Customise Consent Preferences

We use cookies to help you navigate efficiently and perform certain functions. You will find detailed information about all cookies under each consent category below.

The cookies that are categorized as "Necessary" are stored on your browser as they are essential for enabling the basic functionalities of the site. ... 

Always Active

Necessary cookies are required to enable the basic features of this site, such as providing secure log-in or adjusting your consent preferences. These cookies do not store any personally identifiable data.

No cookies to display.

Functional cookies help perform certain functionalities like sharing the content of the website on social media platforms, collecting feedback, and other third-party features.

No cookies to display.

Analytical cookies are used to understand how visitors interact with the website. These cookies help provide information on metrics such as the number of visitors, bounce rate, traffic source, etc.

No cookies to display.

Performance cookies are used to understand and analyze the key performance indexes of the website which helps in delivering a better user experience for the visitors.

No cookies to display.

Advertisement cookies are used to provide visitors with customized advertisements based on the pages you visited previously and to analyze the effectiveness of the ad campaigns.

No cookies to display.

Aistrigh:
Gaeilge
English

Riachtanais chláraithe

Tá dhá phríomhriachtanas ann maidir le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta

  1. Cáilíochtaí
  2. Fianaise ar charachtar – grinnfhiosrúchán san áireamh (riachtanach)

Cáilithe i bPoblacht na hÉireann

  • Má cháiligh tú i bPoblacht na hÉireann agus más céimí nua thú sa bhliain acadúil reatha, ba cheart duit iarratas a dhéanamh faoi phróiseas an Mhúinteora Nuacháilithe. Bíonn an próiseas seo ar oscailt i rith mhíonna an tsamhraidh agus dúnann sé ag deireadh mhí Mheán Fómhair gach bliain. Is féidir sonraí an phróisis seo a fháil ar ár leathanach clárú mear do Mhúinteoir Nua Cháilithe bunscoile agus iar-bhunscoile.
  • Má cháiligh tú i bPoblacht na hÉireann agus mura céimí nua thú sa bhliain acadúil reatha / nó más Múinteoir Nua Cháilithe thú agus má tá tú ag clárú lasmuigh d’amlíne MNC clárú mear, ba cheart duit iarratas a dhéanamh mar seo a leanas.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan iarratas ar chlárú ar líne ag baint úsáid as Mo Chlárú. Is féidir leat d’iarratas a shábháil agus filleadh air níos déanaí. Tá trí mhí agat ón dáta tosaigh chun d’iarratas a chríochnú agus a chur isteach.

Mura bhfuil d’iarratas críochnaithe tar éis trí mhí, scriosfar é.

Sula dtosaíonn tú iarratas ar líne, déan cinnte go bhfuil an t-eolas seo a leanas in aice láimhe agat le do thoil:

  • Grianghraif nó scanadh do thuairisce acadúla. Seans go mbeidh do thuairisceoirí modúil ag teastáil uait freisin mura bhfuil na tuairiscí mionsonraithe go leor
  • Grianghraif nó scanadh ar chruthúnas aitheantais agus cruthúnas ar sheoladh baile atá sásúil
  • Sonraí teagmhála na fostaíochta
  • Stair fostaíochta
  • Foirm mheasúnaithe Dhaoine Cuí Ceart comhlánaithe

 

Na cáilíochtaí a theastaíonn uait chun clárú mar mhúinteoir iar-bhunscoile

Chun a bheith i do mhúinteoir iar-bhunscoile i bPoblacht na hÉireann, ní mór duit na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:

Bealach iontrála 1

  • Céim Onóracha Baitsiléara (Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochta) nó a comhionann a bheith agat a shásaíonn na riachtanais d’ábhar curaclaim amháin ar a laghad ag am an iarratais, agus
  • Cáilíocht san oideachas tosaigh múinteoirí a bheith agat atá ceadaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus atá dírithe ar an gcéad bhliain go dtí an séú bliain.

Bealach iontrála 2

  • Cáilíocht céime chomhreathach in oideachas tosaigh múinteoirí iar-bhunscoile atá ceadaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta a bheith agat ina gcumasctar staidéar ar ábhar curaclaim amháin nó níos mó a shásaíonn na riachtanais d’ábhar curaclaim amháin ar a laghad le staidéar oideachais múinteoirí dírithe ar dhaltaí na chéad bhliana go daltaí an séú bliain.

Tá na riachtanais cháilíochta seo ag teacht le:

Riachtanais d'ábhair churaclaim iar-bhunscoile

Is féidir leat a fheiceáil cad iad na riachtanais do gach ábhar iar-bhunscoile: Riachtanais Ábhar Curaclaim (Iar-bhunscoil). Tá feidhm leis seo ón 1 Eanáir 2023.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar ábhair teanga curaclaim nó Gaeilge a mhúineadh, ní mór duit riachtanas an Eispéiris Tumoideachais (ETO) a shásamh.

Ábhar breise a chur leis

Déanann gach scoil cinneadh ar fhostaíocht laistigh de scoileanna chun ábhair a mhúineadh. Ní riachtanas clárúcháin é a bheith aitheanta le haghaidh ábhair bhreise.

Más mian leat, áfach, go gclárófaí ábhar breise curaclaim ar an gclár, ní mór duit a thaispeáint go gcomhlíonann tú na critéir don ábhar.

Chun eolas a fháil ar ábhar breise a chur le do chlárúchán, cliceáil ar an nasc seo a leanas – ag cur ábhar breise leis.