontrálacha ar an gclár a chur ar fáil don phobal freisin de réir mar a chinnfidh an Chomhairle.
  • 30. Múinteoir cláraithe a fhostú – Leis an alt seo tá sé éigeantach do gach múinteoir atá fostaithe i scoileanna aitheanta agus atá á íoc as cistí poiblí a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Ceadaítear líon beag eisceachtaí ar an gcoinníoll seo faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998 (arna leasú).
  • 31. Clárú – Tugann Alt 31 reachtaíocht isteach lenar féidir leis an gComhairle múinteoirí a chlárú agus leagann sé amach na príomhcheanglais le haghaidh clárú, clárú le coinníollacha san áireamh. Leis an alt seo údaraítear don Chomhairle freisin Rialacháin um Chlárú a cheapadh.
  • 32. Clárú faoi réir coinníollacha – Leis an alt seo údaraítear don Chomhairle, dá rogha féin, síneadh ama a chur leis an tréimhse ina gcomhlíontar coinníollacha clárúcháin agus má theipeann ar mhúinteoir coinníoll a chomhlíonadh laistigh den tréimhse ama cheadaithe, rachaidh clárú an mhúinteora sin i léig.
  • 33. Clárú a athnuachan – Le hAlt 33, ceanglaítear go gcaithfidh múinteoir cláraithe iarratas ar a c(h)lárú a athnuachan a chur isteach chuig an gComhairle gach bliain agus ceanglais áirithe a chomhlíonadh, grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána san áireamh. Féadfaidh an Chomhairle rialacháin a cheapadh i ndáil leis an bpróiseas athnuachana.
  • 33A. Clárú a athnuachan faoi réir coinníollacha – I gcásanna áirithe féadann clárú a bheith faoi réir coinníollacha. Téann clárú múinteora i léig i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha.
  • 33B. Faisnéis i nochtadh grinnfhiosrúcháin arna fáil faoi alt 33 a roinnt – I gcásanna sonraithe áirithe, féadfaidh an Chomhairle nochtadh ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a roinnt le scoil.
  • 34. Baint den chlár mar gheall ar mhainneachtain iarratas a dhéanamh ar chlárú a athnuachan – I gcás múinteoirí nach ndéanann a gclárú a athnuachan, bainfear iad den chlár seachas i gcás roinnt eisceachtaí áirithe.
  • 35. Múinteoir cláraithe a bhaint den chlár ar iarratas uaidh nó uaithi – Tugtar baint dheonach air seo freisin agus is éard atá i gceist ná gur féidir le múinteoir cláraithe a iarraidh go mbainfí é nó í den chlár. Tá líon beag eisceachtaí ann i dtaca le baint den chlár a cheadú.
  • 36. An clár a cheartú – leis an alt seo údaraítear don Chomhairle an clár a cheartú sa chás gurb eol di go bhfuil faisnéis mhíchruinn nó earráideach air.
  • Tarraingítear aird ar alt 7 den Acht chomh maith. Leagtar síos le fo-alt (h) go bhféadfaidh an Chomhairle comhairle a thabhairt don Aire (Oideachais) faoi réimse ábhar, lena n-áirítear soláthar múinteoirí, agus leagtar síos le fo-alt (l) feidhm go dtabharfaidh an Chomhairle an fhaisnéis sin don Aire de réir mar a iarrfaidh sé/sí.
  • Déileálann Cuid 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta leis an imscrúdú agus, i gcás ina meastar gurb iomchuí, fiosrúchán a chur ar bun maidir le gearán a rinneadh i gcoinne múinteoir cláraithe.

An tAcht Oideachais, 1998

Is reachtaíocht uileghabhálach é an tAcht seo le haghaidh struchtúr agus fheidhmiú an chórais oideachais bunscoile agus iar-bhunscoile in Éirinn. Leasaíodh an tAcht roinnt uaireanta agus leasaíodh alt 24 in 2012 ar bhealach atá ábhartha don chaoi ina roinneann an Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí.

  • 24. Forálacha a bhaineann le baill foirne – le fo-alt (7), arna leasú, ceanglaítear ar an gComhairle Mhúinteoireachta i gcomhthéacs alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí a choinnítear ar chlár na múinteoirí a bhaineann le múinteoirí cláraithe a roinnt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna (arb í an pámháistir múinteora d’fhormhór na scoileanna in Éirinn í) agus leis na Boird Oideachais agus Oiliúna (a mbaineann leas as cistí Stáit chun múinteoirí atá á bhfostú acu a íoc).

An tAcht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012-2016

Tugann Acht BNG reachtaíocht isteach le cur ar chumas an Gharda Síochána (an fórsa póilíneachta Náisiúnta) grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar dhaoine a bhíonn ag obair le leanaí agus le daoine soghonta. Sainaithnítear múinteoirí faoin reachtaíocht mar ghrúpa a dhéanann ‘obair ábhartha’. Ceanglaítear ar fhostóirí gan ach daoine a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu a fhostú agus ar an gcoinníoll go bhfuil an scoil féin sásta leis an nochtadh. Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta próiseas grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a chomhordú agus a reáchtáil do mhúinteoirí iarrthacha agus do mhúinteoirí cláraithe. Tabhair faoi deara le do thoil go leagtar amach go mion san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta conas a thugtar faoi seo mar chuid de phróisis na Comhairle um múinteoirí a chlárú agus clárú múinteora a athnuachan.

  • I gCuid 3 d’Acht BNG, leagtar amach na nósanna imeachta agus na próisis chun nochtadh grinnfhiosrúcháin a iarraidh.
  • Sceideal 1 – Leagtar amach ann cad iad an obair ábhartha agus na gníomhaíochtaí ina gcaithfear grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar na daoine atá ag obair iontu. Cuimsíonn sé seo timpeallachtaí oideachais.
  • Sceideal 2 – Liostaítear ann na heagraíochtaí, an Chomhairle Mhúinteoireachta san áireamh, a gceanglaítear orthu an BNG a chur ar an eolas faoi ‘Fhaisnéis Shonraithe’. Tugtar sainmhíniú ar cad is faisnéis shonraithe ann in alt 19 d’Acht BNG.

Rialacháin um an gComhairle Mhúinteoireachta (Clárú), 2016 (IR 444 agus IR 557)

Leis an Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta údaraítear don Chomhairle rialacháin a cheapadh maidir lena próisis agus lena nósanna imeachta um chlárúchán múinteora. Cuimsítear sna Rialacháin an Clár, an próiseas agus na critéir le haghaidh clárú, lena n-áirítear clárú le coinníollacha, agus clárú a athnuachan go bliantúil. Tugann Rialachán 7(2) cead don Phámháistir rochtain a fháil ar shonraí clárúcháin mar a thaifeadtar ar an gClár iad.

Rialacháin um an gComhairle Mhúinteoireachta (Comhaltaí a Thoghadh), 2019 (IR 461)

Tá 16 mhúinteoir tofa ar bhord rialaithe na Comhairle. Le hAlt 10 den Chomhairle Mhúinteoireachta údaraítear don Chomhairle toghcháin a reáchtáil do na 16 ról do mhúinteoirí agus údaraíonn sé don Chomhairle freisin Rialacháin a cheapadh i dtaca le toghcháin den sórt sin a reáchtáil.

Treoir 2005/36/CE ón AE maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla a Aithint go hiarbhír

Sa Treoir seo, a trasuíodh isteach i nDlí na hÉireann le IR 8/2017, leagtar amach na rialacha do ghairmí, e.g. múinteoir, atá aitheanta i stát AE amháin chun gabháil dá g(h)airm i stát AE eile. Ceanglaítear ar gach stát AE údarás inniúil a cheapadh do gach gairm. Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an t-údarás inniúil le haghaidh múinteoireachta in Éirinn. Cuimsítear sa Treoir freisin Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh lena gceadaítear faisnéis ghairmiúil a bhaineann le gairmithe a mhalartú idir an t-údarás inniúil i stát AE amháin agus stát AE eile.

 

Rialacháin um an gComhairle Mhúinteoireachta (Faisnéis atá le Cur ar Fáil ag an bhFostóir i gCás go nDífhostaítear Múinteoir Cláraithe nó go nÉiríonn Múinteoir Cláraithe as), 2023 (IR 230 de 2023)

Le halt 37 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, údaraítear don Chomhairle rialacháin a cheapadh lena bhforordófar an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag an bhfostóir nuair a dhífhostaítear múinteoir cláraithe nó nuair a éiríonn múinteoir cláraithe as. Leagtar amach sna Rialacháin seo an fhreagracht agus an oibleagáid atá ar fhostóirí faisnéis faoi leith a sholáthar don Chomhairle Mhúinteoireachta sa chás go ndífhostaítear múinteoir cláraithe nó sa chás go n-éiríonn múinteoir cláraithe as i gcúinsí áirithe (i.e., má dhéantar gearán ag leibhéal na scoile áitiúla nó má agraítear nósanna imeachta faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998).