Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Tá lúcháir ar an gComhairle Mhúinteoireachta a bheith in ann a fhógairt go bhfuil Michelle Keane tofa ina Cathaoirleach ag an gComhairle.

Toghadh Michelle Keane ar an gComhairle Mhúinteoireachta in 2020. Fuair sí a Céim Baitsiléir in Oideachas ó Choláiste Oideachais Naomh Padraig (OCBÁC) agus Céim Máistir in Oideachais ina dhiaidh sin ón Ollscoil Oscailte. Mhúin sí ar feadh 35 bliana i ngach cineál suímh bunscoile, an ceann is déanaí mar Phríomhoide ar Bhunscoil Shinsearach Naomh Pádraig, Na Sceirí.

Bhí Michelle ina ball gníomhach de Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) le linn réim a gairme agus í ina Cathaoirleach ar choiste Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha Chumann Múinteoirí Éireann ar feadh trí bliana.  Shuigh sí ar an bhFóram Bunoideachais mar ionadaí na bpríomhoidí ar feadh dhá bhliain agus bhí sí ina comhalta de Bhord Comhairleach Ollscoil Chathair Bhaile Atha Cliath maidir le Socrúcháin Scoile

Bhí an-bhaint ag Michelle leis an treoirthionscadal le haghaidh Droichead agus shuigh sí mar bhall seachtrach de na Foirne Gairmiúla Tacaíochta an t-am sin. Bhí sí ina comhalta de Choistí Oideachais agus Imscrúdaithe na Comhairle Múinteoireachta go dtí gur ceapadh ina Cathaoirleach í.

Is as Whitehall do Michelle agus tá cónaí uirthi faoi lathair i Steach Maoilín, Contae na Mí. Tá sí pósta ar Pheadar agus tá mac aici, Cillian, agus iníon, Aisling.

Tar éis di a bheith tofa mar Chathaoirleach ar an gComhairle Mhúinteoireachta, bhí an méid seo le rá ag Michelle:

“Is mór an onóir dom, agus tá mé go mór faoi chomaoin as a bheith tofa i ról chomh tábhachtach.

“Is é seo an fhís atá agam don Chomhairle, go leanfaidh sí de bheith ag seasamh leis an ionracas agus le hardchaighdeáin ghairm na múinteoireachta, gairm a gcreidim go diongbháilte inti, agus le linn dom a bheidh mé ag obair i ndlúthchomhar leis an Stiúrthóir Gníomhach, an Leas-Stiúrthóir Gníomhach, na comhaltaí eile ar an gComhairle agus foireann uile na Comhairle, creidim go gcuirfear ar chumas na Comhairle a thuilleadh fáis a dhéanamh, dul i bhfeidhm ar an mbeartas rialtais, múinteoirí den scoth a mhealladh agus a choinneáil, tacú lenár ngairm, agus a thuiscint ag an am céanna go bhfuil oibleagáidí rialála orainn.

“Creidim go láidir i gcumhacht ár gcórais oideachais chun athruithe dearfa a dhéanamh ar son mhuintir na tíre.

‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’.

“Thar ceann na Comhairle Múinteoireachta, tugaim aitheantas ó chroi don obair iontach a rinne Seán Mc Mahon, an Cathaoirleach atá ag dul as oifig, agus Noelle Moran, an Leaschathaoirleach atá ag dul as oifig, agus tugaim aitheantas dá ndílseacht agus dá dtiomantas dár ngairm, agus don Chomhairle le linn dóibh a bheith in oifig, agus guím gach rath orthu go pearsanta agus ina ngairm amach anseo.”

Tá 37 gcomhalta ar an gComhairle Mhúinteoireachta, lena n-áirítear 16 chomhalta ó ghairm na múinteoireachta (bunoideachas agus iar-bhunoideachas) arb iad na múinteoirí cláraithe a thoghann go díreach iad, mar aon le hainmnithe na nInstitiúidí Ardoideachais, cheardchumainn na múinteoirí, bhainistíocht scoileanna, chomhairlí tuismitheoirí, IBEC agus ICTU, agus ainmnithe an Aire.

Tá ballraíocht reatha na Comhairle (comhaltaí nuacheaptha san áireamh) le feiceáil anseo.

Fáiltíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta roimh Ann Mulcahy, an Leaschathaoirleach nua, agus roimh na comhaltaí nuacheaptha, ceathrar déag, ar an gComhairle agus súil in airde againn lena gcuid oibre chun caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialáil.

Guíonn comhaltaí na Comhairle agus Phil Fox, an Stiúrthóir Gníomhach, gach rath ar an gCathaoirleach, an Leaschathaoirleach agus comhaltaí nua na Comhairle ina róil.

Comhaltaí nua na Comhairle a ceapadh ar an 4 Aibreán 2022

  • Ms Sinead Brett Nominee – CPSMA
  • Mr Eamon Dennehy Nominee – ASTI
  • Dr Niamh Dennehy Nominee – UCC
  • Ms Mai Fanning Nominee – NPC – Post-primary
  • Ms Niamh Hourigan Nominee – MIC
  • Ms Anne Loughnane Nominee – ASTI
  • Ms Áine Lynch Nominee – NPC- Primary
  • Ms Mary Magner Nominee – INTO
  • Mr Fergal McCarthy Nominee – ACCS
  • Ms Catherine Moynihan Nominee – JMB*
  • Mr Seán Ó hArgáin Nominee – Gaeloideachas
  • Mr Liam Ó Néill Nominee – Ministerial Appointee
  • Prof Teresa O’Doherty Nominee – MIE
  • Mr David O’Sullivan Nominee – INTO
  • Athcheapadh Catherine Moynihan.
  • Athcheapadh Sinéad Brett.