
Le BEACONS, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag treorú grúpa an-éagsúil páirtithe leasmhara atá ag iniúchadh bealaí úra chun tacú le breis comhráite, comhráite níos fearr, idir múinteoirí, tuismitheoirí, scoláirí agus daltaí ag leibhéal an phobail áitiúil. Is é an sprioc atá ann, sraith samhlacha a fhorbairt a bhféadfadh scoil roghnú astu agus a chur in oiriúint dá riachtanais féin, bunaithe ar chroíphrionsabail BEACONS atá i mbun forbairt i gcónaí. Is é an aidhm leis an obair sin, rannpháirtíocht níos fearr a éascú idir pobail áitiúla agus próisis chomhairliúcháin náisiúnta maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an leas coiteann agus ar díol tábhachta iad don phobal i gcoitinne.
Bhí BEACONS i measc 18 dtionscadal a fuair maoiniú ó Chiste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí in 2019. Is iad an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá i gceannas ar an gciste sin agus ar an líonra nuálaíochta.