Aistrigh:
Gaeilge
English

Foilsithe

Beidh FÉILTE ar siúl sa Helix, ar an 1 Deireadh Fómhair agus beidh sé oscailte do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne. Bígí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teagasc!

Beidh FÉILTE, Féile bhliantúil Oideachais i mBarr Feabhais na Foghlama agus an Teagaisc na Comhairle Múinteoireachta ar ais i mBaile Átha Cliath do 2022. Beidh an fhéile ar siúl Dé Sathairn, 1 Deireadh Fómhair 2022 sa Helix, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus ar líne. Is é téama FÉILTE na bliana seo ná Meas, Cuimhneamh, Machnamh agus Athshamhlú.

Beidh an bhliain seo níos speisialta fós agus an Chomhairle Mhúinteoireachta ag ceiliúradh deich mbliana de FÉILTE, a dhéanfaidh nuálaíocht agus obair chruthaitheach múinteoirí agus ceannairí scoile ar fud phobal uile na scoile a cheiliúradh.

Tugann FÉILTE deis do mhúinteoirí modheolaíochtaí teagaisc, acmhainní, smaointe, taighde agus nuálaíochtaí sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú a roinnt. D’fhás sé ó fhreastal 150 duine in 2012, le bheith ar cheann de na tionóil oideachais is mó de mhúinteoirí in Éirinn, lena n-áirítear oideachas bunscoile, iar-bhunoideachas agus ag breisoideachas.

Ar an lá beidh réimse díospóireachtaí phainéil ann a dhéanfaidh cíoradh ar na saincheisteanna atá roimh mhúinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí. Déanfaidh Phil Fox, Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta, modhnóireacht ar dhíospóireacht phainéil bheo ar théama na bliana seo “Meas, Cuimhneamh, Machnamh agus Athshamhlú”. Ag díospóireacht phainéil eile um thráthnóna arna éascú ag síceolaí, colúnaí agus ranníocóir sna meáin; Déanfaidh Allison Keating Folláine sa Seomra Foirne a phlé.

Arís eile, tá FÉILTE i gcomhpháirtíocht leis an Ionad Ceannaireachta Scoile (CSL), agus cuirfear béim ar leith ar an gCeannaireacht Bunscoile. Déanfaidh painéal Bualadh le Mac Léinn ar a bhfuil múinteoirí agus príomhoidí nuacháilithe bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideachais Eispéireas an Mhúinteora Faoi Oiliúint – Deis Scoile Uile a chíoradh freisin.

Beidh sárthaispeántas ann freisin ag an imeacht ina mbeidh 30 sampla de scoth an teagaisc ar taispeáint agus beidh ceardlanna idirghníomhacha agus cás-staidéir ar rannpháirtíochtaí comhoibríocha teagaisc ann lena chois sin. Roghnaíodh na sárthaispeántais ó níos mó ná 90 iarratasóir agus tá siad eiseamláireach de na caighdeáin barr feabhais agus gairmiúlachta is airde i gcleachtas teagaisc.  Is é Cumann Ceoil na Múinteoirí a chuirfidh an tsiamsaíocht ar fáil ar an lá.

Agus sonraí á bhfógairt aici, dúirt Michelle Keane, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta:     

“Tabharfaidh FÉILTE deis dúinn a bheith ag éisteacht le daoine spreagúla agus tuiscint a fháil ar a gcuid mothúcháin agus ar a gcuid smaointe. I bhfianaise thréimhse COVID-19 nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus an tionchair a bhíonn aige ar an bhfoghlaim, is am iontach é anois chun an cuspóir, na próisis agus na scileanna a bhaineann leis an teagasc a chíoradh in athuair agus a athshamhlú agus tús áite a thabhairt do chúram agus do chomhoibriú ag an am céanna.

“Tá an-áthas orainn i mbliana Declan Coyle a bheith mar aoichainteoir againn. Is ceannaire fíorspéisiúil é Declan, agus cainteoir a chuireann smaointeoireacht na gluaiseachta glaise chun cinn, rud a chuireann ar chumas daoine eile a bheith spreagúil agus inspioráideach. Tá an-áthas orainn freisin fáilte a chur roimh Bernie McNally, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, a thabharfaidh aitheasc oscailte.

“Bainfidh rannpháirtithe taitneamh freisin as na himeachtaí, na ceardlanna, na sárthaispeántais agus na díospóireachtaí beo painéil beo is rogha leo, lena chois sin beidh deis acu bualadh le múinteoirí eile, le múinteoirí faoi oiliúint agus le ceannairí scoile i dtimpeallacht atá deartha chun malartú scéalta agus dearcthaí eisceachtúla a chothú.

Dúirt Phil Fox, Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta:  

“Le roinnt blianta anuas tugadh oscailt súl ar go leor bealaí éagsúla. Tháinig an pobal oideachais ar réitigh chruthaitheacha chun leanúnachas agus saibhreas a chinntiú i dtaca le hoideachas na scoláirí agus a saolta scoile. Sin an fáth a bhfuil ‘Meas, Cuimhneamh, Machnamh agus Athshamhlú’ againn mar théama na bliana seo; téama atá oiriúnach chun deich mbliana de FÉILTE a chomóradh, ag tabhairt eispéiris chomhroinnte chun na féile, ag foghlaim óna chéile agus ag déanamh ceiliúradh ar éachtaí na múinteoirí ag an am céanna.”

“I mbliana, tar éis dúinn a bheith ar líne ar feadh dhá bhliain, tá ríméad orainn imeacht a chur le chéile ina mbeidh idir dhaoine ar an láthair agus daoine ar bheoshruth linn. Is ócáid iontach eile é FÉILTE 2022 a roinnfidh agus a léireoidh an tallann eisceachtúil atá ann i ngairm na múinteoireachta agus a thabharfaidh deis dúinn go léir teacht ar ais le chéile agus smaointe agus taithí a roinnt. Ba mhaith linn go ndéanfadh FÉILTE ceiliúradh ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim iontach atá ar siúl i mbunscoileanna, in iar-bhunscoileanna agus ag leibhéal an bhreisoideachais trí chéile in Éirinn.”

Is féidir tuilleadh eolais a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig communications@teachingcouncil.ie   

Lean @TeachingCouncil agus @FEILTE ar Twitter agus glac páirt sa chomhrá trí úsáid a bhaint as #FEILTE.