Cathain is féidir liom m’iarratas MNC a chur isteach?
Chomh luath agus a bhfuil do thorthaí deiridh curtha ar aghaidh chuig an gComhairle Múinteoireachta ag do sholáthraí cláir, gheobhaidh tú cuireadh ríomhphoist chun d’iarratas MNC a chur isteach. Braitheann am ceart an ríomhphoist seo ar an uair a aistreoidh do sholáthraí cláir do chuid torthaí, ach is féidir le tromlach na MNCanna a bheith ag súil le cuireadh ríomhphoist a fháil faoi lár mhí Iúil.
Ba mhaith liom a bheith cláraithe le teanga curaclaim iar-bhunscoile (lena n-áirítear an Ghaeilge) a mhúineadh. Cén fhianaise ar chóir dom a chur isteach le m’iarratas chun an inniúlacht teanga riachtanach a léiriú?
Ní mór do gach iarrthóir fianaise a chur ar fáil a léiríonn inniúlacht sa teanga. Is féidir an méid seo a léiriú trí fhianaise a chur ar fáil maidir le:
a) híosleibhéal2 ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha a bhaint amach ón institiúid ardoideachais a bhronn an cháilíocht ort.
nó
b) Seachas sin, is féidir le hiarrthóirí deimhniú a chur ar fáil maidir le híosleibhéal2 ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha a bhaint amach ó sholáthraí scrúdú teanga neamhspleách.
Ba mhaith liom a bheith cláraithe le teanga curaclaim iar-bhunscoile (lena n-áirítear an Ghaeilge) a mhúineadh. Cén fhianaise ar chóir dom a chur isteach le m’iarratas chun eispéiris tumoideachais a tugadh chun críche a léiriú?
Iarrtar ar iarrthóirí ar mian leo clárú le teanga churaclaim fianaise infhíoraithe d’eispéireas tumoideachais sa teanga sin a sholáthar. Is féidir é seo a dhéanamh in dhá bhloc, agus gach bloc dhá sheachtain fada ar a laghad. Ní mór do cheann amháin de na bloic seo a bheith i suíomh ina bhfuil an teanga mar phríomhtheanga an phobail sa réigiún/tír.
Ní mór ceann amháin de na míreanna seo a leanas a bheith i gceist leis an taithí ar thumoideachas:
- freastal ar chúrsa teanga
- a bheith ag obair mar bhall foirne i suíomh oideachasúil
- tionscadal taighde gníomhaíochta a bhaineann lena léann teagaisc a dhéanamh
- socrúchán Scoile a dhéanamh.
Gheobhaidh tú treoirnóta anseo maidir le Taithí Thumoideachais.
Má chuirim siar/má theipeann orm i modúil, an féidir liom clárú mar MNC fós?
Má tá tú ag déanamh scrúduithe in athuair agus ag dul trí Bhoird Scrúduithe an Fhómhair, ní bheidh tú in ann leas a bhaint as an bpróiseas clárúcháin mear MNC. Ar do thorthaí a fháil, féadfaidh tú iarratas a chur isteach tríd an bpróiseas clárúcháin caighdeánach tríd an bhfoirm iarratas ar líne REG-01 a chomhlíonadh ar do thairseach Mo Chlárúchán ag www.teachingcouncil.ie.
Chaill mé spriocdháta mo sholáthróra cúrsa maidir le toiliú a thabhairt chun mo shonraí a aistriú chuig an gComhairle Múinteoireachta. Conas a dhéanaim iarratas ar chlárú mar MNC?
Mura bhfuil do thoiliú tugtha agat go n-aistreofaí do chuid sonraí chugainn, ní bheidh tú in ann leas a bhaint as an bpróiseas clárúcháin mear MNC. Beidh ort iarratas a dhéanamh le haghaidh clárúcháin tríd an bhfoirm ar líne REG-01 ar do thairseach Mo Chlárúchán ag www.teachingcouncil.ie.
Tá mo dháta athnuachana le haghaidh clárúcháin do Bhealach 3/Bhealach 5 le linn an tsamhraidh. Ar chóir dom íoc as mo tháille athnuachana sula gcuirim isteach m’iarratas MNC le haghaidh clárúcháin do Bhealach 1/Bhealach 2?
Ba chóir. Ba chóir duit iarratas a dhéanamh maidir le do chlárú a athnuachan trí do chuntas Mo Chlárúchán.
Mura ndéanann tú do chlárúchán a athnuachan, bainfear tú ón gclár agus beidh ort an táille chlárúcháin thosaigh €90 a íoc nuair a dhéanann tú iarratas filleadh ar an gclár.
Agus tú bainte, ní bhfaighidh tú tuarastal ón Roinn Oideachais nó ó Bhoird Oideachais agus Oiliúna.
Cathain is féidir liom m’iarratas a chur isteach?
Más rud é gur thug tú toiliú do do sholáthraí cúrsa chun do thorthaí deiridh a aistriú chuig an gComhairle Mhúinteoireachta, ba chóir go bhfaighfeá cuireadh ríomhphoist maidir le d’iarratas MNC a chur isteach go luath i mí Iúil.
Cathain a dhúnfar an próiseas clárúcháin mear MNC?
Ní mór do gach iarratas MNC ar líne a bheith curtha isteach roimh 30 Meán Fómhair 2025. Más mian leat clárú leis an gComhairle i ndiaidh Meán Fómhair, is féidir iarratas a chur isteach tríd an bpróiseas clárúcháin caighdeánach agus an fhoirm iarratais ar líne REG-01 a chomhlíonadh.
Tá m’iarratas MNC curtha isteach agam, cé chomh fada agus a thógfaidh sé sula mbeidh m’uimhir Chomhairle Múinteoireachta agam?
Is féidir go dtógfaidh an próiseas iarratais MNC suas le 4 sheachtain i ndiaidh an dáta a fuarthas na cáipéisí riachtanacha uile. Nuair a bheidh d’iarratas tugtha chun críche, gheobhaidh tú ríomhphost ag cur in iúl duit go bhfuil tú cláraithe.
Thug mé toiliú do mo choláiste mo thorthaí deiridh a aistriú chuig an gComhairle Mhúinteoireachta ach tá mé fós cláraithe faoi Bhealach 3 nó Bhealach 5, an féidir an méid seo a nuashonrú?
Más rud é gur thug tú toiliú chuig do choláiste, beidh cuireadh faighte agat ón gComhairle Mhúinteoireachta chun iarratas mear MNC ar líne a chur isteach chun do chlárúchán sa bhealach a bhfuil do cháilíocht bainte amach agat ann a nuashonrú. Féach ar an gcuireadh ríomhphoist don nasc chuig an bhfoirm ar líne.