Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Mar thoradh ar an leasú tá múinteoirí faoi oiliúint ar éirigh leo an chéad dá bhliain a chur i gcrích de chlár Oideachas Tosaigh Múinteoirí fochéime, creidiúnaithe (bunscoil agus iar-bhunscoil) in ann iarratas a dhéanamh ar chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Is féidir féachaint ar chóip den leasú go mion anseo (béarla) (PDF).

Tá tús curtha anois ar an bpróiseas iarratais don bhealach clárúcháin seo, is é sin ‘Bealach 5 – Múinteoirí faoi Oiliúint’. Gheobhaidh múinteoirí faoi oiliúint incháilithe ríomhphost ina mbeidh cuireadh tugtha dóibh clárú a dhéanamh sna laethanta amach romhainn. Nuair atá an clárú curtha i gcrích, eiseofar Deimhniú Clárúcháin.

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin bpróiseas anseo.