Fáilte chuig leathanach folúntais an Comhairle Mhúinteoireachta. Gheobhaidh tú eolas anseo ar aon folúntais agus eolas maidir le teagmháil a dhéanamh leis an roinn AD. Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla don mhúinteoireacht, a dhéanann caighdeáin ghairmiúla na gairme a chur chun cian agus a rialáil. Feidhmíonn sí ar mhaithe le leas an phobal agus ag an am céanna tacaíonn sí agus cuireann sí le caighdeáin na múinteoireachta.
Oifigeach Feidhmiúcháin
Tá painéil Oifigeach Feidhmiúcháin á lorg ag an gComhairle Mhúinteoireachta faoi láthair agus bronnfar folúntais de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn.
Bíonn ról ríthábhachtach ag Oifigigh Feidhmiúcháin (OF) chun maoirseacht a dhéanamh ar raon seirbhísí agus chun iad a chur i gcrích thar ceann na Comhairle. Bíonn oifigigh feidhmiúcháin i gceannas fo-rannóga laistigh den phríomhstruchtúr eagraíochtúil den Chlárúchán; Oideachas Tosaigh Múinteoirí & Ionduchtúchán; Foghlaim & Taighde do Mhúinteoirí; Caighdeáin Ghairmiúla (Feidhmiúlacht chun Múineadh); Seirbhísí Corparáideacha; Cumarsáid; Acmhainní Daonna agus Airgeadais.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Beidh na hOifigigh Feidhmiúcháin cheaptha freagrach do bhainisteoir líne, go hiondúil d’Ardoifigeach Feidhmiúcháin nó do Cheannasaí rannóige ina bhfuil siad curtha. Dá réir sin, d’fhéadfadh Oifigigh Feidhmiúcháin gníomhú mar bhainisteoir líne d’Oifigigh Chléireachais ina rannóg. Sa mhéid seo a leanas, tugtar breac-chuntas ar an gcineál oibre a mbeadh ar na hoifigigh tabhairt fúithi:
- Sreafaí oibre a bhainistiú, tús áite a thabhairt d’ualaí oibre agus an áit a bhfuil brú sna réimsí atá tugtha dóibh a bhainistiú;
- Teagmháil a dhéanamh le baill foirne eile agus le soláthraithe seirbhísí atá curtha amach ar conradh;
- Maoirseacht a dhéanamh ar bhaill foirne atá curtha isteach sa fo-rannóg;
- Na nósanna imeachta ábhartha a chur i bhfeidhm i gcomhréir le polasaí na Comhairle;
- Tabhairt faoi na próisis um dhearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta feidhmeanna agus cinntí ar leith san áireamh;
- Cás-chomhaid ar leith a ullmhú agus a chur i láthair choistí agus fhochoistí na Comhairle le cinntí a dhéanamh;
- Ag gníomhú mar rúnaí do na fochoistí den Chomhairle atá tugtha dóibh; Teagmháil a dhéanamh le hiarratasóirí, le múinteoirí, agus le gearánaigh (Caighdeáin Ghairmiúla) agus le múinteoirí;
- A leithéid de dhualgais eile a bheadh oiriúnach don phost a chur i gcrích de réir mar a thugtar iad.
Is é atá i gceist leis an gcur síos seo ar an bpost mar riail ghinearálta ná raon na ndualgas, agus ní cur síos críochnúil ná teorantach é. Coimeádann an Chomhairle Mhúinteoireachta an ceart aici féin baill foirne a cheapadh laistigh den Chomhairle Mhúinteoireachta de réir mar is cuí agus de réir mar is gá.
Roinnt Buntáistí atá ag bhaint le n-obair leis an Comhairle Mhúinteoireachta

An tAcht um Chosaint Sonraí 2018
Is fostóir comhdheiseanna í an Chomhairle Mhúinteoireachta agus is ar bhonn fiúntais a mheasfar gach iarratas ar fhostaíocht. Fáiltíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta roimh iarratais ó gach iarrthóir atá cáilithe go cuí, beag beann ar chreideamh, inscne, míchumas, cine, tuairim pholaitiúil, aois, stádas pósta, gnéaschlaonadh, nó cibé an bhfuil cleithiúnaithe acu nó nach bhfuil.
Nuair a fhaightear d’iarratas, cruthaímid taifead i d’ainm, ina mbeidh cuid mhór den eolas pearsanta a chuir tú ar fáil. Eolas den sórt sin a choinnítear, tá sé faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí atá leagtha amach san Acht um Chosaint Sonraí agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Chun iarratas a dhéanamh faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 nó faoi RGCS 2018, seol d’iarratas i scríbhinn le do thoil chuig dpo@teachingcouncil.ie.
Cinntigh le do thoil go dtugann tú cuntas chomh mion agus is féidir ar na taifid atá á lorg agat ionas go mbeimid in ann an taifead ábhartha a aithint. Asbhaintear míreanna áirithe eolais, nach bhfuil sonrach d’aon duine aonair ar leith, as na taifid chun críche staitistiúla.