Más mhúinteoir bunscoile láncháilithe thú a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, tá tú i dteideal iarratas ar chlárú mhúinteoir bunscoile a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
Meastar gur múinteoir láncháilithe thú má:
- Tá Cáilíocht aitheanta oideachais múinteora déanta agat agus clár ionduchtúchán aitheanta curtha i gcrích agat, agus
- Is féidir leat litir oifigiúil a chur ar fáil ón gcomhlacht ábhartha clárúcháin múinteoirí bunscoile nó ón Údarás Inniúil nó ón Aireacht Oideachais a dhearbhaíonn go n-aithnítear tú mar mhúinteoir láncháilithe sa tír sin. Is gníomhaireacht í an tÚdarás Inniúil atá ceaptha ag an Stát le bheith freagrach as cáilíochtaí, le haghaidh clárúcháin agus/nó cleachtadh i ngairm a fhaomhadh. Is féidir teacht ar liosta d’Údaráis Inniúla anseo.
An Chomhairle measúnú ar do cháilíocht chun a chinntiú go bhfuil sé ar chaighdeán inchomparáide le cáilíochtaí atá gnóthaithe ag céimithe clár creidiúnaithe i bPoblacht na hÉireann.
Más rud é go mbíonn difríochtaí suntasacha i gceist (easnaimh cháilíochta), cuirfear coinníollacha i bhfeidhm ar do chlárú.
De réir Threoir 2005/6/CE ón AE, próiseáiltear gach iarratas ó mhúinteoirí a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann ar bhonn indibhidiúil agus ar an mbealach céanna, is cuma cé acu an bhfuil siad cáilithe laistigh nó lasmuigh den AE.
Baineann trí chéim leis an bpróiseas clárúcháin:
- Iarratas
- Measúnú
- Clárú
Ionduchtú Múinteoirí
Más riachtanas é ionduchtú múinteoirí chun aitheantas iomlán a fháil mar mhúinteoir sa tír inar cháiligh tú, ní mór duit fianaise ionduchtaithe a chur isteach le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chlárú faoin bpróiseas caighdeánach iarratais.
MURA BHFUIL ionduchtú múinteora críochnaithe agat, d’fhéadfá a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar chlárú faoin bhForáil faoi Cheangal Ama nuair a osclaítear le haghaidh iarratas é.
1. Iarratas
Iarratas Comhlánaithe agus Éifeachtach a chinntiú
- Braitheann an próiseas measúnaithe cáilíochtaí ar na doiciméid a chuireann tú ar fáil.
- Cuirtear ar chumas na Comhairle Múinteoireachta cinneadh a dhéanamh gan aon mhoill, nuair a chuirtear an fhianaise ar fáil a thaispeánfaidh conas a chomhlíon tú an caighdeán riachtanach.
- Ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an tairseach Mo Chlárúcháin agus ‘Iarratais’ a roghnú.
Céimeanna chun iarratas a dhéanamh
- Ullmhaigh Do Dhoiciméid
a) Sábháil na doiciméid riachtanacha go léir mar chomhaid leictreonacha.
b) Úsáid comhadainmneacha soiléire ábhartha (e.g. Transcript.pdf).
- Cabhróidh ainm cruinn do chomhad le d’iarratas a phróiseáil ar bhealach níos gasta agus níos éifeachtúla.
- Comhlánaigh d’Iarratas Ar Líne
a) Féach na Treoirlínte Iarratais do Mhúinteoirí Bunscoile le haghaidh tuilleadh sonraí.
b) Comhlánaigh an fhoirm iarrtais ar líne.
c) Uaslódáíl do dhoiciméíd.
d) Íoc an costas clarúcháin.
- Sábháil agus Cur Isteach
a) Is féidir leat d’iarratas a shábháil agus filleadh air níos déanaí.
b) Tá trí mhí agat chun d’iarratas a chomhlánú agus a chur isteach.
c) Mura bhfuil d’iarratas comhlánaithe laistigh de trí mhí, scriosfar é.
I ndiaidh é a chur isteach
- Gheobhaidh tú ríomhphost deimhnithe nuair a chuirtear d’iarratas isteach.
- Má tá aon cháipéisí ar iarraidh, déanfaimid teagmháil leat trí ríomhphost.
- D’fhéadfadh go dtógfadh an phróiseáil suas le 12 sheachtain ón dáta a bhfaighimid na doiciméid riachtanacha go léir.
Iarraimid go cineálta ort gan ríomhphost a sheoladh le haghaidh nuashonruithe stádais mar go bhféadfadh sé seo moill a chur ar an bpróiseáil d’iarratais. Má tá aon eolais sa bhreis ag teastáil, déanfaimid teagmháil díreach leat.
Eolas tábhachtach
Aistriúchán ar Cháipéisí
- Ní mór duit de gach doiciméad a chur ar fáil i mBéarla nó i nGaeilge.
- Mura bhfuil doiciméad i mBéarla nó i nGaeilge, ní mór duit aistriúchán deimhnithe a sholáthar.
- Caithfidh an t-aistriúchán a bheith stampáilte go hoifigiúil ag ceann amháin díobh seo a leanas:
- Aistritheoir creidiúnaithe
- Ambasáid nó oifigeach consalachta atá líofa sa dá theanga
- Léachtóir teanga ollscoile
- Ní mór ainm agus seoladh an aistritheora a chur san áireamh lena fhíorú.
Féin-Aistriúcháin
- Féadfaidh tú na doiciméid a aistriú tú féin, ach caithfidh aistritheoir oifigiúil iad a fhíorú agus a stampáil.
Costais Aistriúcháin a Íoslaghdú
- Chun cabhrú le hiarratasóirí agus costais aistriúcháin a laghdú, féadfaidh tú faisnéis achomair a sholáthar ar na modúil atá liostaithe ar do chuid tras-scríbhinní.
- Déan aibhsiú ar na míreanna de lámhleabhar an chúrsa atá aistrithe agus ceangail na haistriúcháin ábhartha.
Cad is Tuairisceoir Modúil ann?
I dtíortha áirithe, is féidir go dtabharfar Treoracha Teagaisc ar thuairisceoirí modúil freisin. Is éard is tuairisceoir modúil ann ná achoimre ghairid ar mhodúl agus ar na príomhghnéithe a bhaineann leis. Ba cheart a bheith san áireamh:
- Achoimre ar ábhar an mhodúil
- Cur síos ar conas a sheachadtar ábhar an mhodúil
- Cur síos ar conas a mheastar ábhar an mhodúil
- Na torthaí foghlama a bhaineann leis an modúil
- Aon tréimhsí socrúchán scoile maoirsithe/ cleachtadh múinteoireachta maoirsithe
Tábhachtach: Tá measúnuithe bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an t-iarratasóir amháin. Is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go mbíonn go leor sonraí i ngach tuairisceoir modúil le haghaidh measúnaithe.
2. Measúnú
Is é Painéal na gCáilíochtaí atá comhdhéanta de chomhaltaí na Comhairle Múinteoireachta nó in imthosca áirithe, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta a chinneann an t-iarratas.
Ag clárú le coinníollacha
- Más rud é go n-aithnítear difríochtaí suntasacha idir do cháilíochtaí agus na riachtanais cháiliúcháin i bPoblacht na hÉireann, d’fhéadfadh coinníollacha (easnaimh cháilíochta) a chur i bhfeidhm ar do chlárúchán.
- Má tá do chlárú faoi réir coinníoll amháin nó níos mó, nó má dhiúltaítear d’iarratas, cuirfimid in iúl duit trí ríomhphost le sonraí an chinnidh.
- Tá an ceart agat athbhreithniú a lorg ar chinneadh an Ghrúpa Athbhreithnithe Clárúcháin, laistigh de 21 lá ó chinneadh an Phainéil.
Riachtanas Gaeilge
- Gach iarratasóir a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann a rinne iarratas ar chlárú mar mhúinteoir bunscoile cuirfear Riachtanas Gaeilge ar a gclárúchán.
Coinníollacha clárúcháin a chríochnú
Is féidir leat na coinníollacha sin a chomhlíonadh ar do chlárú trí:
- Triail mhianaigh a chríochnú (modúl nó cúrsa staidéir ar leith), nó
- Múinteoireacht a dhéanamh i réimse an easnaimh (ar a dtugtar freisin mar thréimhse oiriúnaithe).
- De ghnáth beidh trí bliana agat chun na coinníollacha seo a chomhlíonadh.
- I gcúinsí áirithe, féadfar fadú a dheonú.
3. Clárú
Tabharfar an clárú chun críche ar an gcoinníoll gur comhlíonadh na riachtanais eile ar fad i ndáil leis an méid seo a leanas:
- Teistiméireacht faoi Charachtar
- Grinnfhiosrúchán
- Riachtanas an Bhéarla.